Language of document : ECLI:EU:C:2023:906

TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA

COLLINS

arna tabhairt an 23 Samhain 2023 (1)

Cás C221/22 P

an Coimisiún Eorpach

v

Deutsche Telekom AG

(Achomharc – Iomaíocht – Mí-úsáid ceannasachta – Breithiúnas lena gcuirtear an cinneadh ar páirt‑neamhní agus lena laghdaítear méid na fíneála – Oibleagáid ar an gCoimisiún ús a íoc – Ús mainneachtana – Airteagail 266 agus 340 CFAE – Airteagal 90 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012)






 I.      Réamhrá

1.        Glacann institiúid de chuid an Aontais cinneadh ar dá bhun a íocann gnóthas suim airgid léi ar bhonn sealadach. Ina dhiaidh sin, dearbhaíonn an Chúirt Bhreithiúnais go bhfuil cuid den chinneadh sin, nó an cinneadh iomlán, ar neamhní. Iarrann an gnóthas go n‑aisíocfadh institiúid an Aontais an tsuim sin, in éineacht le ‘hús mainneachtana’, mar a thugann sé air, arna ríomh ar an tsuim a dearbhaíodh gur íocadh í go míchuí, ó dháta íoctha na suime go dtí go dtabharfaidh an Chúirt an breithiúnas. An gceanglaítear le dlí an Aontais ar institiúid an Aontais géilleadh don iarratas sin? Is é sin, i mbeagán focal, an cheist a iarrann an Coimisiún ar an gCúirt go réiteodh sí leis an achomharc seo.

2.        Baineann an freagra ar an gceist sin leis an gcéad mhír d’Airteagal 266 CFAE. An bhfuil íocaíocht ‘úis mainneachtana’ atá á lorg sa chaingean seo i measc na mbeart riachtanach a bhfuil a nglacadh incheangailte ar institiúid de chuid an Aontais chun déanamh de réir bhreithiúnas na Cúirte? Tá an measúnú sin le déanamh i gcomhthéacs cásdlí ina dtugtar an téarma ‘úis mainneachtana’ ar choincheapa dlí ar leith arb éagsúil na cuspóirí a gcomhlíontar leo. Cuirtear i gcuimhne leis an bplé sin an comhrá clúiteach idir Filimín Failimín agus Eilís in Lastall den Scáthán le Lewis Carroll. (2)

 II.      Fíricí agus Imeachtaí

 A.      Cúlra an achomhairc

3.        An 15 Deireadh Fómhair 2014, ghlac an Coimisiún Eorpach Cinneadh C(2014) 7465 final a bhaineann le himeacht faoi Airteagal 102 CFAE agus Airteagal 54 de Chomhaontú LEE (Cás AT.39523 – Slovak Telekom) (‘cinneadh 2014’). Fuarthas i gcinneadh 2014 gur sháraigh Deutsche Telekom AG agus Slovak Telekom a.s. Airteagal 102 CFAE agus Airteagal 54 den Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eacnamaíoch Eorpach (LEE). Gearradh leis fíneáil EUR 38 838 000 ar Deutsche Telekom agus ar Slovak Telekom i gcomhpháirt agus go leithleach, agus fíneáil EUR 31 070 000 ar leith ar Deutsche Telekom.

4.        An 24 Nollaig 2014, thug Deutsche Telekom caingean chun cinneadh 2014 a chur ar neamhní.

5.        An 16 Eanáir 2015, d’íoc Deutsche Telekom EUR 31 070 000 go sealadach leis an gCoimisiún.

6.        Le breithiúnas an 13 Nollaig 2018, Deutsche Telekom v an Coimisiún (T‑827/14, EU:T:2018:930; ‘breithiúnas 2018’), rinne an Chúirt Ghinearálta laghdú EUR 12 039 019 ar mhéid na fíneála a cinneadh go raibh Deutsche Telekom faoina dliteanas ina aonair. An 19 Feabhra 2019, d’aisíoc an Coimisiún an tsuim sin le Deutsche Telekom.

7.        An 21 Feabhra 2019, rinne Deutsche Telekom achomharc i gcoinne bhreithiúnas 2018.

8.        An 12 Márta 2019, d’iarr Deutsche Telekom ar an gCoimisiún ús mainneachtana EUR 12 039 019 a íoc don tréimhse ón 16 Eanáir 2015 go dtí an 19 Feabhra 2019. Bhraith Deutsche Telekom ar bhreithiúnas an 12 Feabhra 2019, Printeos v an Coimisiún (T‑201/17, EU:T:2019:81) mar thaca lena iarratas.

9.        Le litir dar dáta an 28 Meitheamh 2019 (‘an cinneadh atá faoi chonspóid’), dhiúltaigh an Coimisiún ús mainneachtana a íoc le Deutsche Telekom, á rá gur ceanglaíodh le breithiúnas 2018 luach ainmniúil an laghdaithe ar an bhfíneáil a aisíoc. Agus Airteagal 90 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha i dtaca le cur chun feidhme Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme do bhuiséad ginearálta an Aontais (‘Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012’) á chur i bhfeidhm aige, (3) d’aisíoc an Coimisiún an luach ainmniúil gan ús ó ba dhiúltach an toradh ar an méid sin le linn na tréimhse ábhartha. Dúirt an Coimisiún freisin gur thaisc sé achomharc i gcoinne bhreithiúnas an 12 Feabhra 2019, Printeos v an Coimisiún (T‑201/17, EU:T:2019:81).

