Iarraidh ar réamhrialú ón Nejvyšší soud České republiky a taisceadh an 15 Meitheamh 2022 – EXTÉRIA, s.r.o. v Spravíme, s. r. o.
(Cás C-393/22)
Teanga an cháis: an tSeicis
An chúirt a rinne an tarchur
Nejvyšší soud České republiky
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: EXTÉRIA, s.r.o.
Cosantóir: Spravíme, s. r. o.
An cheist a tharchuirtear
An gcaithfear Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh 1215/20121 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 12 Nollaig 2012, maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála a léirmhíniú sa chaoi go gcumhdaíonn coincheap “conradh soláthair seirbhíse” réamhchonradh (pactum de contrahendo) freisin ina bhfuil na páirtithe tar éis comhaontú a dhéanamh conradh a dhéanamh amach anseo, a bheadh ina chonradh soláthair seirbhíse de réir bhrí na forála sin?
____________
1 IO 2012 L 351, lch. 1.