Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Juzgado de lo Mercantil nº 1 de Zaragoza (an Spáinn) a taisceadh an 12 Eanáir 2024 – CP v Nissan Iberia SA

(Cás C-21/24)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Juzgado de lo Mercantil nº 1 de Zaragoza

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: CP

Cosantóir: Nissan Iberia SA

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An bhfuil bunús dlí i ndlí an Aontais leis an idirdhealú idir an fhéidearthacht agus an oibleagáid caingean a thabhairt chun cúiteamh a ghnóthú as sárú iomaíochta nó, mar mhalairt air sin, an bhfuil a leithéid de chaingean le tabhairt ag an duine a ndearnadh díobháil dó ar a fhios a fháil go ndearnadh díobháil dó, nó nuair atá an fios sin infhaighte dó go réasúnta, mar gheall ar an sárú sin agus mar gheall ar chéannacht dhéantóir an tsáraithe araon, ar dá réir a chuirtear tús leis an tréimhse teorann?

Chun caingean a thabhairt chun cúiteamh a ghnóthú os comhair an údaráis bhreithiúnaigh, an gá fanacht go dtiocfaidh an pionós chun críochnaitheachta ó thaobh an dlí de nó, mar mhalairt air sin, i gcás ina bhfuil fhaisnéis ar chéannacht dhéantóirí an tsáraithe lena mbaineann, ar a fhad agus ar na táirgí lena mbaineann an sárú sin, i gcinneadh an údaráis iomaíochta, arna fhoilsiú ina iomláine, an gá glacadh leis go bhfuil caingean intugtha os comhair na gcúirteanna chun cúiteamh a ghnóthú agus go gcuirtear tús leis an tréimhse teorann?

Chun críocha thús na tréimhse teorann, an gá caitheamh le foilsiú an phionóis iomláin ar láithreán gréasáin oifigiúil agus poiblí an údaráis iomaíochta mar a chaitear le foilsiú achoimre an chinnidh ón gCoimisiún [Eorpach] in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh [ag féachaint dó] nach bhfoilsítear cinntí an údaráis iomaíochta ach ar an láithreán gréasáin oifigiúil?

____________