Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Symvoulio tis Epikrateias (an Ghréig) a taisceadh an 14 Feabhra 2022 – Kapniki A. Michailides SA v Organismos Pliromon kai Elegchou Koinotikon Enischyseon Prosanatolismou kai Eggyiseon (OPEKEPE) (Gníomhaireacht Íocaíochta agus Rialaithe na Gréige um Threoir agus Ráthaíocht chúnamh an Chomhphobail), Ypourgos Agrotikis Anaptyxis kai Trofimon (Aire Forbartha Tuaithe agus Bia)

(Cás C-99/22)

Teanga an cháis: an Ghréigis

An chúirt a rinneadh an tarchur:

Symvoulio tis Epikrateias

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir: Kapniki A. Michailides SA

Freagróirí: Organismos Pliromon kai Elegchou Koinotikon Enischyseon Prosanatolismou kai Eggyiseon (OPEKEPE) (Gníomhaireacht Íocaíochta agus Rialaithe na Gréige um Threoir agus Ráthaíocht chúnamh an Chomhphobail), Ypourgos Agrotikis Anaptyxis kai Trofimon (Aire Forbartha Tuaithe agus Bia)

An cheist a tharchuirtear:

Le hAirteagal 3(3) de Rialachán (CEE) Uimh. 2062/92 ón gComhairle an 30 Meitheamh 1992,1 ina sonraítear i gcás ina sáraíonn an chainníocht tobac d’aicme íseal a cheannaíonn próiseálaí, i gcoibhneas leis an méid iomlán a cheannaigh sé den chineál atá i gceist, an céatadán a shonraítear in Iarscríbhinn IV, go ndéanfar an phréimh a laghdú 30 % i leith na cainníochta de bhreis ar an gcéatadán atá i gceist, an sáraítear prionsabal neamh-aisghníomhaíochta na rialacha dlíthiúla agus an prionsabal i dtaobh ionchais dhlisteanacha a chosaint?

____________

1 Rialachán (CEE) Uimh. 2062/92 ón gComhairle an 30 Meitheamh 1992 lena socraítear, maidir le buaint 1992, na praghsanna caighdeánacha agus na praghsanna idirghabhála agus na préimheanna a dheonaítear do cheannaitheoirí tobac duilleog, na praghsanna idirghabhála díorthaithe ar thobac burláilte, na cáilíochtaí tagartha, agus na limistéir táirgthe (IO 1992 L 215, lch. 22).