Language of document :

Caingean arna tabhairt an 29 Aibreán 2022 – Russian Direct Investment Fund v an Chomhairle

(Cás T-235/22)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Russian Direct Investment Fund (Moscó, an Rúis) (ionadaithe: K. Scordis agus A. Gavrielides, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

de bhun Airteagal 263 CFAE, Cinneadh (CFSP) 2022/346 ón gComhairle an 1 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CFSP ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine 1 (an Cinneadh atá faoi Chonspóid); agus Rialachán (AE) 2022/345 ón gComhairle an 1 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine 2 (an Rialachán atá faoi Chonspóid; dá ngairtear ‘na Gníomhartha atá faoi Chonspóid’ le chéile), sa mhéid go luaitear an t-iarratasóir iontu, nó go mbaineann siad leis nó go bhfuil feidhm acu maidir leis an iarratasóir;

mar mhalairt air sin, de bhun Airteagal 277 CFAE, a dhearbhú go bhfuil míreanna 3 agus 4 d’Airteagal 4b de Chinneadh 2014/512/CFSP ón gComhairle (arna leasú) agus míreanna 3 agus 4 d’Airteagal 2e de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 (arna leasú) neamh-infheidhmithe agus/nó ar neamhní, sa mhéid go luaitear an t-iarratasóir iontu, nó go mbaineann siad leis nó go bhfuil feidhm acu maidir leis an iarratasóir mar gheall ar neamhdhleathacht, agus an Cinneadh atá faoi Chonspóid agus an Rialachán atá faoi Chonspóid a chur ar neamhní, sa mhéid go luaitear an t-iarratasóir iontu, nó go mbaineann siad leis nó go bhfuil feidhm acu maidir leis an iarratasóir.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuiltear in éagmais ‘bonn fíorasach sách láidir’ chun na bearta sriantacha a bhfuil feidhm acu maidir leis an iarratasóir a fhorchur.

Theip go follasach ar an gComhairle a hoibleagáid a chomhlíonadh a áirithiú gur glacadh an cinneadh na bearta sriantacha a fhorchur ar an iarratasóir nó go ndearnadh rannpháirtíocht nó comhoibriú leis an Iarratasóir ‘ar bhonn fíorasach sách láidir’.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar cheart bunúsach an iarratasóra chun na cosanta agus chun cosanta breithiúna éifeachtaí.

Trí na Gníomhartha atá faoi Chonspóid a ghlacadh, sháraigh an Chomhairle cearta cosanta agus ceart chun cosanta breithiúnaí éifeachtaí sa mhéid gur amhlaidh an méid seo a leanas:

glacadh na Gníomhartha atá faoi Chonspóid gan fógra a thabhairt don iarratasóir, ní sular glacadh na Gníomhartha atá faoi Chonspóid ná faoi cheann teorainn ama réasúnta ina dhiaidh sin;

níor cuireadh fiú achoimre ar na cúiseanna ar glacadh na Gníomhartha atá faoi Chonspóid (sa mhéid go luaitear an t-iarratasóir iontu, nó go mbaineann siad leis nó go bhfuil feidhm acu maidir leis) ar fáil don iarratasóir riamh;

Níor nocht an cosantóir an fhianaise ar a rabhthas ag brath chun bonn a chur lena cinneadh glacadh leis na Gníomhartha atá faoi Chonspóid riamh agus níor thug sí an deis riamh don iarratasóir barúlacha a dhéanamh ná a chuid ceart a chosaint.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú i bhfoirm srian díréireach ar cheart bunúsach an iarratasóra chun gnó a sheoladh.

Trí na Gníomhartha atá faoi Chonspóid a ghlacadh, sháraigh an Chomhairle ceart bunúsach an iarratasóra chun gnó a sheoladh sa mhéid gur amhlaidh an méid seo a leanas:

cuirtear srian suntasach ar shaoirse an iarratasóra chun gnó a sheoladh leis na Gníomhartha atá faoi Chonspóid;

déantar dochar d’éirim an chirt bhunúsaigh a chumhdaítear in Airteagal 16 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh leis na Gníomhartha atá faoi Chonspóid;

mar gheall ar mhainneachtain na Comhairle a cuid oibleagáidí dlí a chomhlíonadh (lena n-áirítear a hoibleagáid cúiseanna a lua agus an fhianaise ar a bunaíodh na Gníomhartha atá faoi Chonspóid a nochtadh) cruthaítear go bhfuil sé dodhéanta don Chúirt a mheas agus a chinneadh an bhfuil na bearta sriantacha ábhartha (a) riachtanach agus an mbaintear na cuspóirí leasa ghinearálta dá saothraítear amach leo; agus (b) i gcomhréir leis an gcuspóir dá saothraítear;

ar chaoi ar bith, níl na bearta sriantacha dá dtagraítear riachtanach agus ní bhaintear amach an cuspóir dá saothraítear mar nach gcuireann gníomhaíochtaí an iarratasóra agus na tionscadail arna gcómhaoiniú ag an iarratasóir leis an ‘bhfogha míleata a thug an Rúis faoin Úcráin’ ná ní mhaoinítear, ní chumasaítear ná ní thacaítear le gníomhartha de chuid fhórsaí armtha na Rúise san Úcráin leo.

____________

1 IO 2022 L 63, lch. 5.

1 IO 2022 L 63, lch. 1.