Language of document :

Achomhairc arna thabhairt an 29 Iúil 2022 ag Tirrenia di Navigazione SpA i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an tOchtú Dlísheomra) an 18 Bealtaine 2022 i gCás T-601/20, Tirrenia di Navigazione SpA v an Coimisiún Eorpach

(Cás C-515/22 P)

Teanga an cháis: an Iodáilis

Páirtithe

Achomharcóir: Tirrenia di Navigazione SpA (ionadaithe: B. Nascimbene, F. Rossi Dal Pozzo, A. Moriconi, avocats)

Páirtí eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 18 Bealtaine 2022 i gCás T-601/20 a chur ar neamhní;

a dhearbhú go bhfuil Cinneadh (AE) 2020/1412 ón gCoimisiún an 2 Márta 2020 neamhbhailí, a mhéid a bhaineann sé le hAirteagal 1(3) agus Airteagail 2;

mar mhalairt air sin, an cás a tharchur ar ais chuig Dlísheomra eile de chuid na Cúirte Ginearálta;

a ordú don chosantóir na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Cuireann an t-achomharcóir in aghaidh bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta an 18 Bealtaine 2022 i gCás T-601/20, Tirrenia di Navigazione SpA v an Coimisiún, inar dhíbh an Chúirt sin an t-iarratas ar Airteagal 1(3) agus Airteagal 2 de Chinneadh (AE) 2020/1412 an 2 Márta 2020 a chur ar neamhní, lenar dhearbhaigh an Coimisiún ‘nach bhfuil an státchabhair a deonaíodh do Adriatica don tréimhse ó Eanáir 1992 go dtí Iúil 1994 i ndáil leis an nasc idir Brindisi/Corfu/Igoumenitsa/Patras atá comhoiriúnach don chómhargadh lenar ‘cuireadh chun feidhme go neamhdhleathach í de shárú ar Airteagal 108 (3)’ CFAE’.

Leis an gcéad saincheist dlí, éilíonn an t-achomharcóir go ndearnadh sárú de chineál nós imeachta maidir leis an tréimhse teorann chun leas na státchabhrach a fuarthas a bheith neamhdhleathach agus neamh-chomhoiriúnach a aisghabháil.

Dar leis an achomharcóir, rinne an Chúirt Ghinearálta roinnt earráid mar seo a leanas: (a) trína dhearbhú, maidir leis an díospóid shonrach faoin mainneachtain ús a aisghabháil maidir leis an tréimhse idir 1 Eanáir 2007 agus 26 Márta 2007, nach bhfuil an tréimhse teorann deich mbliana imithe in éag; agus (b) trína dhearbhú nach féidir leis an achomharcóir agóid a dhéanamh maidir leis an mhainneachtain sárú den sórt sin a shuíomh, rud a d’fhág gur sárú follasach ar an gceart chun éisteacht a fháil agus, dá bhrí sin, ar chearta na cosanta, ós rud é nach féidir leis an achomharcóir a cháineadh, mar go mbaineann sé leis an mBallstát lena mbaineann.

Leis an dara saincheist dlí, éilíonn an t-achomharcóir gur aicmíodh an státchabhair mar státchabhair nua go héagórach, go raibh an cinneadh, lena ndearbhaítear go bhfuil an státchabhair nua agus neamh-chomhoiriúnach, neamhdhleathach, agus gur sáraíodh an oibleagáid cúiseanna a lua agus prionsabal na comhréireachta.

Níor léirigh an Chúirt Ghinearálta conas a leigheas an Coimisiún, le Cinneadh (AE) 2020/1411 an 2 Márta 2020, an locht a suíodh i mbreithiúnas na Cúirte Ginearálta an 4 Márta 2009 i gCásanna Uamtha T-265/04, T-292/04 agus T-504/04 maidir le Cinneadh 2004 (2005/163/CE).

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trína dhearbhú gur leigheas an Coimisiún an mhainneachtain cúiseanna a lua a suíodh in 2009 agus a léiríodh le Cinneadh (AE) 2020/1411 gur státchabhair nua iad na fóirdheontais PSO (Oibleagáidí Seirbhíse Poiblí) a deonaíodh do Adriatica.

