Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato (an Iodáil), a taisceadh an 1 Feabhra 2022 – Viagogo AG v Autorità per le Garanzie nelle Comunicazioni, Autorità Garante della Concorrenza e del Mercato

(Cás C-70/22)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Consiglio di Stato

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Viagogo AG

Freagróirí: Autorità per le Garanzie nelle Comunicazioni, Autorità Garante della Concorrenza e del Mercato

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An gcuirtear cosc le Treoir 2000/31/CE1 , agus go háirithe Airteagail 3, 14 agus 15 di, i gcomhar le hAirteagal 56 CFAE, ar chur i bhfeidhm reachtaíocht Ballstáit maidir le díolacháin ticéad le haghaidh imeachtaí ar an margadh tánaisteach a mbeidh d’éifeacht aige cosc a chur ar an oibreoir ardáin óstála a oibriú san Aontas Eorpach, amhail an t-iarratasóir sa chás seo, ó sheirbhísí lena bhfógraítear díol ticéad le haghaidh imeachtaí ar an margadh tánaisteach a sholáthar d’úsáideoirí tríú páirtí, agus an ghníomhaíocht sin a fhorchoimeád do dhíoltóirí amháin, eagraithe imeachtaí nó daoine eile atá údaraithe ag na húdaráis phoiblí ticéid a eisiúint ar an mbunmhargadh trí chórais dheimhnithe?

Ina theannta sin, an gcuirtear cosc le hAirteagal 102 CFAE, i gcomhar le hAirteagal 106 de, ar chur i bhfeidhm reachtaíocht Ballstáit maidir le díol ticéad le haghaidh imeachtaí lena bhforchoimeádtar gach seirbhís a bhaineann leis an margadh tánaisteach do thicéid (agus bróicéireacht go háirithe) do dhíoltóirí, do lucht eagraithe imeachtaí nó do dhaoine eile atá údaraithe ticéid a eisiúint ar an mbunmhargadh trí chórais dheimhnithe amháin, trí chosc ar an ngníomhaíocht sin do sholáthraithe seirbhísí na sochaí faisnéise a bhfuil sé beartaithe acu oibriú mar sholáthraí óstála de bhun Airteagail 14 agus 15 de Threoir 2000/31/CE, go háirithe i gcás, amhail an cás seo, ina mbeidh d’éifeacht ag forchoimeádas den sórt sin cead a thabhairt d'oibreoir atá ceannasach ar an mbunmhargadh maidir le dáileadh ticéad a cheannas a leathnú ar sheirbhísí bróicéireachta ar an margadh tánaisteach?

Chun críoch reachtaíocht Eorpach agus, go háirithe, Threoir 2000/31/CE, an féidir an coincheap maidir le soláthraí óstála éighníomhach a úsáid ach amháin in éagmais aon ghníomhaíocht a bhaineann le scagadh, roghnú, innéacsú, eagrú, catalógú, comhiomlánú, meastóireacht, úsáid, modhnú, eastóscadh nó cur chun cinn na n-ábhar arna bhfoilsiú ag úsáideoirí, a mheastar a bheith ina dtáscairí léiriúcháin nach gcaithfidh uile a bheith ann ós rud é go measfar ina gceart féin go léiríonn siad bainistíocht gnó na seirbhíse agus/nó glacadh le teicníc chun iompar úsáideoirí a mheasúnú chun a ndílseacht a mhéadú, nó an é faoin gcúirt a rinne an tarchur ábharthacht na gcúinsí sin a mheasúnú ionas, má tá ceann amháin nó níos mó acu ann, go bhféadfadh neodracht na seirbhíse as a dtagann aicmiú mar sholáthraí óstála éighníomhach a mheastar a bheith sáraitheach?

____________

1     Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe dlíthiúla áirithe de sheirbhísí na sochaí faisnéise, go háirithe tráchtáil leictreonach, sa Mhargadh Inmheánach (‘An Treoir maidir le tráchtáil leictreonach’) (IO 2000 L 178, lch. 1).