Language of document :

 ASK juge_de_renvoi "Nom de la juridiction de renvoi? (ex. Bundesgerichtshof (Allemagne))" \* CHARFORMAT  ASK partie "Partie dans la procédure pénale?" \* CHARFORMAT  ASK numaff "Affaire (C-…)?" \* CHARFORMAT  ASK ldp "Langue de procédure" \* CHARFORMAT Iarraidh ar réamhrialú ó Tribunal Judiciaire de Paris (an Fhrainc) a taisceadh an 5 Márta 2024 – RB agus páirtithe eile, mar chomharbaí i dteideal Claude Chabrol, RZ agus páirtithe eile, mar chomharbaí i dteideal Paul Gégauff v Brinter Company Ltd, Artedis SA, BS, MW, Société des Auteurs et Compositeurs Dramatiques (SACD), Société des auteurs compositeurs et éditeurs de musique (SACEM) agus páirtithe eile

(Cás C-182/24, SACD agus páirtithe eile)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur:

Tribunal Judiciaire de Paris

Páirtithe sna príomhimeachtaí:

Iarratasóirí: RB agus páirtithe eile, mar chomharbaí i dteideal Claude Chabrol, RZ agus páirtithe eile, mar chomharbaí i dteideal Paul Gégauff

Cosantóirí: Brinter Company Ltd, Artedis SA, BS, MW, Société des Auteurs et Compositeurs Dramatiques (SACD), Société des auteurs compositeurs et éditeurs de musique (SACEM) agus páirtithe eile

Ceisteanna a tharchuirtear

An gcaithfear Airteagail 2, 3, 4 agus 8 de Threoir 2001/29/CE an 22 Bealtaine 2001, Airteagail 1 go 3 de Threoir 2004/48/CE an 29 Aibreán 2004 1 , agus Airteagail 1, 2 agus 9 de Threoir 2006/116/CE an 12 Nollaig 2006 2 , sa mhéid is go n-áirithítear leo d’údar agus do chomhúdar saothair cineamatagraif nó closamhairc, an ceart eisiach chun atáirgeadh a gcuid saothair a údarú nó a thoirmeasc agus a nochtadh ar an mhargadh ar thréimhse cosanta a tugadh i gcrích 70 bliain tar éis bás an údair mharthanaigh deiridh, i measc comhoibrithe an tsaothair, i dteannta a cheanglaítear ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le pionóis éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha agus leigheasanna dlíthiúla iomchuí in aghaidh sáruithe cóipchirt, chomh maith le bearta, nósanna imeachta agus deisiúcháin nach bhfuil róchasta nó róchostasach, nó nach n-ionchorpraítear teorainneacha ama míréasúnta ná moilleanna gan údar ag gabháil leo, a léamh sa chaoi a cheanglaítear ar chaingne sáraithe cóipchirt saothair comhoibrithe, ag sealbhóir an cheada, chun go mbeadh an t-iarratas bhailí, de gach comhúdar an tsaothair?

An gcaithfear an ceart atá ag sealbhóir an cóipchirt chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fheidhmiú agus rochtain ar thriail chóir a fháil, comhpháirt an phróis chuí, mar a ráthaítear in Airteagail 2, 3, 4 agus 8 de Threoir 2001/29/CE an 22 Bealtaine 2001 1 , Airteagail 1 go 3 de Threoir 2004/48/CE an 29 Aibreán 2004, Airteagail 1, 2 agus 9 de Threoir 2006/116/CE an 12 Nollaig 2006, Treoir 2006/115 an 12 Nollaig 2006 2 , agus Airteagail 17 agus 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, le léiriú sa chaoi go bhfuil, nó nach bhfuil, caingne maidir le sárú chóipchirt faoi réir gach comhúdar an tsaothair?

____________

1 Treoir 2004/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 29 Aibreán 2004, maidir le cearta maoine intleachtúla a fhorfheidhmiú (IO 2004, L 157, lch. 45, agus leasaitheacha IO 2004, L 195, lch. 16 agus IO 2007, L 204, lch. 27).

1 Treoir 2006/116/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 12 Nollaig 2006, maidir leis an téarma cosanta do chóipcheart agus do chearta gaolmhara (leagan códaithe) (IO 2006, L 372, lch. 12).

1 Treoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 22 Bealtaine 2001, maidir le gnéithe áirithe den chóipcheart agus de chearta gaolmhara a chomhchuibhiú sa tsochaí faisnéise (IO 2001, L 167, lch. 10).

1 Treoir 2006/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 12 Nollaig 2006, maidir leis an gceart cíosa agus an ceart iasachta agus maidir le cearta áirithe a bhaineann le cóipcheart i réimse na maoine intleachtúla (IO 2006, L 376, lch. 28).