Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Conseil d’État (an Bheilg) a taisceadh an 5 Eanáir 2022 – XXX v Commissaire général aux réfugiés et aux apatrides

(Cás C-8/22)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Conseil d’État

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: XXX

Cosantóir: Commissaire général aux réfugiés et aux apatrides

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An gcaithfear Airteagal 14[(4)(b)] de Threoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, ar mhaithe le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach agus inneachar na cosanta a thugtar 1 a léirmhíniú sa chaoi go bhforáiltear leis go bhfuil an bhagairt don tsochaí bunaithe ar an bhfíric gur ciontaíodh an tairbhí de stádas dídeanaí i leith coir fhíorthromchúiseach, le breithiúnas nach féidir achomharc a dhéanamh ina choinne, agus ar an bhfíric sin amháin, nó an gcaithfear é a léirmhíniú sa chaoi go bhforáiltear leis nach leor ciontú i leith coir fhíorthromchúiseach, nach féidir achomharc a dhéanamh ina choinne, chun a shuíomh go bhfuil bagairt ann don tsochaí?

Más rud é nach leor ciontú nach féidir achomharc a dhéanamh ina choinne i leith coir fhíorthromchúiseach chun a shuíomh go bhfuil bagairt ann don tsochaí, an gcaithfear Airteagal 14[(4)(b)] de Threoir 2011/95/AE a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear de cheangal ar an mBallstát a léiriú gur bagairt é an t-iarratasóir don tsochaí fós, ó ciontaíodh é? An gá don Bhallstát a shuíomh gur bagairt dháiríre láithreach é sin nó an leor bagairt ionchasach a bheith ann? An gcaithfear Airteagal 14[(4)(b)] de Threoir 2011/95/AE, ann féin nó i gcomhar le prionsabal na comhréireachta, a léirmhíniú sa chaoi go gceadaítear stádas duine mar dhídeanaí a aisghairm sa chás amháin go bhfuil an aisghairm sin comhréireach agus go bhfuil an bhagairt ó thairbhí an stádais sin tromchúiseach go leor chun údar cuí a thabhairt don aisghairm?

Más rud é nach gcaithfidh an Ballstát a léiriú gur bagairt é an t-iarratasóir don tsochaí fós, ó ciontaíodh é, agus gur bagairt dháiríre láithreach é atá tromchúiseach go leor chun údar cuí a thabhairt le stádas duine mar dhídeanaí a aisghairm, an gcaithfear Airteagal 14[(4)(b)] de Threoir 2011/95/AE a léirmhíniú sa chaoi go dtugtar le tuiscint leis go bhfuil an bhagairt don tsochaí bunaithe, i bprionsabal, ar an bhfíric gur ciontaíodh tairbhí den stádas dídeanaí i leith coir fhíorthromchúiseach, i mbreithiúnas nach féidir achomharc a dhéanamh ina choinne, ach gur féidir leis a léiriú nach bhfuil sé ina bhagairt nó nach bhfuil sé ina bhagairt a thuilleadh?

____________

1 IO 2011 L 337, lch. 9.