Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Superior de Justicia del País Vasco (an Spáinn) a taisceadh an 29 Meán Fómhair 2023 – Credit Suisse Securities (Europe) Ltd v Tribunal Económico-Administrativo Foral de Bizkaia (TEAFB)

(Cás C-601/23, Credit Suisse Securities (Europe))

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal Superior de Justicia del País Vasco (an Spáinn)

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Credit Suisse Securities (Europe) Ltd

Cosantóir: Tribunal Económico-Administrativo Foral de Bizkaia (TEAFB)

An cheist a tharchuirtear:

An bhfuil Airteagal 63 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, maidir le saorghluaiseacht caipitil, le léiriú ar chaoi go bhfuil cleachtas Ríocht na Spáinne, agus go háirithe, cleachtas de chuid Territorio Histórico fiscalmente autónomo de Bizkaia (Críoch Stairiúil Bizkaia atá uathrialach ó thaobh cánach) i gcontrárthacht leis an Airteagal sin, inarb é atá i gceist ná d’ainneoin go gcuirtear an céatadán céanna i bhfeidhm maidir le cónaitheoirí agus neamhchónaitheoirí, gan an cháin iarchoimeádta a thoibhigh eintiteas cónaitheach ar íocaíocht díbhinní arna déanamh ag eintiteas cónaitheach a aisíoc le neamhchónaitheoirí — agus nach n-éiríonn leo í a neodrú ar bhonn an choinbhinsiúin cánachais dhúbailte — fad is a aisíoctar go hiomlán cónaitheoirí a thabhaigh caillteanais ar an gcaoi chéanna sa bhliain airgeadais?

____________