Language of document :

Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 28 Meitheamh 2022 – an Coimisiún Eorpach v Ríocht na Spáinne

(Cás = "n" "Case"  IF = "o" "Joined Cases" C-278/20) 1

(Mainneachtain Bhallstáit ina chuid oibleagáidí a chomhlíonadh — Dliteanas na mBallstát i leith damáiste a rinneadh do dhaoine príobháideacha mar gheall ar sháruithe ar dhlí an Aontais — Sárú ar dhlí an Aontais atá inchurtha i leith an reachtóra náisiúnta — Sárú ar Bhunreacht Ballstáit atá inchurtha i leith an reachtóra náisiúnta — Prionsabal an chomhionannais agus prionsabal na héifeachtachta)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (arna ionadú ag J. Baquero Cruz, I. Martínez del Peral agus P. Van Nuffel, i gcáil Gníomhairí)

Cosantóir: Ríocht na Spáinne (arna hionadú ag L. Aguilera Ruiz, S. Centeno Huerta, A. Gavela Llopis agus J. Rodríguez de la Rúa Puig, i gcáil Gníomhairí)

An chuid oibríochtúil

Rinne Ríocht na Spáinne mainneachtain ina cuid oibleagáidí de bhun phrionsabal na coibhéise agus phrionsabal na héifeachtachta trí Airteagal 32(3) go (6) agus an dara fomhír d’Airteagal 34(1) de Ley 40/2015 de Régimen Jurídico del Sector Público (Dlí 40/2015 maidir le córas dlíthiúil na hearnála poiblí) an 1 Deireadh Fómhair 2015, agus an tríú fomhír d’Airteagal 67(1) de Ley 39/2015 del Procedimiento Administrativo Común de las Administraciones Públicas (Dlí 39/2015 maidir le nós imeachta riaracháin choitinn an riaracháin phoiblí) an 1 Deireadh Fómhair 2015 a ghlacadh agus a choinneáil i bhfeidhm, sa chaoi go gcuirtear leis na forálacha sin cúiteamh damáiste a rinne an reachtóir Spáinneach do dhaoine príobháideacha mar gheall ar shárú a dhéanamh ar dhlí an Aontais faoi réir:

an choinníll gurb ann do chinneadh ón gCúirt lena ndearbhaítear go bhfuil an riail le stádas dlí a chuirtear i bhfeidhm ar neamhréir le dlí an Aontais;

an choinníll go mbeadh cinneadh cinntitheach faighte ag an duine príobháideach dá ndearnadh damáiste, ó chúirt ar bith, lena ndiúltaítear do chaingean a tionscnaíodh i gcoinne an ghnímh riaracháin ba chúis leis an damáiste, gan foráil d’eisceacht i gcásanna ina leanann an damáiste go díreach ó ghníomh nó neamhghníomh den reachtóir, atá ar neamhréir le dlí an Aontais, agus nach bhfuil aon ghníomh riaracháin ann gur féidir agóid a dhéanamh ina choinne;

teorann ama d’urchosc reachta de bhliain amháin ó fhoilsiú chinneadh na Cúirte lena ndearbhaítear go bhfuil an riail le stádas dlí a chuirtear i bhfeidhm ar neamhréir le dlí an Aontais san Iris Oifigiúil, gan cásanna nach bhfuil ann do chinneadh den sórt sin a chumhdach, agus

an choinníll nach féidir ach damáiste a tharla sna cúig bliana roimh an dáta foilsithe sin a chúiteamh, mura bhforáiltear a mhalairt sa chinneadh sin.

Diúltaítear don chuid eile den chaingean.

Íocfaidh an Coimisiún Eorpach agus Ríocht na Spáinne a gcostais féin.

____________

1 IO C 271, 17.08.2020