Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Administrativen sad Veliko Tarnovo (an Bhulgáir) a taisceadh an 14 Feabhra 2024 – “Vaniz” EOOD v Direktor na Direktsia “Obzhalvane i danachno-osiguritelna praktika” – Veliko Tarnovo

(Cás C-121/24, Vaniz)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Administrativen sad Veliko Tarnovo

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: “Vaniz” EOOD

Cosantóir: Direktor na Direktsia “Obzhalvane i danachno-osiguritelna praktika” – Veliko Tarnovo

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gceadaítear le forálacha aithris 44 agus Airteagal 205 de Threoir 2006/112/CE 1 ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha agus, dá réir sin, le prionsabail na trédhearcachta agus na comhréireachta dliteanais, tionscnamh imeachtaí lena bhféachtar le stádas dliteanas CBL i gcomhpháirt agus go leithleach a shuí mar aon le méid an dliteanais chomhpháirtigh agus leithligh tar éis don phríomhfhéichiúnaí scor de bheith ann mar eintiteas dlíthiúil?

An gcoisctear leo, tar éis an féichiúnaí a bhaint [den chlár tráchtála] gan comharba i dteideal na gceart agus na n-oibleagáidí, éileamh cláraithe a bheith ann i gcoinne an duine sin, a bhfuil tríú páirtí faoi dhliteanas ina leith ina dhiaidh sin?

An bhfreagraíonn cleachtas riaracháin na n-údarás cánach náisiúnta ar a dtugtar tuairisc ar an gcaoi sin do chur chun feidhme phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla?

____________

1 IO 2006 L 347, lch. 1.