Language of document :

Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 15 Nollaig 2023 – Shopper Union France agus Azalbert v an Coimisiún

(Cás T-1071/23 R) 

(Faoiseamh eatramhach – Rochtain ar dhoiciméid – Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 – Conarthaí soláthair vacsaíní COVID-19– Diúltú ar rochtain – Iarratas ar bhearta eatramhacha – Easpa práinne)

Teanga an cháis : an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóirí: Shopper Union France (Páras, an Fhrainc), Xavuer Azalbert (Garches, an Fhrainc) (ionadaí: D. Protat, Dlíodóir)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: M. Burón Pérez, S. Ciubotaru agus F. van Schaik, Gníomhairí)

Ábhar

Lena n-iarratas bunaithe ar Airteagail 278 agus 279 CFAE, iarrann na hiarratasóirí a ordú don Choimisiún Eorpach, trí bhearta eatramhacha, leaganacha neamhfholaithe do gach conradh soláthair vacsaíní COVID-19 a tugadh i gcrích idir é féin agus trí chuideachta cógaisíochta a fhoilsiú ar a shuíomh idirlín, is é sin le rá, ina leagan iomlán gan aon leasú, faoi réir pionóis EUR 100 000 in aghaidh gach lá moille tar éis an cinneadh atá le glacadh a chur in iúl do na páirtithe.

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don iarratas ar bhearta eatramhacha.

Forchoimeádtar na costais.

____________