Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Raad voor Vreemdelingenbetwistingen (an Bheilg) a taisceadh an 24 Deireadh Fómhair 2023 – W v Belgische Staat

(Cás C-636/23, Al Hoceima 1 )

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Raad voor Vreemdelingenbetwistingen

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: W

Cosantóir: Belgische Staat

Na ceisteanna a tharchuirtear

An bhfuil Airteagal7(4), Airteagal 8(1) agus (2) agus Airteagal 11(1) de Threoir 2008/115 1 , arna léamh ina n-aonair nó le chéile, i dteannta Airteagal 13 de Threoir 2008/115 agus Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar dhiúltú tréimhse imeachta deonaí a mheas mar mhodh forghníomhaithe amháin nach n-athraíonn seasamh dlíthiúil an náisiúnaigh eachtrannaigh lena mbaineann, ós rud é nach n-athraítear an príomhchinneadh go bhfuil fanacht neamhdhleathach sa chríoch i gceist?

Más freagra dearfach a thabharfar don chéad cheist, an bhfuil na focail ‘a ghabhann le’ in Airteagal 3(6) agus na focail ‘ag gabháil le’ in Airteagal 11(1) de Threoir 2008/115 le léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc leo ar an údarás inniúil ó bheith ábalta toirmeasc ar iontráil a eisiúint, nó a bheith air an céanna a eisiúint, fiú tar éis tréimhse shuntasach, bunaithe ar chinneadh um fhilleadh nár deonaíodh tréimhse le haghaidh imeacht dheonach ann?

    Más freagra diúltach a thabharfar ar an gceist sin, an gciallaíonn an fhoclaíocht sin go gcaithfidh toirmeasc ar iontráil a bheith ag gabháil go comhthráthach le cinneadh um fhilleadh nár deonaíodh tréimhse le haghaidh imeacht dheonach leis?

Más freagra dearfach a thabharfar ar an gceist sin, an gciallaíonn an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil, arna ráthú le hAirteagal 13 de Threoir 2008/115 agus Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh gur féidir, i gcomhthéacs achomhairc i gcoinne cinneadh um fhilleadh, agóid a dhéanamh i gcoinne dleathacht cinnidh gan tréimhse le haghaidh imeacht dheonach a dheonú, sa chás nach bhféadfaí agóid a dhéanamh go héifeachtach i gcoinne dhleathacht an bhunúis dlí don toirmeasc ar iontráil?

Más freagra dearfach a thabharfar ar an gcéad cheist, an bhfuil na téarmaí ‘tréimhse chuí’ sa chéad fomhír d’Airteagal 7(1) agus ‘oibleagáid fillte’ in Airteagal 3(4) de Threoir 20008/115 le léiriú sa chaoi go bhfuil foráil lena leagtar síos tréimhse ama, nó in aon chás an diúltú tréimhse ama a dhéanamh, i gcomhthéacs na hoibleagáide imeachta ina gné bhunúsach de chinneadh um fhilleadh, sa chaoi, má chinntear go bhfuil an tréimhse sin neamhdhleathach, go rachaidh an cinneadh um fhilleadh i léig ina iomláine agus go gcaithfear cinneadh nua um fhilleadh a eisiúint?

Má mheasann an Chúirt nach bhfuil an diúltú chun tréimhse ama den sórt sin ina ghné riachtanach de chinneadh um fhilleadh, agus mura bhfuil leas bainte ag an mBallstát as an rogha, faoi Airteagal 7(1) de Threoir 2008/115 chun tréimhse a dheonú ach ar iarratas ón [náisiúnach] tríú tír lena mbaineann, cad é an raon feidhme agus infhorghníomhaitheacht cinnidh um fhilleadh, de réir bhrí Airteagal 3(4) de Threoir 2008/115, mura bhforáiltear ann do thréimhse?

____________

1 .Is ainm bréige é ainm an cháis seo, nach bhfreagraíonn d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1 Treoir 2008/115/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais (IO 2008 L 348, lch. 98).