Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Sofiyski rayonen sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 11 Eanáir 2024 – imeachtaí coiriúla i gcoinne CH

(Cás C-15/24, Stachev 1 )

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Sofiyski rayonen sad

An cúisí sna himeachtaí coiriúla

CH

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.    An bhfuil sé i gcomhréir le hAirteagal 12(2) de Threoir 2013/48/AE 1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir leis an gceart rochtana ar dhlíodóir in imeachtaí coiriúla agus in imeachtaí maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach, agus leis an gceart chun tríú páirtí a chur ar an eolas maidir le cailleadh saoirse agus chun cumarsáid a dhéanamh le tríú daoine agus le húdaráis chonsalachta nuair a chailltear an tsaoirse, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 47(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, más rud é, ar bhonn reachtaíocht náisiúnta agus cásdlí náisiúnta, go mbaintear an fhéidearthacht den chúirt a scrúdaíonn an bhfuil drochamhras réasúnta go raibh cúisí rannpháirteach i gcion coiriúil líomhainte, d’fhonn beart iomchuí sriantach a ghlacadh nó a fhorfheidhmiú, chun measúnú a dhéanamh ar bailíodh fianaise, de shárú ar a cheart chun rochtana ar dhlíodóir faoi Threoir 2013/48/AE, tráth a bhí an duine faoi amhras agus a chuir na húdaráis phóilíneachta srian ar a chearta saoirse gluaiseachta?

2.    An gcomhlíontar an ceanglas maidir le cearta na cosanta a urramú agus cothroime na n-imeachtaí de réir bhrí Airteagal 12(2) de Threoir 2013/48 más rud é, agus a bunchreideamh á bhunú, go gcuireann an chúirt a scrúdaíonn an raibh an beart srianta iomchuí san áireamh fianaise a bailíodh de shárú ar cheanglais na Treorach sin tráth a bhí an duine faoi amhras agus a chuir na húdaráis phóilíneachta srian ar a cheart chun saoirse gluaiseachta?

3.    An bhfuil éifeachtaí diúltacha ag eisiamh fianaise a dhéanann an chúirt a scrúdaíonn an bhfuil an beart sriantach iomchuí, d’ainneoin treoracha dá mhalairt ó chúirt níos uachtaraí, ar fianaise í a bailíodh de shárú ar Threoir 2013/48, ar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 12(2) de Threoir 2013/48 arna léamh i gcomhar le hAirteagal 47(1) agus (2) den Chairt maidir le cothroime na n-imeachtaí, agus an dtugtar neamhchlaontacht na cúirte faoi amhras leis sin?

4.    An bhfuil éifeacht dhíreach ag an bhféidearthacht dá bhforáiltear in Airteagal 3(6)(b) de Threoir 2013/48, in imthosca eisceachtúla ag an gcéim réamhthrialach chun maolú go sealadach ón gceart chun rochtana ar dhlíodóir i gcás ina bhfuil sé fíor-riachtanach go ngníomhóidh na húdaráis imscrúdaithe láithreach chun baol suntasach do na himeachtaí coiriúla a chosc sa Bhallstát den Aontas Eorpach lena mbaineann, i gcás nár trasuíodh an fhoráil sin ina dhlí náisiúnta?

5.    An gcomhlíontar na coimircí dá bhforáiltear in Airteagal 9(1)(a) agus (b), arna léamh i gcomhar le haithris 39 de Threoir 2013/48, má thugann duine atá faoi amhras tarscaoileadh i scríbhinn dá cheart chun rochtana ar dhlíodóir, ach nach bhfuil léamh ná scríobh ag an duine atá faoi amhras agus nár cuireadh in iúl dó na hiarmhairtí féideartha ar an gceart sin a tharscaoileadh agus go maíonn sé ina dhiaidh sin os comhair na cúirte nach raibh sé ar an eolas faoina raibh sa doiciméad a shínigh sé tráth a chuir na húdaráis phóilineachta srian ar a cheart chun saoirse gluaiseachta?

6.    Má tharscaoileann duine atá faoi amhras, tráth a choimeád, an ceart chun cúnaimh dlíodóra de réir fhorálacha Threoir 2013/48, an dtugtar díolúine do na húdaráis ón oibleagáid é a chur ar an eolas, go díreach roimh dul i mbun tuilleadh imscrúdaithe lena rannpháirtíocht, faoina cheart chun rochtana ar dhlíodóir agus faoi na hiarmhairtí féideartha má tharscaoiltear an ceart sin?

____________

1     Tugtar ainm bréige sa chás seo, nach bhfreagraíonn d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1     IO 2013 L 294, lch. 1.