Language of document : ECLI:EU:C:2024:281

Cás C551/21

An Coimisiún Eorpach

v

Comhairle an Aontais Eorpaigh

 Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Mór-Dhlísheomra) an 9 Aibreán 2024

(Caingean le haghaidh neamhniú – Cinneadh (AE) 2021/1117 – Prótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht na Gabúine agus an Comhphobal Eorpach (2021-2026) – Síniú thar ceann an Aontais Eorpaigh – Institiúid atá inniúil chun an duine a ainmniú a bhfuil údarás sínithe aige – Airteagal 13(2) CAE – Teorainneacha na gcúraimí arna gcur orthu a chomhlíonadh ag gach institiúid – Comhar dílis idir institiúidí an Aontais Eorpaigh – Airteagal 16(1) agus (6) CAE – Cumhacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh beartais a shainiú agus gníomhaíocht sheachtrach an Aontais a mhúnlú – Airteagal 17(1) CAE – Cumhacht an Choimisiúin Eorpaigh ionadaíocht sheachtrach an Aontais a áirithiú – Airteagal 218 CFAE)

1.        Caingean le haghaidh neamhniú – Breithiúnas neamhnithe – Raon feidhme – Gníomh dhlí an Aontais a chur ar páirtneamhní – Coinníollacha – Inscarthacht ábhar inneamhnithe an ghnímh atá faoi chonspóid – Cinneadh ón gComhairle lena núdaraítear comhaontú idirnáisiúnta a shíniú – An cheist maidir le hainmniú an tsínitheora gan tionchar a imirt air ar chinneadh na Comhairle an comhaontú a fhormheas ná a ordú go gcuirfear i bhfeidhm go sealadach é – Inscarthacht

(Airteagal 263 CFAE)

(féach mír 29)

2.        Caingean le haghaidh neamhniú – Ábhar – Neamhniú páirteach – Coinníollacht – Inscarthacht na bhforálacha atá faoi chonspóid – Critéar oibiachtúil – Gan leasú a dhéanamh ar shubstaint an ghnímh atá faoi chonspóid– Coinníoll comhlíonta – Inghlacthacht

(Airteagal 263 CFAE; Cinneadh 2021/1117 ón gComhairle, Airteagail 1 go 4)

(féach míreanna 30-35)

3.        Caingean le haghaidh neamhniú – Coinníollacha maidir le hinghlacthacht – Caingean i gcoinne dhéantóir an ghníomh atá faoi chonspóid – Iarratas ar chinneadh ón gComhairle a chur ar neamhní lena núdaraítear comhaontú idirnáisiúnta a shíniú agus a chur i bhfeidhm go sealadach – Glacadh an chinnidh sin ag an gComhairle amháin – Inghlacthacht

(An chéad abairt agus an dara habairt d’Airteagal 263 CFAE)

(féach míreanna 36, 41)

4.        Imeachtaí cúirte – Iarratas ar imeachtaí a thionscnamh – Ceanglais nós imeachta – An cuspóir leis an díospóid a aithint – Ordú atá á lorg chun gníomh institiúide a chur ar neamhní – Gníomh atá mar chuid d’iomlán – Inghlacthacht

[Reacht na Cúirte Breithiúnais, Airteagal 21; Rialacha Nós Imeachta na Cúirte, Airteagal 120(c)]

(féach míreanna 39, 41)

5.        Comhaontuithe idirnáisiúnta – Comhaontuithe an Aontais – Caibidlíocht agus tabhairt i gcrích – Cinneadh ón gComhairle maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh leis an nGabún – Airteagal 218 CFAE – Leithdháileadh na ninniúlachtaí – Cúraimí ar leith a chur ar na hinstitiúidí difriúla – Lánchumhachtaí a eisiúint lena nainmnítear an duine atá údaraithe chun an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais Eorpaigh – Ionadaíocht sheachtrach an Aontais arna déanamh ag an gCoimisiún – Teorainneacha na gcúraimí arna gcur ar gach institiúid a chomhlíonadh – Éagmais – Neamhniú na forála i gceist de chinneadh na Comhairle agus an ghnímh ina dhiaidh sin ar ghlac an Chomhairle lena nainmnítear an duine atá údaraithe chun an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais

(Airteagail 16(1) agus (6) agus 17(1) CAE; Airteagal 218 (2) agus (5) CFAE; Cinneadh 2021/1117 ón gComhairle, Airteagal 2)

(féach míreanna 66, 67, 69, 71-73, 77, 85)