10.      Dhíbh an Chúirt achomharc an Choimisiúin le breithiúnas an 20 Eanáir 2021, an Coimisiún v Printeos (C‑301/19 P, EU:C:2021:39; ’an breithiúnas in Printeos’).

11.      Le breithiúnas an 25 Márta 2021, Deutsche Telekom v an Coimisiún (C‑152/19 P, EU:C:2021:238), dhíbh an Chúirt achomharc Deutsche Telekom i gcoinne bhreithiúnas 2018, ar dá réir a tháinig an laghdú ar an bhfíneáil arna forchur chun bheith críochnaitheach.

 B.      An breithiúnas atá faoi achomharc

12.      An 9 Meán Fómhair 2019, thaisc Deutsche Telekom caingean os comhair na Cúirte Ginearálta chun an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní. D’iarr sé ordú chomh maith go gcúiteodh an Coimisiún an caillteanas a bhain do Deutsche Telekom trí dho-fhaighteacht na suime arna híoc go míchuí aige. Mar mhalairt air sin, d’iarr sé ordú go gceanglódh an Chúirt Ghinearálta ar an gCoimisiún ús mainneachtana a íoc ar an méid arna íoc go míchuí ón dáta ar íocadh an fhíneáil go sealadach go dtí dáta a haisíocaíochta. Bhí an t‑ús mainneachtana sin le ríomh ar bhonn an ráta a chuir an Banc Ceannais Eorpach (‘BCE’) i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, móide 3.5 pointe céatadáin nó, mar mhalairt air sin, trí thagairt do ráta a mheas an Chúirt Ghinearálta a bheith iomchuí. D’iarr sé freisin ordú go gceanglódh an Chúirt Ghinearálta ar an gCoimisiún ús mainneachtana a íoc ar an méid atá dlite ó fhógairt an bhreithiúnais atá le tabhairt sna himeachtaí os comhair na cúirte sin go dtí go n‑aisíocfadh an Coimisiún an tsuim sin.

13.      Ina breithiúnas an 19 Eanáir 2022, Deutsche Telekom v an Coimisiún (T‑610/19, EU:T:2022:15; ‘an breithiúnas atá faoi achomharc’), dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta don chuntar éilimh ag lorg cúitimh mar gheall ar an gcaillteanas de dheasca dho-fhaighteacht na suime arna híoc go míchuí. Ní raibh sé léirithe ag Deutsche Telekom gur bhain caillteanas brabúis dó toisc nárbh fhéidir leis an tsuim sin a infheistiú ina ghnó nó gur tugadh air éirí as aon tionscadal ar leith mar gheall ar dho-fhaighteacht na suime sin.

14.      Maidir leis an gcuntar éilimh ar chúiteamh de dheasca diúltú ag an gCoimisiún ús mainneachtana a íoc ar an méid arna íoc go míchuí ó dháta a íoctha go dtí gur aisíocadh é, chinn an Chúirt Ghinearálta gur shárú tromchúiseach go leor ar an gcéad mhír d’Airteagal 266 CFAE ab ea cinneadh 2014, ar dá dheasca a bhain caillteanas do Deutsche Telekom. Chinn an Chúirt Ghinearálta gur riail dlí í an chéad mhír d’Airteagal 266 CFAE a bheartaítear chun cearta a thabhairt do dhaoine aonair. Ós le héifeacht ex tunc a chuirtear beart de chuid reachtóir an Aontais ar neamhní, déantar é a dhíothú go cúlghabhálach. I gcás inar íocadh suim airgid go míchuí le hinstitiúid an Aontais, bíonn ceart ann chun aisíocaíocht na suime sin, mar aon le hús mainneachtana. Is é is cuspóir le hús mainneachtana ná go gcúiteofaí ar chothromráta an caillteanas a bhaineann le gan bheith in ann airgead atá dlite a theachtadh agus go spreagfaí féichiúnaí le déanamh de réir breithiúnais a luaithe is féidir. Dá bhrí sin, is bunchuid é ús mainneachtana a íoc den oibleagáid atá ar an gCoimisiúin faoin gcéad mhír d’Airteagal 266 CFAE an t‑iarratasóir a chur ar ais sa staid ina raibh sé ar dtús, ar fíneáil a chur ar neamhní. Cuirtear cúiteamh ar fáil faoin oibleagáid ús mainneachtana a íoc ar chothromráta as moill oibiachtúil atá ann de bharr, ar an gcéad dul síos, fhad na n‑imeachtaí dlí; ar an dara dul síos, na teidlíochta atá ag gnóthas a d’íoc fíneáil go sealadach a chuirtear ar ceal nó a laghdaítear ina dhiaidh sin; agus, ar an tríú dul síos, éifeacht ex tunc orduithe Chúirteanna an Aontais. Ghlac an Chúirt Ghinearálta leis nach bhféadfaí an Coimisiún a spreagadh leis an oibleagáid ‘ús mainneachtana’ a aisíoc a fuair sé go míchuí sula dtabharfar breithiúnas chun cuid, nó iomlán, d’fhíneáil a chur ar neamhní.

