Caingean arna tabhairt an 21 Aibreán 2023 – Clofor v EUIPO – Sitges Alonso (Poteaux)
(Cás T-208/23)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Clofor (Renage, an Fhrainc) (ionadaí: P. Debré, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Paul Sitges Alonso (Barcelona, an Spáinn)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an dearaidh atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Dearadh atá faoi cheist: Dearadh comhphobail (Poist) – Dearadh comhphobail Uimh. 2 951 335-0001
Nós imeachta os comhar EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú
An cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Tríú Bord Achomhairc de EUIPO an 15 Feabhra 2023 i gCás R 1103/2022-3
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
an cinneadh atá faoi chonspóid a athrú chun diúltú don iarratas ar neamhbhailíocht Dhearadh Comhphobail Uimh. 2 951 335-0001;
a ordú do EUIPO na costais a íoc, lena n-áirítear na costais a tabhadíodh os comhair an Tríú Bord Achomhairc.
Saincheisteanna dlí
Sárú ar Airteagal 25(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 7 den Rialachán sin;
An dualgas cruthúnais a fhreaschur agus sárú ar Airteagal 52(2) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle.
____________