Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 6 Márta 2024 – Drinks Prod v EUIPO – Coolike-Regnery (VIVIASEPT)

(Cás T-796/22) 1

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar thrádmharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘VIVIASEPT’ – Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh níos luaithe ‘VIBASEPT’ – Forais choibhneasta le diúltú – Dóchúlacht mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017 /1001)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Drinks Prod SRL (Păntășești, An Rómáin) (ionadaithe: I. Speciac agus V. Stănese, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: J. Ivanauskas, Gníomhaire)

Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Coolike Regnery GmbH (Bensheim, an Ghearmáin) (ionadaithe: M. Finke agus T. Becker, Dlíodóirí)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 29 Meán Fómhair 2022 (Cás R 488/2022-5) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1.    Diúltaítear don chaingeam.

2.    Ordaítear do Drinks Prod SRL, Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) agus Coolike-Regnery GmbH a gcostais féin a íoc.

____________

1     IO C 54, 13.2.2023.