Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato (an Iodáil), an 11 Eanáir 2022 – Volkswagen Group Italia S.p.A., Volkswagen Aktiengesellschaft v Autorità Garante della Concorrenza e del Mercato

(Cás C-27/22)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Consiglio di Stato

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Volkswagen Group Italia S.p.A., Volkswagen Aktiengesellschaft

Cosantóir: Autorità Garante della Concorrenza e del Mercato

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An féidir na pionóis a fhorchuirtear i ndáil le cleachtais tráchtála éagóracha, de bhun na reachtaíochta náisiúnta lena gcuirtear Treoir 2005/29/CE 1 chun feidhme, a aicmiú mar phionóis riaracháin de chineál coiriúil?

An gá Airteagal 50 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a léirmhíniú mar chosc ar fhoráil náisiúnta lena gceadaítear pionóis riaracháin de chineál coiriúil a dheimhniú agus a thabhairt chun críche in imeachtaí cúirte in aghaidh duine dlítheanach as iompar neamhdhleathach i bhfoirm cleachtais tráchtála éagóracha, ar tugadh ciontú coiriúil críochnaitheach ina leith don duine sin idir an dá linn i mBallstát eile, ina raibh an ciontú coiriúil deiridh sin críochnaitheach sula raibh éifeacht res judicata leis an agóid dhlíthiúil in aghaidh an chéad phionóis riaracháin choiriúil?

An féidir, leis na forálacha a leagtar síos i dTreoir 2005/29, ag tagairt go háirithe d’Airteagail 3(4) agus 13(2)(e), údar a thabhairt d’aon mhaolú ó phrionsabal ne bis in idem arna bhunú le hAirteagal 50 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (arna ionchorprú ina dhiaidh sin sa Chonradh ar an Aontas Eorpach le hAirteagal 6 CAE) agus le hAirteagal 54 de Choinbhinsiún Schengen?

____________

1     Treoir 2009/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoracha 97/7/CE, 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an Treoir maidir le Cleachtais Trádála Éagóracha) (IO L 149, lch. 22).