Language of document :

Ordú Leas-Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 22 Nollaig 2023 – Mazepin v An Chomhairle

(Cás T-743/22 R IV) 

(Faoiseamh eatramhach – An comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad – Reo na gcistí agus acmhainní eacnamaíocha maidir leo – Iarratas ar bhearta eatramhacha – Do-ghlacthacht pháirteach – Fumus boni juris – Práin – Leasanna a chothromú))

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Nikita Dmitrievich Mazepin (Moscó, an Rúis) (ionadaithe: D. Rovetta, M. Campa, M. Moretto, V. Villante, T. Marembert agus A. Bass, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: J. Rurarz agus P. Mahnič, Gníomhairí)

Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: Poblacht na Laitvia (ionadaithe: J. Davidoviča agus K. Pommere, Gníomhairí)

Ábhar

Leis an gcaingean ar bhonn Airteagail 278 agus 279 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, go háirithe, faoi na coinníollacha céanna a leagtar síos in ordú an 19 Iúil 2023 Mazepin v An Chomhairle (T-743/22 R II, nár foilsíodh EU:T:2023:406), go bunúsach, go gcuirfí ar fionraí Cinneadh (CBES) 2023/1767 ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023, lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023, L 226, lch. 104), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1765 ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023, lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023, L 226, lch. 3), a mhéid a bhaineann siad leis, agus an Cinneadh, i litir ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh an 15 Meán Fómhair 2023, a ainm a choimeád ar liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach.

An chuid oibríochtúil

Cuirtear ar fhionraí oibriú chinneadh (CBES) 2023/1767 ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023, lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1765 ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023, lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a mhéid a choimeádadh ainm Nikita Dmitrievich Mazepin ar liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a chumhdaítear leis na beart sriantacha sin agus a mhéid is gá chun a chur ar a chumas a earcaíocht mar thiománaí gairmiúil Foirmle 1 nó mar thiománaí i gcraobhchomórtais mhótarspóirt eile atá ar siúl san Aontas Eorpach go hiomlán nó go páirteach a chaibidil, chomh maith le páirt a ghlacadh i Formula 1 Grand Prix, trialacha, seisiúin oiliúna agus seisiúin saor in aisce agus i gcraobhchomórtais eile mhótarspóirt, rásaí, trialacha, seisiúin oiliúna agus seisiúin saor in aisce a bheidh ar siúl san Aontas Eorpach. Chuige sin, ní údaraítear do Mazepin ach, ar an gcéad dul síos, teacht isteach san Aontas Eorpach chun comhaontuithe a chaibidil agus a thabhairt i gcrích le foireann rásaí nó le hurraitheoirí nach bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí Dmitry Arkadievich Mazepin nó le daoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil a n-ainmneacha ar na liostaí a leagtar amach sna hiarscríbhinní a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014, a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, agus Rialachán (AE) 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014, a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin ; ar an dara dul síos, teacht isteach san Aontas Eorpach chun páirt a ghlacadh mar thiománaí iomlána nó mar thiománaí cúltaca i gcraobhchomórtais Formula 1 den Fédération internationale de l’automobile (FIA) (Cumann Idirnáisiúnta Gluaisteán (FIA)) nó i gcraobhchomórtais eile, seisiúin oiliúna, trialacha nó seisiúin oiliúna agus i gcraobhchomórtais eile mhótarspóirt, chun athnuachan a dhéanamh ar a Shárcheadúnas freisin; ar an tríú dul síos, teacht isteach san Aontas Eorpach chun dul faoi na scrúduithe dochtúra a theastaíonn ón FIA nó óna fhoireann rása; ar an gceathrú dul síos, teacht isteach san Aontas Eorpach chun clár scrúduithe sláinte agus oiliúna a leanúint, lena n-áirítear ionsamhlóir; ar an gcúigiú dul síos, teacht isteach san Aontas Eorpach chun páirt a ghlacadh in imeachtaí rásaíochta, urraíochta agus cur chun cinn arna iarraidh sin dá fhoireann rásaí nó dá urraitheoirí; ar an séú dul síos, cuntas bainc a oscailt ina bhfuil tuarastal, bónais, sochair óna fhoireann rása a íoc leis; agus ar an seachtú sul síos, an cuntas bainc sin agus cárta creidmheasa a úsáid chun na costais sin a chlúdach a chuireann ar chumas tiománaí gairmiúil taisteal san Aontas Eorpach, comhaontuithe a chaibidil agus a thabhairt i gcrích le foireann rása nó le hurraitheoirí agus páirt a ghlacadh i gcraobhchomórtais, Grand Prix, rásaí, seisiúin oiliúna, tástálacha nó seisiúin saor in aisce i mBallstáit an Aontais Eorpaigh, agus chun clár scrúduithe sláinte agus oiliúna a leanúint.

I gcás ina n-earcófar é mar thiománaí Formula 1 nó mar thiománaí i gcraobhchomórtais mhótarspóirt eile a bheidh ar siúl san Aontas Eorpach freisin nó san Aontas Eorpach amháin, ní mór do Mazepin tabhairt faoin rás faoi bhratach neodrach agus an Gealltanas Tiomána a éilíonn an FIA chun na críche sin a shíniú.

Diúltaítear don chuid eile den iarratas ar bhearta eatramhacha.

Cuirtear ordú an 3 Deireadh Fómhair 2023, Mazepin v An Chomhairle (T-743/22 R III agus T-743/22 R IV), ar leataobh.

Forchoimeádtar na costais.

____________