Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 1 Márta 2024 ag an gCoimisiún Eorpach i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an tOchtú Dlísheomra, an Comhdhéanamh Leathnaithe) a tugadh an 20 Nollaig 2023 i gCás T-216/21, Ryanair agus Malta Air v an Coimisiún (Air France; COVID-19)

(Cás C-166/24 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. Flynn, J. Carpi Badía agus M. Farley, Gníomhairí)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Ryanair DAC, Malta Air ltd., Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na Fraince, Ríocht na hÍsiltíre, Air France-KLM, Société Air France

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt:

an t-achomharc a dheonú agus an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar ceal;

leas a bhaint as a cumhacht faoin dara habairt den chéad mhír d’Airteagal 61 de Reacht na Cúirte Breithiúnais chun breithiúnas críochnaitheach a thabhairt san ábhar;

de rogha air sin, an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta chun breithniú a dhéanamh ar na pléadálacha nach ndearnadh measúnú orthu cheana; agus

costais na n-imeachtaí reatha a fhorchoimeád, má tharchuireann sé an cás ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta, nó ordú a thabhairt do na freagróirí na costais a íoc, má thugann sé breithiúnas críochnaitheach ar an ábhar.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Maíonn an t-achomharcóir dhá shaincheist dlí.

Ar an gcéad dul síos, chuir an Chúirt Ghinearálta caighdeán mícheart i bhfeidhm chun a shainiú nuair nach bhfuil tairbhí cabhrach teoranta ach d’eintiteas amháin nó do roinnt eintiteas laistigh de ghrúpa corparáideach chun críocha rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le Státchabhair. Go háirithe, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus í ag cinneadh nach léiríonn tosca ach an méid seo a leanas: (i) mar ábhar ginearálta, is féidir le Air France-KLM, mar mháthairchuideachta deiridh, méid áirithe smachta a fheidhmiú ar Société Air France (Air France) agus ar Koninklijke Luchtvaart Maatschapij NV (KLM) agus ar a bhfochuideachtaí; agus (ii) go bhfuil méid áirithe comhtháthaithe, comhordaithe agus comhair ann idir Air France, Air France-KLM agus KLM, ba leor iad chun a léiriú gur bhain Air France-KLM agus KLM tairbhe iarbhír as an gcabhair – agus, dá bhrí sin, gur cheart iad a mheas mar thairbhí chun críocha rialacha an Aontais maidir le Státchabhair – i gcás ina gcuireann an t-ábhar beacht agus na téarmaí ar ar deonaíodh an chabhair cosc sainráite ar an gcabhair a úsáid chun tairbhe Air France-KLM agus KLM.

Ar an dara dul síos, chuir an Chúirt Ghinearálta a measúnú féin in ionad measúnú an Choimisiúin agus cinneadh á dhéanamh aici an bhfuil nó nach bhfuil ach cuideachtaí áirithe laistigh de Ghrúpa Air France-KLM ina thairbhí den bheart cabhrach – réimse atá aitheanta ag Cúirteanna an Aontais mar réimse a éilíonn measúnuithe eacnamaíocha casta, agus a bhfuil corrlach lánroghnach leathan ag an gCoimisiún ina leith – gan a shuí go leordhóthanach go raibh réasúnaíocht an Choimisiúin curtha ó bhail mar gheall ar earráid fhollasach measúnaithe.

____________