15.      Dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta d’argóint an Choimisiúin gurbh amhlaidh, de réir Airteagal 90(4) de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012, gur ceanglaíodh air gan ach an ‘t‑ús’ a aisíoc ‘arna shaothrú’ leis an méid arna fháil aige go míchuí. (4) Tá oibleagáid ann ‘ús mainneachtana’ a íoc gan dochar d’aon suimeanna a íoc arna saothrú, de réir Airteagal 90(4) de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012. Dá réir sin, chinn an Chúirt Ghinearálta nár ghá rialú a thabhairt ar an tsaincheist dlí arna maíomh ag Deutsche Telekom maidir le neamhdhleathacht Airteagal 90(4) de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012.

16.      Tháinig an Chúirt Ghinearálta ar an gconclúid go raibh oibleagáid ar an gCoimisiún ús mainneachtana a íoc arna ríomh ó dháta na híocaíochta sealadaí de bharr na hoibleagáide faoin gcéad mhír d’Airteagal 266 CFAE déanamh de réir bhreithiúnas 2018. Bhí uasmhéid an éilimh ar aisíoc de bharr íocaíocht shealadach fíneála cinnte nó insocraithe ar dáta na híocaíochta sin faoi threoir tosca oibiachtúla. Is ús mainneachtana an t‑ús atá le híoc agus ní raibh ús cúiteach i gceist ar chor ar bith. Chinn sí go raibh an diúltú ús mainneachtana a íoc de réir na gcoinníollacha sa dara mír d’Airteagal 266 CFAE, arna léamh i gcomhar leis an dara mír d’Airteagal 340 CFAE, chun dliteanas neamhchonarthach an Aontais Eorpaigh a agairt.

17.      Chun an ráta úis mainneachtana a chinneadh, chuir an Chúirt Ghinearálta Airteagal 83 de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012, dar teideal ‘Ús mainneachtana’ i bhfeidhm, de réir analaí. Bhí sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún an ráta a íoc a chuir BCE i bhfeidhm ar a phríomhoibleagáidí athmhaoiniúcháin, móide 3.5 pointe céatadáin, eadhon 3.55 %, sa tréimhse idir an 16 Eanáir 2015 agus an 19 Feabhra 2019, arbh ionann é agus EUR 1 750 522.83.

18.      Dúirt an Chúirt Ghinearálta ar deireadh, ó fhógairt an bhreithiúnais faoi achomharc go dtí go ndéanann an Coimisiún iomlán na híocaíochta, go raibh ús mainneachtana le cur leis an méid dlite, arna ríomh mar an tsuim a chuir BCE i bhfeidhm ar a phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, móide 3.5 pointe céatadáin.

 C.      An tachomharc

19.      Rinne an Coimisiún an t‑achomharc seo an 28 Márta 2022. D’iarr sé go leagfaí ar an Mór-Dhlísheomra é ionas go bhfuil athscrúdú indéanta ag an gCúirt ar an gcur chuige a ghlac sí i mbreithiúnas Printeos. (5)

20.      Maíonn an Coimisiún dhá shaincheist dlí san achomharc. Áitítear leis an gcéad cheann go ndearnadh earráid dlí sa bhreithiúnas atá faoi achomharc trína chinneadh go bhforchuirtear le hAirteagal 266 CFAE oibleagáid gan coinníoll ar an gCoimisiún ús mainneachtana a íoc le haghaidh na tréimhse idir íocaíocht shealadach na fíneála agus aisíocaíocht aon suime arna híoc go míchuí. Maítear leis an dara saincheist dlí go ndearnadh earráid dlí sa bhreithiúnas atá faoi achomharc trína chinneadh, de réir analaí le hAirteagal 83(2)(b) de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012, go raibh sé de cheangal ar an gCoimisiún ús mainneachtana a íoc de réir an ráta arna chur i bhfeidhm ag BCE i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, móide 3.5 pointe céatadáin.

21.      Áitíonn Deutsche Telekom gur cheart don Chúirt an t‑achomharc a dhíbhe toisc é a bheith do-ghlactha agus, in aon chás, gan bhunús.

22.      Ag an éisteacht an 12 Iúil 2023, thíolaic na páirtithe argóint ó bhéal agus d’fhreagair siad ceisteanna arna gcur ag an gCúirt.

 III.      Measúnú

 A.      Inghlacthacht

23.      De réir Deutsche Telekom, ba cheart diúltú don achomharc ina iomláine toisc é a bheith do-ghlactha toisc go ndírítear é i gcoinne an bhreithiúnais in Printeos i ndáiríre, atá tagtha chun bheith críochnaitheach. Chuir an Chúirt Ghinearálta an cásdlí sin i bhfeidhm go dílis agus dá bhrí sin ní fhéadfadh sí aon earráid dlí a dhéanamh. Ina thuairim, is do-ghlactha an snáithe argóintí atá á agairt ag an gCoimisiún chun breithiúnas Printeos a cháineadh chomh maith, ós rud é nár ardaíodh é os comhair na Cúirte Ginearálta.

24.      Áitíonn Deutsche Telekom chomh maith gur do-ghlactha an chéad saincheist dlí ó theip ar an gCoimisiún a oiread is sliocht amháin den bhreithiúnas faoi achomharc lenar cinneadh go bhfuil oibleagáid an Choimisiúin ús mainneachtana a íoc de chineál pionósach. Ní pionós é ús mainneachtana a dheonú ach cúiteamh, ar chothromráta, as úsáid a chuid cistí a cheilt ar ghnóthas. Áitíonn Deutsche Telekom chomh maith nach ndéantar leis an gcéad chuid den chéad saincheist dlí agus leis an dara saincheist dlí ach athrá ar na hargóintí arna gcur chun tosaigh os comhair na Cúirte Ginearálta agus gur do-ghlactha iad dá bhrí sin. Is do-ghlactha an dara, tríú, ceathrú, cúigiú agus séú cuid den chéad saincheist dlí toisc go dtugtar san achomharc seo na hargóintí sin isteach den chéad uair sna himeachtaí seo.

