Language of document :

Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 25 Eanáir 2024 – Goodwill M + G v an Coimisiún

(Cás T-1125/23 R)

(Bearta idirlinne – REACH – Toirmeasc ar mhicreacháithníní polaiméire sintéisí a mhonarú, a chur ar an margadh agus a úsáid – Iarratas ar oibriú a chur ar fionraí – Easpa práinne – Cothromú leasanna)

Teanga an cháis: an Ollainnis

Páirtithe

Iarratasóir: Goodwill M + G (Kontich, an Bheilg) (ionadaithe : I. Van Giel agus T. Toremans, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: B. De Meester agus K. Mifsud-Bonnici, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagail 278 agus 279 CFAE, iarrann an t-iarratasóir cur chun feidhme Rialachán (AE) 2023/2055 ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a chur ar fionraí, a mhéid a bhaineann le micreacháithníní polaiméire sintéisí (IO 2023 L 238, lch. 67).

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don iarratas ar bhearta eatramhacha.

Forchoimeádtar na costais.

____________