Language of document :

Caingean arna tabhairt an 30 Eanáir 2024 – Kartroi v EUIPO – Luxvide Finanziaria per Iniziative Audiovisive e Telematiche (SANDOKAN)

(Cás T-47/24)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Iodáilis

Páirtithe

Iarratasóir: Kartroi LLC (Orlando, Florida, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaí: M. Baccarelli, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Luxvide Finanziaria per Iniziative Audiovisive e Telematiche SpA (an Róimh, an Iodáil)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘SANDOKAN’ – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 18 381 703

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí neamhbhailíochta

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón dara Bhord Achomhairc de EUIPO an 31 Deireadh Fómhair 2023 i gCás R 312/2023-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

diúltú don iarratas ar neamhbhailíocht thrádmharc an Aontais Eorpaigh Uimh. 18 381 703 arna dtaisceadh an 21 Meitheamh 2021 ag Luxvide Finanziaria per Iniziative Audiovisive e Telematiche SpA;

éisteacht an cháis a shocrú;

Kartroi LLC a aisíoc as na costais a bhaineann leis na himeachtaí sin chomh maith leis na costais arna dtabhú i gcéimeanna roimhe seo de na himeachtaí os comhair EUIPO agus an Bhoird Achomhairc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 59(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairlee.

____________