Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas (an Liotuáin) a taisceadh an 13 Samhain 2023 – M v Lietuvos bankas

(Cás C-671/23, Lietuvos bankas)

Teanga an cháis: an Liotuáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: M

Cosantóir: Lietuvos bankas

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An bhfuil Airteagal 59 de Threoir 2015/8491 le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta faoina mheastar, má chinneann an t-údarás náisiúnta inniúil go bhfuil roinnt sáruithe ann ar thacair dhifriúla ceanglas faoi Airteagal 59(1)(a) go (d) de Threoir 2015/849 i rith iniúchta amháin, gur sárú córasach ar leith é gach ceann de na sáruithe sin agus go bhfuil gach ceann de na sáruithe sin faoi réir fíneála ar leith leis an uasfhíneáil a leagtar síos sa dlí náisiúnta lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2015/849 á chur san áireamh?

An bhfuil Airteagal 59 de Threoir 2015/849 le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta faoina mheastar, má chinneann an t-údarás náisiúnta inniúil go bhfuil roinnt sáruithe ann ar thacair chéanna ceanglas faoi Airteagal 59(1)(a) go (d) de Threoir 2015/849 i rith iniúchta amháin, gur sárú córasach ar leith é gach ceann de na sáruithe sin agus go bhfuil gach ceann de na sáruithe sin faoi réir fineála ar leith leis an uasfhíneáil a leagtar síos sa dlí náisiúnta lena gcuirtear chun feidhme Treoir (AE) 2015/849 á chur san áireamh?

Más freagra dearfach a thabharfar ar, ar a laghad, ceann amháin de na ceisteanna thuas, cad iad na critéir nach mór a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh an bhfuil sárú faoi Airteagal 59 de Theoir 2015/849 córasach?

____________

1 Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO 2015 L 141, lch. 73).