Caingean arna tabhairt an 10 Samhain 2023 – Nike Innovate v EUIPO (SUPPORT-FIT)
(Cás T-1072/23)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Nike Innovate CV (Beaverton, Oregon, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaí: J.-C. Rebling, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar thrádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh SUPPORT-FIT – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 731 327
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gceathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 15 Meán Fómhair 2023 i gcás R 915/2023-4
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a ordú do EUIPO na costais a íoc.
Saincheist (Saincheisteanna) dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________