Language of document :

Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 4 Márta 2024 – Penta system v an Coimisiún

(Cás T-43/24 R)

(Faoiseamh eatramhach – Conarthaí soláthair phoiblí – Nós imeachta tairisceana – Diúltú do thairiscint tairgeora agus bronnadh an chonartha ar thairgeoir eile – Iarratas ar oibríocht a chur ar fionraí – Sárú ar cheanglais nós imeachta – Do-ghlacthacht)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Penta system Srl (Modugno, an Iodáil) (ionadaí: K. Duchoňová, Dlíodóir)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

Ábhar

Lena iarratas bunaithe ar Airteagail 278 agus 279 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar fionraí, ar an gcéad dul síos, cinneadh an Choimisiúin Eorpaigh an 27 Samhain 2023 lenar dhiúltaigh an Coimisiún an tairiscint a chuir sé isteach i nós imeachta tairisceana JRC/IPR/2022/RP/1912, dar teideal (‘Radioactive Waste Management Facilities Operations Maintenance (RAMA) Services’), agus, ar an dara dul síos, cinneadh an Choimisiúin lennar bhronn sé an conradh ar tháirgeoir eile.

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don iarratas ar bhearta eatramhacha.

Forchoimeádtar na costais.

____________