Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Cour de cassation (an Fhrainc) a taisceadh an 11 Eanáir 2024 – CeramTec GmbH v Coorstek Bioceramics LLC

(Cás C-17/24, CeramTec)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Cour de cassation

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: CeramTec GmbH

Cosantóir: CoorsTek Bioceramics LLC

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An bhfuil Airteagal 52 de Rialachán Uimh. 207/2009 an 26 Feabhra 2009 maidir leis an trádmharc Comhphobail 1 le léiriú sa chaoi go bhfuil na forais neamhbhailíochta dá dtagraítear in Airteagal 7(1)(a) uathrialach agus gan an meon mímhacánta dá dtagraítear i mír 1(b) den Rialachán sin a áireamh?

Má tá freagra diúltach ar an gcéad cheist, an féidir meon mímhacánta an iarratasóra a mheasúnú i bhfianaise na ndearbhfhoras le clárú a dhiúltú a leagtar síos in Airteagal 7(1)(e)(ii) de Rialachán Uimh. 207/2009, agus i bhfianaise na ndearbhfhoras sin amháin, gan a fháil amach gurb é atá sa chomhartha a ndéantar iarratas air mar thrádmharc ná cruth earraí amháin atá riachtanach chun toradh teicniúil a fháil?

An bhfuil Airteagal 52(1) (b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 le léiriú sa chaoi go gcuirtear as an áireamh meon mímhacánta iarratasóra a bhfuil iarratas ar chlárú trádmhairc curtha isteach aige d’fhonn réiteach teicniúil a chosaint i gcás inar thángthas air, tar éis an iarratais sin, nach raibh aon nasc idir an réiteach teicniúil atá i gceist agus na comharthaí arb iad an trádmharc a ndearnadh iarratas air?

____________

1 IO 2009 L 78, lch. 1.