Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Hoge Raad der Nederlanden (an Ísiltír) a taisceadh an 28 Meitheamh 2023 – Athenian Brewery SA agus Heineken NV v Macedonian Thrace Brewery SA

(Cás C-393/23, Athenian Brewery SA agus Heineken NV)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Hoge Raad der Nederlanden

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Athenian Brewery SA, Heineken NV

Cosantóir: Macedonian Thrace Brewery SA

Na ceisteanna a tharchuirtear

I gcás amhail an cás atá i gceist sna himeachtaí sin, ní mór do chúirt shainchónaí na máthairchuideachta a bheith ag brath, agus a dlínse á measúnú aici faoi Airteagal 8(1) de Rialachán Ia na Bruiséile 1 maidir le fochuideachta atá bunaithe i mBallstát eile, i gcomhthéacs an cheanglais go mbeadh baint chomh dlúth sin eatarthu dá dtagraítear san fhoráil sin, ar an toimhde a nglactar leis i ndáil leis an dlí substainteach iomaíochta — go mbíonn tionchar cinntitheach ag an máthairchuideachta ar ghníomhaíocht eacnamaíoch na fochuideachta is ábhar do na himeachtaí?

2.    Má thugtar freagra ar an gcéad cheist go dearfach, cén chaoi a bhfuil an critéar leagtha amach sna breithiúnais Kolassa 1 agus Universal Music 2 le léiriú? I gcás den sórt sin, nuair a chonspóidtear tionchar cinntitheach na máthairchuideachta ar ghníomhaíocht eacnamaíoch na fochuideachta, an leor é chun dlínse a ghlacadh faoi Airteagal 8(1) de Rialachán Ia na Bruiséile maidir leis an bhfochuideachta lena mbaineann, nach féidir tionchar cinntitheach den sórt sin a eisiamh a priori?

____________

1 Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO 2012 L 351, lch. 289).

1 C-375/13.

1 C-12/15.