Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Riigikohus (an Eastóin) a taisceadh an 19 Nollaig 2023 – OÜ Voore Mets, AS Lemeks Põlva v Keskkonnaamet

(Cás C-784/23, Voore Mets agus Lemeks Põlva)

Teanga an cháis: an Eastóinis

An chúirt a rinne an tarchur

Riigikohus

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóirí ar phointe dlí: OÜ Voore Mets, AS Lemeks Põlva

Freagróir ar phointe dlí: Keskkonnaamet

Na ceisteanna a tharchuirtear

An féidir Airteagal 5(a), (b) agus (d) de Threoir 2009/147/CE1   ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú a léiriú sa chaoi nach bhfuil feidhm ag na toirmisc a leagtar síos ann ach a mhéid is gá chun daonra an speicis lena mbaineann a chaomhnú ar leibhéal a fhreagraíonn do cheanglais éiceolaíochta, eolaíochta agus cultúrtha, agus ceanglais eacnamaíochta agus fóilíochta á gcur san áireamh de réir bhrí Airteagal 2, ar choinníoll nach bhfuil marú ná corraí éan, ná scriosadh ná damáiste dá neadacha nó uibheacha mar chuspóir den ghníomh?

An bhfuil Airteagal 5(a), (b) agus (d) de Threoir 2009/147, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2 den Treoir sin, le léiriú sa chaoi go ndéantar na gníomhartha toirmiscthe faoi na forálacha sin le linn séasúr pórúcháin na n-éan d’aon ghnó, inter alia, nuair is féidir glacadh leis, ar bhonn sonraí eolaíochta agus breathnóireacht ar na héin aonair, go bhfuil thart ar dheich bpéire éan in aghaidh an heictéir ag neadú i bhforaois atá le glanadh (glanleagan) gan é a bheith léirithe go bhfuil éin aonair de speicis éin atá i staid neamhfhabhrach ag neadú sa limistéar leagain crainn?

An bhfuil Airteagal 5(a), (b) agus (d) de Threoir 2009/147, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2 den Treoir sin, le léiriú sa chaoi go ndéantar na gníomhartha toismiscthe faoi na forálacha sin le linn shéasúr pórúchán na n-éin d’aon ghnó, inter alia, nuair is féidir glacadh leis, ar bhonn sonraí eolaíochta go bhfuil thart ar dheich bpéire éan in aghaidh an heictéir ag neadú i bhforaois ina bhfuil cuid de na crainn le leagan (leagan fothainiúil), gan chúis a bheith ann lena chreidiúint go bhfuil éin aonair de speicis éin atá i staid neamhfhabhrach ag neadú sa limistéar leagain?

An féidir an tríú fleasc d’Airteagal 9(1)(a) de Threoir 2009/147, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2 den Treoir sin a léiriú sa chaoi go bhfuil reachtaíocht Bhallstáit i gcomhréir leis má cheadaíonn sé maoluithe ó na toirmisc a rialaítear le hAirteagal 5(a), (b) agus (d) den Treoir sin sa chaoi gur féidir an glanleagan a dhéanamh le linn shéasúir pórúcháin agus tógála na n-éan d’fhonn damáiste tromchúiseach don fhoraois mar mhaoin a chosc?

An féidir an tríú fleasc d’Airteagal 9(1)(a) de Threoir 2009/147, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2 den Treoir sin, a léiriú sa chaoi go gceadaítear maoluithe ó na toirmisc a rialaítear le hAirteagal 5(a), (b) agus (d) den Treoir sin sa chaoi gur féidir leagan fothainiúil a dheanamh le linn shéasúr pórúcháin agus tógála na n-éan d’fhonn damáiste tromchúiseach don fhoraois mar mhaoin a chosc?

Mura gceadaíonn Treoir 2009/147 glanleagan le linn shéasúr pórúcháin agus tógála na n-éan atá beartaithe chun damáiste tromchúiseach d’fhoraoisí mar mhaoin a chosc, an bhfuil córas den sórt sin i gcomhréir le hAirteagail 16 agus 17 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus an bhfuil feidhm aige fiú mura ndéanann an leagan dochar do speicis éan atá i staid neamhfhabhrach?

Mura gceadaíonn Treoir 2009/147 leagan fothainiúil le linn shéasúr pórúcháin agus tógála na n-éan atá beartaithe chun damáiste tromchúiseach a dhéanamh d’fhoraoisí mar mhaoin, an bhfuil córas den sórt sin i gcomhréir le hAirteagal 16 agus 17 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus an bhfuil feidhm aige fiú mura ndéanann an leagan dochar do speicis éan atá i staid neamhfhabhrach?

____________

1     Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO 2010 L 20, lch. 7).