Ordú na Cúirte Ginearálta an 23 Samhain 2023 – D’Agostino v BCE
(Cás T-326/23) 1
(Caingne i leith damáistí – Beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta – Ráiteas ó Uachtarán an BCE le linn preasagallamh – Deighilt na gcumhachtaí idir comhlachtaí an BCE – Sárú tromchúiseach go leor ar riail dlí atá beartaithe cearta a thabhairt do dhaoine aonair – Nasc cúisíoch – Caingean gan bhunús sa dlí go follasach)
Teanga an cháis: an Iodáilis
Páirtithe
Iarratasóir: Aldo D’Agostino (Napoli, an Iodáil) (ionadaí: Mr De Siena, Dlíodóir)
Cosantóir: An Banc Ceannais Eorpach (ionadaithe: O. Heinz, M. Ioannidis, L. Cardone agus M. Szablewska, Gníomhairí)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir cúiteamh i leith damáistí a líomhnaítear a d’fhulaing sé tar éis ráiteas a rinne Uachtarán an Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE) an 12 Márta 2020.
An chuid oibríochtúil
1) Diúltaítear don chaingean toisc í a bheith gan bhunús sa dlí go follasach.
2) Ordaítear do Aldo D’Agostino na costais a íoc.
____________
1 IO C 278, 7.8.2023.