Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 22 Samhain 2023 – QN v eu-LISA
(Cás T-484/22) 1
(Seirbhís shibhialta – Baill foirne shealadacha – Athaicmiú – Cleachtadh athaicmithe 2021 – Cinneadh gan athaicmiú a dhéanamh – Rátaí iolrúcháin treoracha – Forálacha ginearálta um Airteagal 54 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile a chur chun feidhme – Pléadáil neamhdhleathachta – Cóir chomhionann – Dliteanas)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: QN (ionadaí: H. Tagaras, Dlíodóir)
Cosantóir: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (ionadaithe: M. Chiodi, Gníomhaire, le cúnamh ó A. Duron agus D. Waelbroeck, Dlíodóirí)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir ar thaobh amháin go gcuirfí Cinneadh ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) an 22 Nollaig 2021 gan an t-iarratasóir a athaicmiú ag deireadh chleachtadh athaicmithe 2021 a chur ar neamhní, agus ar an taobh eile, go gcúiteofar an damáiste a mhaíonn sé a bheith fulaingthe aige mar thoradh ar gan é a athaicmiú.
An chuid oibríochtúil
Cuirtear an Cinneadh ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) an 22 Nollaig 2021 gan an t-iarratasóir a athaicmiú ag deireadh chleachtadh athaicmithe 2021 ar neamhní;
Diúltaítear don chuid eile den chaingean.
Ordaítear do eu-LISA na costais a íoc.
____________
1 IO C 380, 3.10.2022.