Language of document :

Breithiúnas na Cúirte (an Naoú Dlísheomra) an 13 Deireadh Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Finanzgericht Bremen – an Ghearmáin) – X GmbH & Co. KG v Finanzamt Bremen

(Cás = "n" "Case"  IF = "o" "Joined Cases" C-431/21) 1

(Tarchur chun réamhrialú – Saoirse bunaíochta agus saoirse chun seirbhísí a sholáthar – Cáin chorparáide – Meastúchán ar ioncam inchánach cuideachtaí – Idirbhearta le gnéithe eachtrannacha – Oibleagáid cáipéisíocht chánach a sholáthar maidir le caidrimh tráchtála idir daoine ag a bhfuil caidrimh idirthuilleamaíochta – Meastachán agus formhuirear ar ioncam inchánach mar phionós)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Finanzgericht Bremen

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: X GmbH & Co. KG

Cosantóir: Finanzamt Bremen

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagal 49 CFAE a léiriú amhail nach gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta, ar an gcéad dul síos, faoina bhfuil cáiníocóir faoi oibleagáid cáipéisíocht a sholáthar maidir le cineál agus inneachar chomh maith le bonn eacnamaíoch agus dlí an phraghais agus na gcoinníollacha tráchtála eile a ghabhann lena chuid idirbheart tráchtála trasteorann le daoine a bhfuil caidreamh idirthuilleamaíochta caipitil nó eile lena gceadaítear don cháiníocóir sin nó do na daoine sin tionchar áirithe a imirt ar an duine eile agus ina bhforáiltear, ar an dara dul síos, i gcás sáruithe ar an oibleagáid sin, ní hamháin go dtoimhdítear, ar bhealach inbhréagnaithe, ioncam inchánach an cháiníocóra sa Bhallstát lena mbaineann a bheith níos airde ná mar a dearbhaíodh, agus an t-údarás cánach a bheith in ann meastachán a thabhairt chun aimhleasa an cháiníocóra, ach chomh maith go ngearrfaí formhuirear de luach, ar a laghad 5 %, agus ar a mhéid, 10 % den mhéid breise arna ríomh, ar íosmhéid EUR 5 000, murach gur inmhaite mainneachtain na hoibleagáide seo a chomhlíonadh, nó más mion an locht.

____________

1 IO C 401, 04.10.2021.