Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 29 Samhain 2023 – Coljnar v EUIPO – Barbarian Sports Wear (Barbarian fashion)
(Cás T-427/22) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh Barbarian fashion – Focalmharc níos luaithe de chuid an Aontais Eorpaigh BARBARIAN – Forais choibhneasta le diúltú – Baol mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Nataly Coljnar (Maribor, an tSlóivéin) (ionadaí: A. Šiška, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: D. Gája, Gníomhaire)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Barbarian Sports Wear Inc. (Kitchener, Ontario, Ceanada)
Ábhar
Lena caingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 12 Bealtaine 2022 (Cás R 1953/2021-4) a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1. Diúltaítear don chaingean.
2. Ordaítear do Nataly Coljnar agus d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a gcostais féin a íoc.
3. Ordaítear do Barbarian Sports Wear Inc. a chostais féin a íoc a bhaineann leis na pléadálacha arna gcur isteach aige.
____________
1 IO C 326, 29.8.2022.