6.        Comhaontuithe idirnáisiúnta – Comhaontuithe an Aontais – Léiriú – Inniúlacht chúirteanna an Aontais – Coinníollacha – Comhaontuithe arna rialú leis an dlí idirnáisiúnta – Coinbhinsiún Vín maidir le Dlí na gConarthaí a chur i bhfeidhm – An coincheap lánchumhachtaí chun téacs conartha a ghlacadh nó a fhíordheimhniú – Dlí idirnáisiúnta an ghnáis


 

(féach míreanna 74-76)

7.        Comhaontuithe idirnáisiúnta – Comhaontuithe an Aontais – Caibidlíocht agus tabhairt i gcrích – Airteagal 218 CFAE – Leithdháileadh na ninniúlachtaí – Nós imeachta aontaithe agus ginearálta – Comhaontú an Aontais a shíniú nach dtagann faoin Comhbheartas eachtrach agus slándála ná faoi choincheap na gcásanna eile dá bhforáiltear leis na Conarthaí – Inniúlacht an Choimisiúin chun an comhaontú i gceist a shíniú

(Airteagal 17(1) CAE; Airteagal 218(5) CFAE)

(féach míreanna 79-81)

8.        Gníomhartha na ninstitiúidí – An nós imeachta um ghlacadh – Rialacha na gConarthaí – Éigeantacht – Cleachtas institiúide agus inniúlacht á feidhmiú – Easpa ábharthachta i leith rialacha an chonartha

(Airteagal 218 CFAE; Cinneadh 2021/1117 ón gComhairle, Airteagal 2)

(féach mír 82)

9.        Caingean le haghaidh neamhniú – Breithiúnas neamhnithe – Éifeachtaí – Srian arna chur ag an gCúirt – Éifeachtaí an ghnímh faoi chonspóid a choinneáil ar bun go gcuirfí gníomh ina ionad laistigh de thréimhse réasúnta – Údar a thabhairt ar fhorais na deimhneachta dlíthiúla

(An dara habairt d’Airteagal 264 CFAE; Cinneadh 2021/1117 ón gComhairle, Airteagail 1 agus 2)

(féach míreanna 86-89)


Résumé

Agus iarratas curtha faoina bhráid ag an gCoimisiún Eorpach ar Airteagal 2 de Chinneadh 2021/1117 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail maidir le Cur Chun Feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht na Gabúine agus an Comhphobal Eorpach (1) agus ainmniú an duine atá údaraithe chun an Prótacal sin a shíniú a chur ar neamhní, cuireann an Chúirt Bhreithiúnais, agus í ina suí mar Mhór-Dhlísheomra, an fhoráil sin mar aon leis an ainmniú ar bhonn na forála sin ar neamhní. Tugann sí dá haire go dtagraítear le hAirteagal 218(5) CFAE d’inniúlacht na Comhairle chun síniú agus cur i bhfeidhm sealadach comhaontaithe idirnáisiúnta a údarú, ach ní do shínitheoir an chomhaontaithe a ainmniú, ós inniúil an Coimisiún chun a áirithiú go síneofaí an comhaontú sin, de réir an séú habairt d’Airteagal 17(1) CAE. (2)

An 22 Deireadh Fómhair 2015, ar thogra ón gCoimisiún, ghlac an Chomhairle cinneadh lena n‑údaraítear don Choimisiún an chaibidlíocht a dhéanamh, thar ceann an Aontais, le Poblacht na Gabúine ar mhaithe le hathnuachan a dhéanamh ar an bPrótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Gabúine. Luadh in Airteagal 2 den Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail lena gcuirtear an Comhaontú chun feidhme, arna thíolacadh ag an gCoimisiún, gur bhunaigh Ardrúnaíocht na Comhairle ‘an ionstraim lán‑chumhachtaí lena n‑údarófar don duine arna shonrú ag an gCoimisiún an Prótacal sin a shíniú, faoi réir a thabhairt i gcrích’. Foráiltear dó le hAirteagal 2 de Chinneadh 2021/1117 go ‘[n‑]údarófar d’Uachtarán na Comhairle an duine nó na daoine a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige/acu an Prótacal a shíniú, thar ceann an Aontais. ’ Ó ba Phoblacht na Portaingéile a bhí i mbun uachtaránacht uainíochta na Comhairle san am, d’ainmnigh sí buanionadaí an Bhallstáit sin chun an Aontais Eorpaigh mar an duine atá údaraithe an Prótacal a shíniú thar ceann an Aontais. (3)

Iarrann an Coimisiún ar an gCúirt go gcuirfí ar neamhní Airteagal 2 de Chinneadh 2021/117 as siocair, go háirithe, Airteagal 17(1) CAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 13(1) agus (2) CAE, a shárú. (4)