25.      Freagraíonn an Coimisiún gur i gcoinne an bhreithiúnais faoi achomharc seachas an breithiúnas in Printeos, a dhírítear an t‑achomharc. Tá roinnt de na breithnithe arna leagan amach sa bhreithiúnas faoi achomharc nach bhfuil le fáil i mbreithiúnas Printeos. Ó thaobh na chéad saincheiste dlí de, is ábhar conspóide ag an gCoimisiún an cinneadh go gceanglaítear air ús mainneachtana a íoc, faoi mar a chinntear sa bhreithiúnas atá faoi achomharc. Éilíonn an Coimisiún chomh maith, fiú má dhéantar athrá leis an gcéad saincheist dlí agus leis an dara saincheist dlí ar na hargóintí arna gcur chun tosaigh aige os comhair na Cúirte Ginearálta, go bhfuil sé i dteideal déanamh amhlaidh mar chuid d’agóid i gcoinne léiriú agus chur i bhfeidhm dhlí an Aontais ag an gCúirt Ghinearálta. Forbraítear leis an dara, tríú, ceathrú, cúigiú agus séú cuid den chéad saincheist dlí argóintí a rinne sé os comhair na Cúirte Ginearálta agus cuirtear faoi chonspóid leo cinntí éagsúla sa bhreithiúnas atá faoi achomharc.

26.      De réir Airteagal 170 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais, ní féidir ábhar na n‑imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta a athrú le hachomharc. Is féidir athscrúdú a dhéanamh ar phointí dlí a rinneadh cinneadh ina leith ag an gcéad chéim mar chuid d’agóid i gcoinne léiriú agus chur i bhfeidhm dhlí an Aontais ag an gCúirt Ghinearálta. (6) Chuirfí achomharc ó fheidhm go páirteach i gcás nárbh fhéidir le hachomharcóir achomharc a bhunú ar shaincheisteanna agus argóintí arna n‑agairt aige ag an gcéad chéim. (7) Dá gcuirfí cosc ar achomharcóir déanamh amhlaidh, bhainfí an bonn freisin den riail sheanbhunaithe nach iad atá faoi dhlínse na Cúirte ar achomharc ach cinntí dlí arna ndéanamh i ndáil le saincheisteanna arna n‑áitiú ag an gcéad chéim. (8) Tá sé cinnte agus athchinnte ag an gCúirt go bhfuil achomharcóir i dteideal achomharc a dhéanamh ar fhorais a eascraíonn ón mbreithiúnas faoi achomharc agus lena bhféachtar lena chruinneas ó thaobh an dlí de a cháineadh. (9) Ardaítear pointí dlí atá inchonspóidte mar sin leis an léiriú agus cur i bhfeidhm ar chásdlí Chúirteanna an Aontais, lena n‑áirítear an breithiúnas in Printeos, sa bhreithiúnas faoi achomharc. Dá bhrí sin, molaim don Chúirt agóidí Deutsche Telekom i gcoinne inghlacthacht an achomhairc ina iomláine a dhíbhe.

27.      Maíonn an Coimisiún leis an gcéad saincheist dlí, de bhrí nach ndearna sí cineál pionósach an úis mainneachtana a mheas, go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trína ordú don Choimisiún an t‑ús sin a íoc. Ní hé líomhain an Choimisiúin go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dhearfach ina measúnú, ach gur theip ar a hanailís dlí breithniú ábhartha a chur san áireamh. Mar sin, is beag an t‑ábhar iontais nár aithin an Coimisiún sleachta sa bhreithiúnas atá faoi achomharc lena gcinntear go bhfuil ús mainneachtana de chineál pionósach. Is follasach gur pointe dlí atá á dhéanamh ag an gCoimisiún. Dá bhrí sin, molaim don Chúirt diúltú d’agóid Deutsche Telekom i gcoinne inghlacthacht na chéad saincheiste dlí.

28.      Dar liomsa, is leor na barúlacha seo den Tuairim seo, chun freagra a thabhairt ar agóidí Deutsche Telekom (i) i gcoinne inghlacthacht na chéad chuid den chéad saincheist dlí agus i gcoinne an dara saincheist dlí ar an mbonn go ndéantar athrá leo ar na hargóintí os comhair na Cúirte Ginearálta, agus (ii) i gcoinne inghlacthacht an dara, an tríú, an cheathrú, an chúigiú agus an séú cuid den chéad saincheist dlí ar an mbonn go n‑ardaítear iad den chéad uair ar achomharc. Chun nach mbeadh amhras ann, measaim gurb iad atá sna hargóintí éagsúla faoi rúibric an dara, an tríú, an cheathrú, an chúigiú agus an séú cuid den chéad saincheist dlí ná pointí dlí a eascraíonn ón mbreithiúnas atá faoi achomharc a bhfuil an Coimisiún i dteideal iad a ardú os comhair na Cúirte Breithiúnais.

29.      Dá réir sin, molaim don Chúirt diúltú d’agóid Deutsche Telekom i gcoinne inghlacthacht an achomhairc agus seasamh leis ina iomláine.

