Language of document :

Caingean arna tabhairt an 24 Samhain 2023 – Suek v an Chomhairle

(Cás T-1112/23)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Siberian Coal Energy Company AO (Suek) (Moscó, an Rúis) (ionadaithe: N. Tuominen agus M. Krestiyanova, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

go gcuirfí ar neamhní go páirteach, de réir Airteagal 263 CFAE, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1765 ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin 1 agus Cinneadh 2023/1767/CBES an 13 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, 2 tríd na frásaí seo a leanas a bhaint ó na ráitis atá faoi chonspóid:

• taifead 721 in Iarscríbhinn I i ndáil leis an Uasal Melnichenko: ‘a bhfuil an mórtháirgeoir leasacháin EuroChem Group agus an chuideachta ghuail SUEK faoina sheilbh aige. Ón 9 Márta 2022 ar aghaidh, d’aistrigh an Uasal Melnichenko a chuid leasanna i SUEK agus i EuroChem Group chuig a chéile, Aleksandra Melnichenko. Tá tairbhe fós á baint aige as an tsaibreas ar aistrigh sé chuig a bhean chéile’; ‘Feidhm: Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin JSC SUEK’;

• taifead 1172 in Iarscríbhinn I i ndáil le Bean Melnichenko: ‘ar chuici a d’aistrigh sé rialú iarbhír agus tairbhe mhórtháirgeoir leasacháin EuroChem Group agus an chuideachta ghuail SUEK dá chuid an 9 Márta 2022. (…) I mí an Mhárta 2022, ghlac Aleksandra Melnichenko áit a fir chéile mar [úinéir] tairbhiúil ar Firstline Trust, atá á bhainistiú ag Linetrust PTC Ltd, cuideachta atá ina húinéir deiridh ar EuroChem Group’;

• taifead 893 in Iarscríbhinn I i ndáil leis an Uasal Mr Rashevsky: ‘bíodh is go mbíonn tionchar fós á imirt aige trí chuideachtaí caocha. (…) Is mórchuideachtaí de chuid na Rúise iad seo – atá faoi chomhúinéireacht Aleksandra Melnichenko, arb í an bhean le billiúnaí Rúiseach Andrei Melnichenko – a bhíonn ioncam suntasach á ghiniúint agus á sholáthar do rialtas na Rúise acu. Oibríonn siad i gcomhar le húdaráis na Rúise chomh maith, lena n-áirítear Vladimir Putin. Shínigh SUEK conarthaí le sanatóirí de chuid na Crimé ar mhaithe le córais sláinte fostaithe’;

a ordú don Chomhairle na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear earráid fhollasach mheasúnaithe agus ainm an iarratasóra á chur le ráiteas ar chúiseanna liostaí na ndaoine a bhfuil feidhm ag na bearta sriantacha maidir leo.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear mainneachtain i gcúiseanna a lua agus na bearta sriantacha á nglacadh.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar cheart na cosanta, ar an gceart chun éisteacht chóir a fháil a mhéid nach ndearna siad go bhfuil ceart na cosanta dá chuid infheidhmithe ag an iarratasóir, go háirithe an ceart chun éisteacht a fháil agus an ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil tionchar na ngníomhartha atá faoi chonspóid díréireach agus go bhfuil sé de shárú ar Airteagail 16, 17 agus 7 den Chairt um Chearta Bunúsacha.

____________

1 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1765 ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023 L 226, lch. 3).

1 Cinneadh (CBES) 2023/1767 ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023 L 226, lch. 104).