Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel Bacău (an Rómáin) a taisceadh an 27 Meitheamh 2023 – Rustrans SRL v Ministerul Agriculturii și Dezvoltării Rurale – Direcția Generală Pescuit – Autoritatea de Management pentru POPAM

(Cás C-392/23, Rustrans)

Teanga an cháis: an Rómáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Curtea de Apel Bacău

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Rustrans SRL

Cosantóir: Ministerul Agriculturii și Dezvoltării Rurale – Direcția Generală Pescuit – Autoritatea de Management pentru POPAM

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.    D’fhonn bunaíocht dobharshaothraithe a nuachóiriú tríd an infheistíocht a chumhdaítear le hAirteagal 48(1)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 508/20141 , an ionann ranníocaíocht chomhchineáil talamh a ghabhann le locháin, saoráidí feirme éisc nó umair déanta as coincréit agus foirgnimh atá ann cheana agus caiteachas incháilithe faoi Airteagal 69 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013,2 ar choinníoll go ndéantar an bhunaíocht dobharshaothraithe a nuachóiriú trí threalamh, innealra teicneolaíoch agus saoráidí don fheirm éisc a cheannach?

2.    An gcaithfear Airteagal 48(1)(c) de Rialachán Uimh. 508/2014, i gcomhar le hAirteagail 4 agus 125 de Rialachán Uimh. 1303/20131 agus Airteagal 33 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 maidir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, a léiriú sa chaoi nach bhfuil aon nasc díreach idir nuachóiriú bunaíochta dobharshaothraithe trí chaiteachas ar cheannach trealaimh, trealaimh theicneolaíoch agus trealaimh don fheirm éisc atá lonnaithe ar an talamh  agus ranníocaíocht chomhchineáil talamh  a ghabhann le locháin choincréite, talamh comhchineáil ó locháin coincréite, talamh  a ghabhann le locháin, gléasraí dobharshaothraithe, talamh a ghabhann le humair déanta as coincréit agus foirgnimh lonnaithe ar an talamh  sin?

3.    An bhfuil feidhm ag an teorainn 10% a leagtar síos in Airteagal 69(3)(b) de Rialachán Uimh. 1303/2013 ach amháin maidir le ranníocaíochtaí arb é atá iontu talamh agus maoin dhochorraithe a ndéantar íocaíocht airgid ina leith chun críocha léasa dá dtagraítear in Airteagal 69(1)(d), nó an bhfuil feidhm aici freisin maidir leis an ranníocaíocht chomhchineáil arb é atá inti talamh agus foirgnimh atá faoi úinéireacht (nach bhfuil ar cíos) na dtairbhithe?

4.    An socraítear le hAirteagal 69 de Rialachán Uimh. 1303/2013 teorainn 10 % don ionchur comhchineáil talaimh, agus don ionchur sin amháin, nó an leagtar síos teorainn 10 % leis don ranníocaíocht chomhchineáil ina bhfuil talamh agus foirgnimh?

____________

1 Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2328/2003 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 791/2007 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO 2014 L 149, lch. 1).

1 Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agusón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, lch. 320).

1 Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO 2018 L 193, lch. 1).