 B.      An tsubstaint

 1.      Earráidí sa dlí agus oibleagáid á bunú ús mainneachtana a íoc ó dháta bailithe shealadaigh na fíneála

–       Argóintí na bpáirtithe

30.      Tá sé chuid sa chéad saincheist dlí. Áitítear sa chéad chuid go bhfuil an breithiúnas atá faoi achomharc curtha ó bhail ag earráid dlí a mhéid a ordaíodh leis don Choimisiún ús mainneachtana a íoc ar EUR 12 039 019 ó dháta bailithe shealadaigh na fíneála go dtí dáta thabhairt bhreithiúnas 2018. D’aisíoc an Coimisiún an phríomhshuim a bhí dlite do Deutsche Telekom de bharr bhreithiúnas 2018. Saothraíodh ús diúltach trí chur i bhfeidhm Airteagal 90(4) de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012 maidir le méid na fíneála arna bhailiú go sealadach, ar Rialachán é nár thug an Chúirt Ghinearálta rialú maidir lena dhleathacht. Níor chuir an Coimisiún an caillteanas sin ar aghaidh chuig Deutsche Telekom.

31.      Áitíonn an Coimisiún leis an dara cuid den chéad saincheist dlí go bhfuil an breithiúnas faoi achomharc ag teacht salach ar an gcásdlí roimh an mbreithiúnas in Printeos. Tugtar le fios leis an gcásdlí lena rialaítear muirir arna mbailiú go míchuí, (10) aisghabháil Státchabhrach neamhdhleathaí (11) agus aisíocaíocht dleachtanna frithdhumpála, (12) i gcásanna atá inchomparáide leo siúd atá á mbreithniú san achomharc seo, go gceanglaítear ar an gCoimisiún gan ús mainneachtana, ach ús cúiteach, a íoc chun saibhriú éagórach a sheachaint. Baintear an t‑aon tátal amháin as cásdlí lena rialaítear aisíocaíocht fíneálacha arna bhforchur i ndáil le sáruithe ar dhlí na hiomaíochta. (13) Bíodh is go dtagraítear in Guardian Europe (14) ‘d’ús mainneachtana’, d’aisíoc an Coimisiún an fhíneáil sin, mar aon le hús arna fhabhrú, faoi Airteagal 90 de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012, ionas nach raibh aon cheist ann faoi ús mainneachtana. Bhain an breithiúnas in IPK International (15) le híocaíocht úis mainneachtana ó dháta bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta lenar cuireadh ar neamhní cinneadh chun cúnamh airgeadais a dheonú, agus athbhunaíodh leis sin an cinneadh an cúnamh sin a íoc. Níor bhain an cás sin le hús mainneachtana a íoc ó bhailiú sealadach fíneála go tabhairt breithiúnais chun cuid nó iomlán den chinneadh a fhorchurtha a chur ar neamhní.

32.      Glacann an Coimisiún leis go gcuirtear d’oibleagáid leis tríd an gcéad mhír d’Airteagal 266 CFAE an fhíneáil arna bailiú go sealadach a íoc mar aon le haon ús arna shaothrú le cur i bhfeidhm Airteagal 90(4) de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012, d’fhonn cosc a chur le saibhriú éagórach an Aontais Eorpaigh. Tá ús mainneachtana, atá de chineál pionósach, agus ús cúiteach measctha suas sa bhreithiúnas atá faoi achomharc. Shaibhreofaí na gnóthais lena mbaineann go héagórach dá mbeadh oibleagáid ar an gCoimisiún ús mainneachtana a íoc ar fhíneálacha arna mbailiú go sealadach agus cúrsaí eacnamaíocha mar atá faoi láthair.

33.      Maítear leis an tríú cuid den chéad saincheist dlí nach gcuirtear Airteagal 90(4) de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012 san áireamh leis an mbreithiúnas atá faoi achomharc. Bhí sé de cheangal ar an gCúirt Ghinearálta a chinneadh go raibh an fhoráil sin contrártha d’Airteagal 266 CFAE ionas nach gcuirfeadh sí an fhoráil sin i bhfeidhm. Tá sé d’éifeacht ag breithiúnas na Cúirte Ginearálta Airteagal 90(4) de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012 a chur ó fheidhm ós rud é nár mhó méid an úis atá insaothraithe lena chur i bhfeidhm ná an méid arna ghiniúint ag cur i bhfeidhm ráta úis mainneachtana i gcleachtas in am ar bith.

34.      De réir an cheathrú cuid den chéad saincheist dlí, ní chomhlíontar na coinníollacha maidir le dliteanas neamhchonarthach an Aontais Eorpaigh le fíorais an cháis seo. Ó ba dhleathach íocaíocht shealadach na fíneála, ní raibh aon oibleagáid ar an gCoimisiún ús mainneachtana a íoc tráth a bhfuair sé an tsuim. Dá bhrí sin, ní fhéadfadh sé sárú tromchúiseach go leor a dhéanamh ar riail dlí. Ó ba chúis moille fad na n‑imeachtaí dlí, rud nach bhfuil neart ag an gCoimisiúin air, níorbh fhéidir dliteanas a bheith air i leith aon sárú tromchúiseach go leor ar riail dlí. Pléadálann an Coimisiún chomh maith nár léirigh Deutsche Telekom gur bhain dochar inchainníochtaithe dó ar comhionann é agus ráta úis arna chur i bhfeidhm ag BCE maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, móide 3.5 pointe céatadáin.

