Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Krajský soud v Brně (Poblacht na Seice) a taisceadh an 20 Meitheamh 2022 – CV v Ministerstvo vnitra České republiky, Odbor azylové a migrační politiky

(Cás C-406/22)

Teanga an cháis: an Seiceach

An chúirt a rinne an tarchur

Krajský soud v Brně

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: CV

Cosantóir: Ministerstvo vnitra České republiky, Odbor azylové a migrační politiky (Aireacht Intíre Phoblacht na Seice, An Roinn Beartais Tearmainn agus Imirce)

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.    Ar cheart na critéir maidir le hainmniú tíortha sábháilte tionscnaimh chun críocha Airteagal 37(1) de Threoir 2013/32/AE1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le nósanna imeachta coiteanna chun stádas cosanta idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar in Iarscríbhinn I. (b) a ghabhann leis – i.e., go dtugann an tír lena mbaineann cosaint ar ghéarleanúint agus drochíde trí urramú na gceart agus na saoirsí atá leagtha síos sa Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, go háirithe na cearta nach féidir maolú a dhéanamh orthu faoi Airteagal 15(2) den choinbhinsiún sin – a léirmhíniú sa chaoi, má tharraingíonn an tír siar óna gealltanais faoin gCoinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint le linn éigeandála faoi Airteagal 15 den Choinbhinsiún, nach gcomhlíonann sí a thuilleadh na critéir maidir le bheith ainmnithe mar thír shábháilte thionscnaimh?

2.    Ar cheart Airteagail 36 agus 37 de Threoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar Bhallstát tír sábháilte thionscnaimh a ainmniú go páirteach amháin, le heisceachtaí maidir le críocha áirithe nach mbeidh feidhm ag an toimhde go bhfuil an chuid sin den tír sábháilte don iarratasóir maidir leo, agus má ainmníonn an Ballstát tír le heisceachtaí críochacha mar seo mar thír shábháilte, nach féidir mar sin an tír lena mbaineann a mheas mar thír shábháilte thionscnaimh chun críche na Treorach?

3.    Má tá freagra dearfach ar cheann den dá cheist sin, ar cheart Airteagal 46(3) de Threoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, i gcomhar le hAirteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a léirmhíniú sa chaoi nach mór do chúirt a dhéanfaidh cinneadh maidir le hachomharc i gcoinne an chinnidh go bhfuil an t-iarratas gan bhunús go follasach, de bhun Airteagal 32(2) den Treoir sin, arna eisiúint in imeachtaí arna seoladh de bhun Airteagal 31(8)(b) den Treoir sin, a chur san áireamh. ex officio go bhfuil ainmniú na tíre mar thír shábháilte contrártha do dhlí an Aontais, mar gheall ar na cúiseanna a luaitear thuas, gan ghá don iarratasóir agóid a dhéanamh?

____________

1 IO 2013 L 180, lch. 60.