Áitíonn an t-achomharcóir go ndearna an Chúirt Ghinearálta erráid dlí agus gur mhainnigh sí cúiseanna a lua a mhéid a sonraíonn sí go ndearna an Coimisiún aicmiú ceart ar fhóirdheontais PSO a deonaíodh do Adriatica don tréimhse Eanáir 1992 go dtí Iúil 1994, i ndáil leis an nasc idir Brindisi/Corfu/Igoumenitsa/Patras atá comhoiriúnach don mhargadh inmheánach.

Áitíonn an t-achomharcóir gur cheart don Chúirt Ghinearálta scrúdú a dhéanamh i dtaobh an ndearna an Coimisiún, i gCinneadh (AE) 2020/1411, (a) staid an mhargaidh a shainiú go sonrach; (b) cuspóir an bhirt státchabhrach a chur i gcomparáid i gceart le cuspóir an chomhaontaithe; (c) léirmhíniú ceart a thabhairt ar an gcaoi ar méadaíodh saobhadh na hiomaíochta a tharla de bharr an bhirt státchabhrach de bharr éifeacht chomhcheangailte an bhirt sin (seachas sin, a fuarthas go raibh sé comhoiriúnach) agus an chaoi a raibh rannpháirtíocht i gcairtéal agus, dá bhrí sin, (d) bonn cirt a thabhairt don ghaol cúise agus éifeachta maidir le bacainní ina dhiaidh sin ar thrádáil laistigh den Chomhphobal a bheith ann.

Áitíonn an t-achomharcóir freisin go bhfuil conclúidí na Cúirte Ginearálta contrártha le prionsabal ginearálta na comhréireachta.

Leis an tríú saincheist dlí, éilíonn an t-achomharcóir go ndearnadh sárú ar phrionsabail na deimhneachta dlíthiúla agus an dea-riaracháin maidir le fad tréimhse an nós imeachta agus ar phrionsabal na cosanta d’ionchais dhlisteanacha agus sárú ar phrionsabal na comhréireachta.

Áitíonn an t-achomharcóir go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus gur mhainnigh sí cúiseanna a lua a mhéid ina chinn sí ina hiomláine, nach raibh an nós imeachta ar dá bharr a glacadh Cinneadh (AE) 2020/1411 rófhada agus, dá bhrí sin, nár sáraíodh prionsabail na deimhneachta dlíthiúla, an dea-riaracháin agus na comhréireachta.

Ina theannta sin, áitíonn an t-achomharcóir freisin nach féidir le Cinneadh (AE) 2020/1411, i gcomhréir leis an bprionsabal maidir le hionchais dhlisteanacha a chosaint agus i gcomhréir le hAirteagail 16 agus 17 den Chairt um Chearta Bunúsacha, go gceanglófaí na bearta státchabhrach faoi chonspóid a aisghabháil.

De réir an achomharcóra, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí, trí mhainneachtain a chinneadh gur sháraigh an Coimisiún na prionsabail ghinearálta dá dtagraítear thuas agus freisin an Chairt um Chearta Bunúsacha.

Leis an gceathrú saincheist dlí, éilíonn an t-achomharcóir gur mhainnigh an Chúirt Ghinearálta fianaise a chur ina comhad imscrúdaithe.

Gearánann an t-achomharcóir nach raibh sé in ann, de bhun Airteagal 85(3) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, Cinneadh ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2021 maidir le bearta SA.32014, SA.32015, SA.32016 (2011/C) (ex 2011/NN) a chuir an Iodáil agus Réigiún na Sairdíne i bhfabhar Saremar (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C (2021) 6990) chun feidhme a chur le comhad an cháis, cinneadh a fuair an t-achomharcóir ón gCoimisiún tar éis iarratas ar rochtain ar an gcomhad.

De réir an achomharcóra, i bhfianaise ábharthacht chinneadh Saremar, rinneadh sárú follasach ar chearta cosanta an achomharcóra inar mainníodh éifeacht a thabhairt do bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta toisc gur mainníodh fianaise bhreise a chur i gcomhad an cháis, mar gheall gur sháraigh sé seo Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta féin agus go raibh sé contrártha leis an dualgas cúiseanna a fhorchuirtear ar aon institiúid de chuid an Aontais a lua.

____________