Language of document :

Iarratas ar údarú ordú gairnisí a sheirbheáil arna dhéanamh an 30 Samhain 2022 – Ntinos Ramon v an Coimisiún Eorpach

(Cás C-742/22 SA)

Teanga an cháis: an Ghréigis

Páirtithe

Iarratasóir: Ntinos Ramon (ionadaithe: Achilleas Dimitriadis agus Charalampos Pogiatzis, dikigoroi, agus Pavlos Eleftheriadis, Abhcóide)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg    

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

a ordú go dtarscaoilfí díolúine an Choimisiúin Eorpaigh, i gcomhréir le hAirteagal 1 de Phrótacal (Uimh. 7) ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, agus seirbheáil agus cur chun feidhme an ordaithe idirbhreithigh gairnisí ar thríú páirtí a údarú, ar eisigh Eparchiako Dikastirio Ammochostou (Cúirt Dúiche Famagusta, an Chipir) don Choimisiún Eorpach an 23 Meitheamh 2022 faoi réir a dhíolúine a tharscaoileadh agus a bhaineann leis na héilimh ar mhéid EUR 622 114.52 ag an Uasal Ramon i gcoinne Phoblacht na Tuirce, ar dheonaigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine don iarratasóir in 2010 ar an bhforas gur sáraíodh a chuid cearta lena mhaoin a choinneáil go neamhdhleathach ag údaráis na Tuirce;

aon bheart agus/nó cúiteamh eile a ordú a rialóidh an Chúirt gur cóir cothromasach é in imthosca an cháis;

a ordú don Choimisiún Eorpach na costais móide CBL a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Tá roinnt infháltais ag Poblacht na Tuirce atá neamhchonspóidithe, leachtach agus infhorfheidhmithe i gcoinne an Aontais Eorpaigh de réir na gcomhaontuithe airgeadais seo a leanas idir an tAontas Eorpach agus an Tuirc:

(a) Comhaontú Airgeadais 2018 maidir leis an “gClár Gníomhaíochtaí Ilbhliantúil don Tuirc 2018” an 6 Samhain 2019, arb ionann é agus EUR 98.4 milliún;

(b) Comhaontú Airgeadais 2019 maidir leis an “gClár Gníomhaíochtaí Ilbhliantúil don Tuirc 2019” an 4 Meitheamh 2020, arb ionann é agus EUR 157.7 milliún ar a mhéid;

(c) Comhaontú Airgeadais 2020 maidir leis an “gClár Gníomhaíochtaí Ilbhliantúil don Tuirc 2019” an 26 Márta 2021, arb ionann é agus EUR 122 milliún ar a mhéid.

Féachtar go háirithe leis an gcúnamh réamhaontachais cabhrú le Poblacht na Tuirce dul i dtreo athchóirithe a dhéanamh lena gcuirfear í ag teacht níos mó leis an acquis communautaire, lena n-áirítear urraim don smacht reachta agus cosaint chearta an duine.

Baineann an t-ordú gairnisí atá á lorg ag an iarratasóir le breithiúnas na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine an 26 Deireadh Fómhair 2010, Ramon v an Tuirc, (CE:ECHR:2010:1026JUD002909295) a chur chun feidhme agus is ionann é agus beart chun cearta an duine a chur chun cinn, a chosaint agus a urramú.

Ní chuirfear idir bhac ar fheidhmiú cuí an Aontais Eorpaigh nó srian ar a neamhspleáchas leis an ordú gairnisí i gcoinne na méideanna is iníoctha ag an Aontas leis an Tuirc. A mhalairt ar fad, cuirfear le baint amach ceann de na príomhchuspóirí leis an gcúnamh réamhaontachais a dheonófar don Tuirc, eadhon an smacht reachta a urramú agus cearta an duine a chosaint ag an Stát is iarrthóir ar aontachas don Aontas.

____________