Measúnú na Cúirte

Is é a thugann an Chúirt dá haire ar an gcéad dul síos ná, de réir leithdháileadh na n‑inniúlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 17(1) CAE agus Airteagal 218(2) agus (5) CFAE, go ndlitear ar an gComhairle, ar thogra ón idirbheartaí, síniú comhaontaithe idirnáisiúnta a údarú thar ceann an Aontais, agus é ina ghníomh a bhaineann le sainiú bheartais an Aontais agus le gníomhaíocht agus cumadh a ghníomhaíochta seachtraí, de réir an dara fomhír d’Airteagal 16(1) CAE agus an tríú fomhír d’Airteagal 6 CAE. Ní áirítear sa chinneadh lena n‑údaraítear comhaontú idirnáisiúnta a shíniú, áfach, an gníomh ina dhiaidh sin lena sínítear an comhaontú féin. Go deimhin, tá an síniú sin le cur air, agus údarás faighte, i ndiaidh na bearta go léir is gá a dhéanamh chuige sin, go háirithe i ndáil leis an tríú tír lena mbaineann. Áirítear ar na bearta sin lán‑chumhachtaí a eisiúint lena n‑ainmnítear an duine/na daoine atá údaraithe chun an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais. I ndáil leis sin, cuireann an Chúirt in iúl, ar dtús, nach gceanglaítear leis an ainmniú sin measúnú a dhéanamh a thagann faoi ‘s[h]aini[ú] beartas’ an Aontais nó faoi na feidhmeanna ‘comhordaitheacha’ nó a ‘g[h]níomhaíocht sheachtrach’ a chumadh, de réir bhrí Airteagal 16(1) agus (6) CAE agus ní cuid é den mheasúnú polaitíochta is bun lena leithéid de chinneadh, ar measúnú é ar ghéill an institiúid sin do na héifeachtaí dlíthiúla a bheadh aige ar an síniú de réir rialacha ábhartha an dlí idirnáisiúnta.

Ar an dara dul síos, maidir le cé acu an bhfuil nó nach bhfuil ainmniú an sínitheora ina ghníomh lena ‘n‑áirith[ítear] ionadaíocht sheachtrach an Aontais’, de réir bhrí an séú habairt d’Airteagal 17(1) CAE, tugann an Chúirt dá faire, de réir na gnáthchéille leis, gurb é atá i gceist leis an gcoincheap dlíthiúil ‘ionadaíocht’ ná gníomh thar ceann ábhar le tríú páirtí, ar gníomh é lena bhfuil toil an ábhair sin i ndáil leis an tríú páirtí sin inchurtha in iúl. Cuirtear toil an Aontais in iúl go beacht, mar a shainíonn an Chomhairle é, i ndáil leis an tríú tír a bhfuil an Comhaontú sin á chaibidliú, lena shíniú a chur le comhaontú idirnáisiúnta thar ceann an Aontais ag an duine arna ainmniú chuige sin. Déantar le focail an séú habairt d’Airteagal 17(1) CAE, ar dá réir a ‘áiritheoidh [an Coimisiún] ionadaíocht sheachtrach an Aontais’, a bhunú go dtugtar cumhacht don Choimisiún aon ghníomh a dhéanamh, seachas an comhbheartas eachtrach agus slándála (CBES) agus mura bhforáiltear leis na Conarthaí dá mhalairt de leithdháileadh inniúlachtaí chuige sin, ar gníomh é lena n‑áirithítear go gcuirfí an síniú sin leis i ndiaidh cinneadh ón gComhairle lena n‑údaraítear comhaontú idirnáisiúnta a shíniú thar ceann an Aontais.

Tá an léiriú litriúil sin ar an séú habairt d’Airteagal 17(1) CAE ar aon dul le dlí idirnáisiúnta an ghnáis, (5) ar dá réir nach mór a mheas, de réir a lán‑chumhachtaí, gur ionadaí an Stáit sin nó na eagraíochta idirnáisiúnta sin é aon duine arna ainmniú i ndoiciméad ó údarás inniúil Stát nó ó chomhlacht inniúil eagraíochta idirnáisiúnta chun an síniú a dhéanamh. Mar sin, tagann síniú a chur le comhaontú idirnáisiúnta thar ceann an Aontais ag a leithéid de dhuine faoi ‘ionadaíocht’ an Stáit nó na heagraíochta idirnáisiúnta sin, faoi rialacha dhlí idirnáisiúnta an ghnáis. Dá bhrí sin, i bhfianaise an séú habairt d’Airteagal 17(1) CAE, ní mór a chinneadh go dtagann na bearta is gá a dhéanamh ar mhaithe le comhaontú idirnáisiúnta a shíniú i ndiaidh don Chomhairle an síniú sin a údarú ag an gComhairle, lena n‑áirítear an beart maidir leis an sínitheoir a ainmniú, faoi inniúlacht an Choimisiúin ‘ionadaíocht sheachtrach an Aontais a áirithiú’, mura dtugtar aon chumhacht chun an t‑ainmniú sin a eagrú d’institiúid eile an Aontais le CAE nó CFAE.

