Caingean arna tabhairt an 14 Samhain 2023 – e-dialog v EUIPO – Dialoga Servicios Interactivos (Dialoga)
(Cás T-1075/23)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: e-dialog GmbH (Vín, an Ostair) (ionadaithe: C. Kletzer agus W. Mosing, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Dialoga Servicios Interactivos, SA (Bilbao, an Spáinn)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha an Aontais Eorpaigh “Dialoga” – Trádmharc an Aontais Eorpaigh Uimh. 8 917 155
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 4 Meán Fómhair 2023 i gCás R 97/2023-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní, agus mar thoradh air sin, go ndéanfaidh EUIPO an trádmharc atá i gceist a chúlghairm;
a ordú do EUIPO, agus, sa chás go ndéanfaidh an páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc idiragairt, don pháirtí sin costais an iarratasóra a tabhaíodh sna himeachtaí os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh agus sna himeachtaí achomhairc os comhair EUIPO a íoc.
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 58(1)(a) arna léamh i gcomhar le hAirteagal 18(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus le hAirteagal 10(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 ón gCoimisiún.
____________