35.      Áitíonn an Coimisiún leis an gcúigiú cuid den chéad saincheist dlí go ndearnadh earráid dlí sa bhreithiúnas atá faoi achomharc trína chinneadh gur ceanglaíodh le héifeachtaí ex tunc bhreithiúnas 2018 go n‑íocfadh sé ús mainneachtana ó dháta bailithe shealadaigh na fíneála. De réir cásdlí seanbhunaithe, glactar le dleathacht chinntí an Choimisiúin go dtí go ndearbhaítear a mhalairt. (16) Ós rud é go bhfuil éifeacht fionraíochta ag caingne arna dtabhairt os comhair Chúirteanna an Aontais, b’infhorfheidhmithe cinneadh 2014 gur chuir an Chúirt Ghinearálta é ar neamhní. Dá bhrí sin, níorbh fhéidir gurbh ann d’oibleagáid an fhíneáil a aisíoc sular tugadh breithiúnas 2018. Ina theannta sin, roimh an mbreithiúnas sin, níor chinnte nó inchinnte faoi threoir tosca oibiachtúla aon suim a bhí dlite do Deutsche Telekom ag an gCoimisiún. Ní bhaineann sé le hábhar gurbh inchinnte uasmhéid aon suime ar bhí dlite.

36.      Murab ionann agus an méid a éilíonn Deutsche Telekom, i gcás nach soláthraíonn gnóthas ráthaíocht bainc de bhun Airteagal 78 et seq. de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (‘an Rialachán Airgeadais’), (17) ceanglaítear ar an gCoimisiún an cinneadh a fhorfheidhmiú trí bhailiú sealadach na fíneála. I gcás nach ndéanann sé amhlaidh, glacann an Coimisiún riosca go mbeadh an fhíneáil do-bhailithe i ndiaidh gach leigheas dlí a ídiú, mar shampla i gcás ina ndearnadh féimheach de ghnóthas idir an dá linn, ar dá réir a theipeann air leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.

37.      Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil sé de rogha ag gnóthais ráthaíocht bainc a sholáthar nó na suimeanna a choinneáil atá dlite le linn na dlíthíochta nó an fhíneáil a íoc ar bhonn sealadach. Sa chás deireanach, faigheann an gnóthas aon ús arna shaothrú le cur i bhfeidhm Airteagal 90(4) de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012, rud a bheartaítear a íoc le cúiteamh leordhóthanach a sholáthar as do-fhaighteacht an mhéid arna íoc go míchuí agus as aon dímheas ar a luach. Is féidir le gnóthas caingean chun cúiteamh a ghnóthú a thabhairt chomh maith de bhun Airteagal 340 CFAE má mhaíonn sé gur bhain dochar sa bhreis dó de dheasca íocaíocht mhíchuí arna déanamh aige.

38.      Áitíonn an Coimisiún go bhfuil torthaí ar an mbreithiúnas faoi achomharc nach bhfuil bun ná barr leo. Ar an gcéad dul síos, agus iad ag feidhmiú a ndlínse neamhtheoranta chun méid na fíneála a shocrú, cuireann Cúirteanna an Aontais breithmheas dá gcuid féin in ionad bhreithmheas an Choimisiúin. Ós rud é nach féidir a bheith ar an eolas roimh ré ar cé acu an bhfeidhmeoidh Cúirteanna an Aontais an dlínse sin agus, más amhlaidh an cás, ar an méid fíneála a shocróidh siad, ní fhéadfaí a chur de cheangal ar an gCoimisiún ús mainneachtana a íoc i leith tréimhsí roimh fheidhmiú na dlínse sin. Ar an dara dul síos, i gcás ina nglacann an Coimisiún cinneadh nua a comhionann d’fhíneáil a fhorchur i ndiaidh do Chúirteanna an Aontais an cinneadh tosaigh a chur ar neamhní mar gheall ar earráidí ríofa, is ionann oibleagáid ar an gCoimisiún ús mainneachtana a íoc agus laghdú ar an bhfíneáil. Ar an tríú dul síos, bíonn cásanna ina dtagann an Chúirt Ghinearálta agus an Chúirt Bhreithiúnais ar chonclúidí difriúla maidir le dleathacht fíneálacha ina n‑ábhar mór éiginnteachta maidir lena gcainníochtú. (18) Léirítear leis na breithnithe sin, roimh thabhairt an bhreithiúnais chríochnaithigh, gur do-chinnte suim a d’fhéadfadh a bheith le haisíoc i ndeireadh na dála ag an gCoimisiún le gnóthas a bhfuil fíneáil íoctha go sealadach aige.

39.      Sa séú cuid den chéad saincheist dlí, áitíonn an Coimisiún go mbaintear an bonn óna éifeacht choisctheach le híocaíocht úis mainneachtana a cheangal air ó dháta bailithe shealadaigh na fíneála. Agus fíneálacha á socrú aige, níl an Coimisiún i riocht fad nó toradh dlíthíochta a thuar. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh iarmhairtí díréireacha agus neamh-inmhianaithe a bheith ar chur i bhfeidhm an phrionsabail de thoradh an bhreithiúnais in Printeos agus ar an mbreithiúnas atá faoi achomharc, mar is léir ó chás Intel. (19)

40.      Iarrann Deutsche Telekom ar an gCúirt an chéad saincheist dlí a dhíbhe.

41.      Maidir leis an gcéad chuid den chéad saincheist dlí, áitíonn Deutsche Telekom nach gceanglaítear leis an gcásdlí go mbunófar aon mhoill maidir le hurramú fiachais atá ann cheana chun ceangal a chur ar institiúid de chuid an Aontais ús mainneachtana a íoc. Dhiúltaigh an Coimisiún ús a íoc nuair a d’aisíoc sé an chuid den fhíneáil a cuireadh ar neamhní.

