Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Wojewódzki Sąd Administracyjny we Wrocławiu (an Pholainn) a taisceadh an 22 Aibreán 2024 - M. B. v Dyrektor Izby Administracji Skarbowej we Wrocławiu

(Cás C-278/24, Genzyński) 1

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Wojewódzki Sąd Administracyjny we Wrocławiu

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: P. K.

Cosantóir: Dyrektor Izby Administracji Skarbowej we Wrocławiu

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcaithfear Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha 1 (‘Treoir CBL’), lena n-áirítear Airteagail 193, 205, 273, i gcomhar le hAirteagal 325 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus Airteagal 17 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) agus prionsabal na comhréireachta a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do shásra lena bhfuil comhalta boird stiúrthóirí duine dhlíthiúil faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach i leith oibleagáidí CBL an duine dhlíthiúil sin, gan bunú ar dtús ar ghníomhaigh an comhalta boird stiúrthóirí de mheon mímhacánta nó an raibh a iompar inchurtha i leith earráid inmhilleáin nó faillí?

An gcaithfear Treoir CBL, lena n-áirítear Airteagail 193, 205 agus 273 CFAE (i gcomhar le hAirteagal 325 CFAE), prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, prionsabal an ionchais dhlisteanaigh, prionsabal an chirt chun dea-riaracháin de réir Airteagal 41 den Chairt i gcomhar le hAirteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (an smacht reachta, urraim do chearta an duine) agus Airteagal 47 den Chairt (leigheas éifeachtach, an ceart chun triail chóir a fháil) a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar chleachtas náisiúnta lena gceanglaítear ar chomhalta boird stiúrthóirí achainí féimheachta a thíolacadh, chun dliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach i leith oibleagáidí CBL duine dhlíthiúil le creidiúnaí a sheachaint, atá gan aon chuspóir faoi rialacha agus faoi chleachtas náisiúnta an dlí náisiúnta maidir le dócmhainneacht agus, dá bhrí sin, lena sáraítear bunbhrí an chirt chun maoine (Airteagal 17 den Chairt)?

An gcaithfear forálacha Airteagail 193, 205 agus 273 den Treoir maidir le CBL, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 325 CFAE, agus prionsabal an chomhionannais os comhair an dlí agus prionsabal an neamh-idirdhealaithe (Airteagail 20 den Chairt agus 21 den Chairt) a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta [a leagtar amach i mír 1] lena gceadaítear caitheamh go neamhionann le stiúrthóirí daoine dlítheanacha, ionas go bhféadfaidh stiúrthóir duine dhlíthiúil ag a bhfuil níos mó ná creidiúnaí amháin é féin a urscaoileadh ó dhliteanas i leith fhiacha na cuideachta trí achainí féimheachta a thíolacadh, cé nach bhfuil leithéid sin d’achainí intíolactha ag comhalta boird stiúirthóirí duine dhlíthiúil nach bhfuil ach creidiúnaí amháin aige, sa chaoi nach bhfuil sé inchurtha ó dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach i leith fhiacha CBL an duine dhlíthiúil agus i leith an chirt chun leigheas éifeachtach a fháil (Airteagal 47 den Chairt)?

____________

1     Úsáidtear ainm bréige sa chás seo nach bhfreagraíonn d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1     IO 2006, L 347, lch. 1.