Chuige sin, soiléiríonn an Chúirt, murab ionann hagus Airteagal 218(3) CFAE, lena dtugtar de chumhacht don Chomhairle, i ndáil le comhaontuithe idirnáisiúnta a chaibidliú, ní hamháin chun caibidlíocht a thosú agus chun an t‑idirbheart nó ceann na bhfoirne caibidlíochta a ainmniú, nach dtagraítear le hAirteagal 218(5) CFAE d’inniúlacht na Comhairle chun síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an chomhaontaithe idirnáisiúnta a údarú ach d’inniúlacht chun an sínitheoir de a ainmniú, rud a fhágann nach é atá san fhoráil sin ná maolú ar an séú habairt d’Airteagal 17(1) CAE. Tugtar le tuiscint uaidh sin, i gcás inar údaraigh an Chomhairle síniú comhaontaithe idirnáisiúnta nach dtagann faoi CBES nó faoi ‘c[h]ásanna eile dá bhforáiltear sna Conarthaí’, go ndlitear síniú an chomhaontaithe sin ar an gCoimisiún, de réir an séú habairt d’Airteagal 17(1) CAE. Tugann an Chúirt dá haire ina leith sin, gur lean an Chomhairle, i ndiaidh theacht i bhfeidhm do CAE agus CFAE, de sínitheoirí comhaontuithe idirnáisiúnta a ainmniú, ar cleachtas é nach bhfuil rialacha na gConarthaí atá le comhlíonadh ag na hinstitiúidí inathraithe leis.

Ar an gceathrú dul síos agus ag an deireadh ar fad, tugann an Chúirt dá haire, i gcomhréir leis an gcéad abairt d’Airteagal 17(1) CAE, nach mór don Choimisiún a inniúlacht a fheidhmiú maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta a shíniú ar mhaithe le leas ginearálta an Aontais agus tá air déanamh de réir na hoibleagáide maidir le comhar dílis a leagtar síos in Airteagal 13(2) CAE.


1       Cinneadh (AE) 2021/1117 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2021 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht na Gabúine agus an Comhphobal Eorpach (2021-2026) (IO 2021 L 242, lch. 3).


2      Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 17(1) CAE: ‘Déanfaidh an Coimisiún leas ginearálta an Aontais a chur chun cinn agus glacfaidh sé tionscnaimh iomchuí chuige sin. Áiritheoidh sé go gcuirfear i bhfeidhm na Conarthaí agus na bearta a ghlacfaidh na hinstitiúidí de bhun na gConarthaí. Maoirseoidh sé cur i bhfeidhm dhlí an Aontais faoi rialú Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Déanfaidh sé an buiséad a chur chun feidhme agus déanfaidh sé cláir a bhainistiú. Feidhmeoidh sé feidhmeanna comhordaitheacha, feidhmiúcháin agus bainistíochta mar atá leagtha síos sna Conarthaí. Amach ón gcomhbheartas eachtrach agus slándála agus amach ó chásanna eile dá bhforáiltear sna Conarthaí, áiritheoidh sé ionadaíocht sheachtrach an Aontais. Glacfaidh sé tionscnaimh a bhaineann le pleanáil bhliantúil agus ilbhliantúil an Aontais d’fhonn teacht ar chomhaontuithe idirinstitiúideacha.’


3      An 29 Meitheamh 2021, shínigh an Buanionadaí an Prótacal thar ceann an Aontais. An 30 Meitheamh 2021, cuireadh in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit go ndearnadh an síniú sin agus go bhfuil an Prótacal á chur i bhfeidhm go sealadach ón 29 Meitheamh 2021 ar aghaidh.


4      Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 13(2) CAE: ‘Gníomhóidh gach institiúid acu faoi theorainneacha na gcumhachtaí atá tugtha di sna Conarthaí, i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus faoi na coinníollacha agus chun na gcríoch atá leagtha amach iontu. Cleachtfaidh na hinstitiúidí comhar dílis eatarthu féin.’


5      Mar a códaíodh in Airteagal 2(1)(c) agus in Airteagal 7(1)(a) de Choinbhinsiún Vín maidir le Dlí na gConarthaí an 23 Bealtaine 1969 (United Nations Treaty Series, Iml. 1155, lch. 331).