Iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Najwyższy (an Pholainn) a taisceadh an 27 Meitheamh 2023 – Rzecznik Finansowy v Bank AG S.A, M.S., A.K.
(Cás C-390/23, Rzecznik Finansowy)
Teanga an cháis: an Pholainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Sąd Najwyższy
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Rzecznik Finansowy
Cosantóir: Bank AG S.A, M.S., A.K.
An cheist a tharchuirtear:
An gcuirtear cosc leis an dara fomhír d’Airteagal 19(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, i gcomhar leis an dara fomhír d’Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear dó nach mór do chúirt céime deiridh a shuí, agus í ag éisteacht le hachomharc urghnách (caingean urghnách) i gcoinne breithiúnas críochnaitheach ó ghnáthchúirt, mar fhoirmíocht ina bhfuil duine (breitheamh tuata an Sąd Najwyższy):
nach breitheamh den Sąd Najwyższy é;
arna cheapadh chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh:
go díreach ag an reachtas – trí thromlach simplí,
ar bhonn critéar roghnúcháin atá ginearálta do-fhíoraithe,
mar chuid de nós imeachta nach gceadaítear leis athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh ar an gceapadh,
ar feadh téarma oifige ceithre bliana;
agus atá in-bhriste ag an reachtas, nach bhfuil faoi réir athbhreithniú breithiúnach?
____________