Caingean arna tabhairt an 9 Samhain 2023 – Sp/f 62Nordic v EUIPO – Nixon Bui (nykur)
(Cás T-1062/23)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Sp/f 62Nordic (Tórshavn, Oileáin Fharó) (ionadaí: M. Hoffgaard Rasmussen, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Nixon Bui (Cóbanhávan, an Danmhairg)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh nykur – Trádmharc an Aontais Eorpaigh Uimh. 18 180 073
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí le haghaidh neamhniú
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 20 Meán Fómhair 2023 i gCás 2136/2022-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta i gcoinne an mhairc atá faoi chonspóid ina hiomláine a dheonú.
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 59(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________