Language of document :

Caingean arna tabhairt an 8 Nollaig 2023 – AR v an Coimisiún

(Cás T-1147/23)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: AR (ionadaí: M. Conil-Séon, Dlíodóir)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh an 31 Eanáir 2023 a chur ar neamhní;

a ordú don chosantóir méid ar suas le EUR 5 000 a chúiteamh don iarratasóir ex aequo et bono;

a ordú don chosantóir costais iomláine na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean i gcoinne chinneadh an Choimisiúin Eorpaigh an 31 Eanáir 2023 gan ainm an iarratasóra a chur in áirithe ar liosta ionadaithe an chomórtais ghinearálta EPSO/AD/376/20 – Dlítheangeolaithe le Gréigis, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear gur cailleadh an deis chun marcanna níos fearr a ghnóthú sa triail aistriúcháin mar gheall ar neamhrialtacht i dtuairisciú na dtreoracha.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear earráid ábhartha agus sárú ar chomhionannas idir iarratasóirí mar gheall nár cuireadh na marcanna ón scrúdú QCM san áireamh i dtorthaí deiridh an iarratasóra.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar phrionsabal an ionchais dhlisteanaigh agus ar na gealltanais uile a fuair sé gur éirigh leis sna réamhthrialacha.

____________