42.      Measann Deutsche Telekom go mbaineann an cásdlí arna lua mar thaca leis an dara cuid den chéad saincheist dlí cásanna atá difriúil ó na cásanna atá á mbreithniú sa chás seo agus nach bhfuil neamhréireacht idir an cásdlí sin agus an breithiúnas in Printeos. Ní thacaítear tríd an gcásdlí le seasamh an Choimisiúin go bhféadfadh sé staonadh ó ús a íoc i gcás nach saothraítear ús ar fhíneáil arna bailiú go sealadach.

43.      Ba cheart an tríú cuid den chéad saincheist dlí a dhíbhe toisc nach ndéantar difear le hAirteagal 90(4) de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012 don oibleagáid ús mainneachtana a íoc faoin gcéad mhír d’Airteagal 266 CFAE. Tugann Deutsche Telekom le tuiscint go gceanglaítear ar an gCoimisiún cibé acu is mó den ús mainneachtana nó den ús arna shaothrú le cur i bhfeidhm Airteagal 90(4) de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012 a íoc. I gcás ina ndearna an Chúirt léiriú ar an bhforáil sin amhail go gcuirtear cosc léi ar oibleagáid ús a íoc faoin gcéad mhír d’Airteagal 266 CFAE, d’agródh Deutsche Telekom an phléadáil neamhdhleathachta arna hardú aige ag an gcéad chéim.

44.      Mar fhreagra ar an gceathrú cuid den chéad saincheist dlí, áitíonn Deutsche Telekom gur sárú tromchúiseach go leor ar an gcéad mhír d’Airteagal 266 CFAE a bhí sa diúltú aon ús a íoc agus go ndearnadh dochar leis do Deutsche Telekom. Dá réir sin, ceanglaíodh air caingean a thabhairt chun cúiteamh a ghnóthú de bhun an dara fomhír d’Airteagal 266 CFAE agus Airteagal 340 CFAE i gcás ina lorgaítear cúiteamh i leith an dochair sin.

45.      Ba cheart an cúigiú cuid den chéad saincheist dlí a dhíbhe toisc, cé go bhfuil toimhde bailíochta ag gabháil lena chuid cinntí agus gur infheidhmithe iad, ní cheanglaítear ar an gCoimisiún fíneálacha a bhailiú ar bhonn sealadach. Níl feidhm maidir le fíneálacha ag ceanglas an Rialacháin Airgeadais go ngnóthódh an Coimisiún éilimh. Níor cheart ach an oiread gurbh iad na gnóthais amháin a mbeidh orthu an riosca a bhaineann le dlíthíocht i réimse dhlí na hiomaíochta a iompar. Is féidir an t‑uasmhéid a d’fheadfadh an Coimisiún a bheith faoi dhliteanas a íoc a dhéanamh amach ó scrúdú a dhéanamh ar na saincheisteanna dlí i gcaingean chun cinneadh chun fíneáil a fhorchur a chur ar neamhní. Dá bhrí sin, cinneadh i gceart leis an mbreithiúnas faoi achomharc gur ceanglaíodh le héifeachtaí ex tunc an neamhnithe pháirtigh ar an gCoimisiún ús mainneachtana a íoc ó dháta bailithe shealadaigh na fíneála.

46.      Cé go nglacann Deutsche Telekom le cúis mhaith a bheith le héifeacht choisctheach fíneálacha as sárú ar na rialacha iomaíochta, a mhéid a bhaineann sé leis an séú cuid den chéad saincheist dlí, athdhearbhaíonn sé nach bhfuil sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún fíneálacha a bhailiú go sealadach. An oibleagáid ús mainneachtana a íoc ó dháta bailithe shealadaigh na fíneála, is iarmhairt í ar chinneadh an Choimisiúin an fhíneáil a bhailiú sula mbeidh gach leigheas dlí ídithe. I gcás ina gcuirtear siar bailiú na fíneála go dtí sin, chaomhnófaí éifeacht choisctheach na fíneála a mhéid nár mhór don ghnóthas lena mbaineann cúlchistí airgeadais a choinneáil ar feadh ré aon imeachtaí atá tosaithe aige. Ag an deireadh ar fad, níl hiarmhairtí do Intel de bharr na bprionsabal atá leagtha amach sa bhreithiúnas atá faoi achomharc ábhartha.

