Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 20 Nollaig 2023 – Yanukovych v an Chomhairle

(Cásanna T-262/21 agus T-256/22) 1

(Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide san Úcráin – Reo cistí – Liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha – Ainm an iarratasóra a choinneáil ar an liosta – Mí-leithreasú cistí de chuid Stát na hÚcráine – Airteagal 1(1) de Chinneadh 2014/119/CBES – Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 – Oibleagáid ar an gComhairle a fhíorú gur cinneadh údaráis de thríú Stát a glacadh i gcomhréir le cearta na cosanta agus leis an gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Viktor Fedorovych Yanukovych (Rostov-on-Don, an Rúis) (ionadaí: B. Kennelly, Abhcóide Sinsir)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: i gCás T-262/21, A. Boggio-Tomasaz, T. Haas agus S. Van Overmeire, Gníomhairí, agus, i gCás T-256/22, A. Boggio Tomasaz agus J. Rurarz, Gníomhairí)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, i gcás T-262/21, go gcuirfí Cinneadh (CBES) 2021/394 ón gComhairle an 4 Márta 2021 lena leasaítear Cinneadh 2014/119/CBES maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin (IO 2021 L 77, lch. 29), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/391 ón gComhairle an 4 Márta 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin (IO 2021 L 77, lch. 2), agus, i gcás T-256/22, Cinneadh (CBES) 2022/376 ón gComhairle an 3 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/119/CBES maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin (IO 2022) L 70, lch. 7), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/375 ón gComhairle an 3 Márta 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin (IO 2022 L 70, lch. 1), a mhéid a choimeádann na gníomhartha sin a ainm ar liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na bearta sriantacha sin, ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

Déantar Cásanna T-262/21 agus T-256/22 a uamadh chun críocha an bhreithiúnais.

Déantar Cinneadh (CBES) 2021/394 ón gComhairle an 4 Márta 2021 lena leasaítear Cinneadh 2014/119/CBES maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/391 ón gComhairle an 4 Márta 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin, chomh maith le Cinneadh (CBES) 2022/376 ón gComhairle an 3 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/119/CBES maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintiteas agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/375 ón gComhairle an 3 Márta 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin, a mhéid is go bhfuil ainm Viktor Fedorovych Yanukovych coimeádta ar liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na bearta sriantacha sin, a chur ar neamhní.

Ordaítear do Chomhairle an Aontais Eorpaigh na costais a íoc.

____________

1 IO C 278, 12.7.2021.