Language of document :

Caingean arna tabhairt an 9 Samhain 2023 – ADS L. Kowalik, B. Włodarczyk v EUIPO – ESSAtech (Gabhálas le haghaidh cianrialtán gan sreang)

(Cás T-1064/23)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Pholainnis

Páirtithe

Iarratasóir: ADS L. Kowalik, B. Włodarczyk s.c. (Sosnowiec, an Pholainn) (ionadaithe: M. Oleksyn agus M. Stępkowski, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: ESSAtech (Přistoupim, Poblacht na Seice)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an dearaidh atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Dearadh atá faoi cheist: Dearadh Comhphobail ‘Cianrialtán (gan sreang) (Gabhálas le haghaidh -)’ – Dearadh Comhphobail Uimh. 4 539 302-0001

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le neamhbhailíocht

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón tríú Bord Achomhairc de EUIPO an 6 Meán Fómhair 2023 i gCás R 1070/2020-3

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus a leasú trí dhiúltú don iarratas ar dhearbhú neamhbhailíocht an dearaidh atá faoi cheist;

a ordú do EUIPO agus don idiragraí a gcostais féin agus costais an iarratasóra a íoc, go háirithe costais na n-imeachtaí os comhair EUIPO.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar an dara habairt d’Airteagal 62, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 63(2) agus Airteagal 108 de Rialachán Uimh. 6/2002, an chéad abairt d’Airteagal 27(2) agus Airteagal 27(4) de Rialachán Tarmligthe 2018/625 1 , agus Airteagal 41(2)(c) agus (1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, eadhon prionsabal an dea-riaracháin agus an chomhionannais arm;

Sárú ar Airteagal 8(1), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 25(1)(b) de Rialachán Uimh. 6/2002 agus Airteagal 41(2)(c) agus (1) den Chairt um Chearta Bunúsacha, eadhon prionsabal an dea-riaracháin.

____________

1     Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 ón gCoimisiún an 5 Márta 2018 ag forlíonadh Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1430 (IO 2018 L 104, lch. 1).