Language of document :

Caingean arna tabhairt an 9 Samhain 2023 – Federcasse agus páirtithe eile v an Coimisiún

(Cás T-1070/23)

Teanga an cháis: an Iodáilis

Páirtithe

Iarratasóirí: Federazione Italiana delle Banche di Credito Cooperativo e Casse Rurali (Federcasse) (an Róimh, an Iodáil) agus 12 iarratasóir eile (ionadaithe: A. Pera agus F. Salerno, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Beart ón gCoimisiún an 8 Márta 2023 (mar fhreagra ar an iarraidh fhoirmiúil a rinne Aire Geilleagar agus Airgeadais na hIodáile, G. Giorgetti, an 15 Nollaig 2022) lena ndiúltaítear don fhormheas riachtanach chun spriocleibhéal an leithdháilte airgeadais a laghdú atá comhréireach le méid na dtaiscí cumhdaithe atá ag ballbhainc an Fondo di Garanzia dei Depositanti del Credito Cooperativo, arna síniú ag an gCoimisinéir Eorpach um Sheirbhísí Airgeadais [um Chobhsaíocht Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil], M. McGuinness (le huimhir thagartha Ares (2023)1696845 - 08/03/2023) a chur ar neamnhní.

a ordú don Choimisiún costais na n-imeachtaí seo a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn na hiarratasóirí ceithre shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar cheanglais riachtanacha nós imeachta.

Is éard atá sa bheart ná litir agus iarscríbhinn Mar sin féin, níl dáta, síniú agus/nó tagairt ar bith eile ag cur in iúl a thionscnamh san iarscríbhinn. Dá bhrí sin, sáraíonn an beart, a mhéid a bhfuil doiciméad ann nach bhfuil fíordheimhnithe agus nach bhfuil a thionscnamh agus a dháta éiginnte, ceanglais fhíor-riachtanacha nós imeachta de réir bhrí Airteagal 263 CFAE, ar forais é ann féin chun neamhniú a dhéanamh.

An dara saincheist dlí, lena n-eilítear mainneachtain cúiseanna a thabhairt.

Tá an beart thar a bheith contrártha agus easnamhach sa mhéid is (i) go dtugann sé réasúnaíocht atá go páirteach teoranta agus go páirteach i ngníomh seachtrach nach bhfuil fíordheimhnithe, (ii) nach gcuireann sé in iúl go soiléir cén fáth ar cheart córas baincéireachta na hIodáile a mheas mar shraith aonair, (iii) ní shonraítear leis conas nach gcomhlíontar an coinníoll dá bhforáiltear in Airteagal 10(6)(b) de Threoir 2014/49/AE1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí (‘an Treoir’), i leith an Ciste, (iv) ní mhínítear leis cén fáth a bhfuil an coinníoll dá bhforáiltear in Airteagal 10(6)(a) den Treoir á fhíorú i ndáil le córas baincéireachta na hIodáile ina iomláine. Dá bhrí sin, ní féidir leis na hiarratasóirí loighic an bhirt a leanúint.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal an dea-riaracháin agus an dualgas gaolmhar scrúdú a dhéanamh, go cúramach agus go neamhchlaonta, ar ghnéithe ábhartha go léir.

Sa bheart, níor scrúdaíodh aon cheann de na gnéithe a chuir údaráis na hIodáile i láthair san iarraidh agus dhírigh an anailís ar chóras baincéireachta na hIodáile ar bhealach neamhdhifreáilte..

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear go ndearnadh earráid dlí i léiriú Airteagal 10(6) den Treoir.

Tá an fhoráil in Airteagal 10(6)(b), arna léamh i bhfianaise fhorálacha eile na Treorach, bunaithe ar anailís ar leibhéal an mhargaidh/na hearnála sonracha lena mbaineann na hinstitiúidí creidmheasa. San Iodáil, tá na bainc go léir atá rannpháirteach sa Chiste ag an am céanna ina gcuid d’earnáil ar leith le meicníochtaí um fhálú riosca a scarann go hiomlán iad ó na teagmhais a d’fhéadfadh cur isteach ar bhainc eile. Dá réir sin, tá léiriú an Choimisiúin ar an bhforáil atá i gceist mícheart sa mhéid is nach gcuireann sé aon aird ar bith ar an anailís de réir margaidh/earnála, go ndearnadh sé neamhaird ar an bhfíric go raibh comhdhéanamh earnála ar leith do bhainc creidmheasa comhoibríoch beartaithe ag reachtas na hIodáile agus, go ndearnadh sé measúnú ar leibhéal na mBallstát ar cheanglais Airteagal 10(6) den Treoir gan aon bhunús téacsúil ná córasach.

____________

1 IO 2014 L 173, lch. 149.