Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Sofiyski rayonen sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 29 Meitheamh 2023 – E. M. A., E. M. A., M. I. A.

(Cás C-395/23, Anikovi) 1

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Sofiyski rayonen sad

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí in imeachtaí neamhchonspóideacha: E. M. A., E.M.A., M. I. A.

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gclúdaítear le raon feidhme Airteagal 1(e) de Rialachán (AE) 2019/1111 1 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2019 maidir le dlínse, maidir le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair maidir le pósadh agus sna hábhair maidir le freagracht tuismitheora, agus maidir le fuadach idirnáisiúnta leanaí, imeachtaí neamhchonspóideacha a bhaineann le cead arna thabhairt ag cúirt chun maoin dhochorraithe nó scaireanna comhúinéireachta i maoin dhochorraithe ar le leanbh í a dhiúscairt, mar shampla, a dhíol?

Le cén rialachán an ndéantar cinneadh maidir le dlínse idirnáisiúnta cúirte de chuid Bhallstát an Aontais Eorpaigh in imeachtaí neamhchonspóideacha a bhaineann le cead arna thabhairt ag cúirt chun maoin dhochorraithe nó scaireanna comhúinéireachta i maoin dhochorraithe ar le leanbh í a dhiúscairt, mar shampla, a dhíol: (i) Airteagal 7(1) de Rialachán 2019/1111 – an chúirt don áit ina bhfuil gnáthchónaí ar an leanbh – nó (ii) Airteagal 4(1)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 1 nó Airteagal 24(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 2 – an chúirt don áit ina bhfuil an mhaoin dhochorraithe suite?

An maolaítear ar rialacha Rialachán 2019/1111 maidir le dlínse idirnáisiúnta in ábhair a bhaineann le freagracht tuismitheora trí chomhaontú idirnáisiúnta déthaobhach idir Ballstát (an Bhulgáir) agus tríú tír (an tAontas Sóivéadach nó Cónaidhm na Rúise) a tugadh i gcrích roimh aontachas an Bhallstáit leis an Aontas Eorpach, mura liostaítear an comhaontú idirnáisiúnta sin i gCaibidil VIII de Rialachán 2019/1111?

____________

1 Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1 IO 2019 L 178, lch. 1.

1 Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 ar an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha (an Róimh I) (IO 2008 L 177, lch. 6).

1 Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus maidir le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO 2012 L 351, lch. 1).