–       Anailís dlí

47.      Institiúid an Aontais ar cuireadh ar neamhní gníomh dá chuid, ceanglaítear uirthi leis an gcéad mhír d’Airteagal 266 CFAE na bearta riachtanacha ar fad a ghlacadh chun déanamh de réir an bhreithiúnais sin. Tá trí bharúil le tabhairt agam faoin bhforáil sin. An chéad bharúil atá agam ná go mbraitheann an oibleagáid a leithéid de bhearta a ghlacadh ar bhreithiúnas a bheith ann. Tá sé ríthábhachtach idirdhealú a dhéanamh idir breithiúnas a bheith ann agus a éifeachtaí. Dé réir an dlí agus ó thaobh na bhfíoras de, is óna thabhairt a thagann ann do bhreithiúnas lena ndearbhaítear go bhfuil gníomh ar neamhní. As sin amach, cuirtear an gníomh sin ó dhlíchóras an Aontais de dheasca an bhreithiúnais le héifeacht ó dháta theacht i bhfeidhm an bhirt sin. (20) Is follasach nach bhféadfaí déanamh de réir breithiúnais sula dtabharfar é. Ina theannta sin, ní fhéadfadh insitiúid an Aontais na bearta atá le glacadh aige ó thaobh comhlíonadh de a thuiscint go dtí go bhfuil a fhios aige céard atá le comhlíonadh. Ba dhleathach cinneadh 2014 tráth a ghlactha. Go gairid ina dhiaidh sin, agus i gcomhréir leis an méid sin, d’íoc Deutsche Telekom an fhíneáil iomlán go sealadach leis an gCoimisiún. Ar thabhairt bhreithiúnas 2018, tháinig sé chun solais go raibh cuid den tsuim sin íoctha go míchuí ag Deutsche Telekom, nach bhféadfaí a mhéid a mheas sula ndearnadh amhlaidh.

48.      Más réamhriachtanach ag aon cheanglas na bearta is gá a ghlacadh chun déanamh de réir breithiúnais gurb ann dó, fágann sé sin nach bhféadfadh an Coimisiún déanamh mar atá ar neamhréir leis an gcéad mhír d’Airteagal 266 CFAE roimh thabhairt bhreithiúnas 2018. Dá bhrí sin, níl bunús ó thaobh dlí agus loighce de leis an gcinneadh i mír 111 den bhreithiúnas faoi achomharc go raibh an Coimisiún ag sárú na chéad mhíre d’Airteagal 266 CFAE sular tugadh breithiúnas 2018, rud a d’fhág go raibh ús mainneachtana le híoc aige le Deutsche Telekom.

49.      Is í an dara barúil de mo chuid ná nach sainítear leis an gcéad abairt d’Airteagal 266 CFAE na bearta is gá ionas go ndéanfaí de réir breithiúnais, rud atá le haithint ag an institiúid lena mbaineann ar dtús agus, i gcás díospóide, atá le socrú ag Cúirteanna an Aontais. (21) Tá bealaí éagsúla leis an oibleagáid sin a chomhlíonadh, lena n‑áirítear beart nua a ghlacadh, staonadh ó bheart a ghlacadh nó, mar is amhlaidh an cás seo, airgead a íoc nó a aisíoc. (22) I gcás, sula gcuirtear iomlán nó cuid de bheart ar neamhní, inar forghníomhaíodh beart, fiú ar bhonn sealadach, i measc na mbeart is gá dá bhforáiltear leis an gcéad mhír d’Airteagal 266 CFAE, tá oibleagáid, a mhéid is féidir, gurb an t‑iarratasóir a chur ar ais sa staid ina raibh sé ar dtús, ar fíneáil a chur ar neamhní. (23) I measc a leithéidí de bhearta, ní mór oibleagáid a bheith ar an gCoimisiún a áirithiú go n‑aisghabhfadh páirtí a d’íoc airgead go míchuí a chomhluach d’airgead ar a thabhairt ar ais, ó thaobh loighice de. Is ann don dualgas sin gan beann ar aon éileamh ar chúiteamh ar chaillteanais, rud a ghlactar leis go sainráite sa dara fomhír d’Airteagal 266 CFAE gurb ann dó. Is éagsúil an dualgas faoin gcéad mhír d’Airteagal 266 CFAE ó aon oibleagáid a d’fhéadfadh teacht chun cinn go dtabharfadh institiúid an Aontais uaithi aon saibhriú éagórach atá infhabhraithe aici toisc suimeanna arna n‑íoc go míchuí a bheith ina seilbh aici. Dá bhrí sin, aontaím le háitiú Deutsche Telekom go bhfuil an dualgas an méid ina iomláine a aisíoc gan beann ar fheidhmiú an tsásra in Airteagal 90(4) de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012 agus nach bhfuil sé faoina réir, rud is cosúil, ina theannta sin, nár beartaíodh é chun aon saibhriú éagórach ag institiúidí an Aontais a chlúdach. (24)

50.      Is í mo thríú barúil ná go bhforchuirtear oibleagáid dhíreach leis an gcéad mhír d’Airteagal 266 CFAE ar insititiúidí an Aontais lán‑éifeacht a thabhairt do bhreithiúnais Chúirteanna an Aontais. Ní fheictear léi iad a chur faoi phionós. Ní sholáthraítear aon bhunús dlí leis an gcéad abairt d’Airteagal 266 CFAE do bhearta lena gceanglófaí ar institiúid an Aontais rátaí úis iomarcacha nó pionósacha a íoc. Tacaítear tríd an dara mír d’Airteagal 266 CFAE leis an mbarúil sin ó chaomhnaítear go sainráite leis ceart gnóthais dliteanas neamhchonarthach an Aontais a agairt, gan beann ar a mhéid a bhfuil an chéad mhír d’Airteagal 266 CFAE á comhlíonadh ag institiúid an Aontais. Dá bhrí sin, déantar idirdhealú soiléir leis na Conarthaí idir ceart go gceanglófaí ar institiúidí an Aontais na bearta is gá a dhéanamh chun déanamh de réir breithiúnais ó Chúirteanna an Aontais agus ceart chun cúiteamh a fháil as iompar neamhdhleathach ag institiúidí an Aontais lena ndéantar damáiste. (25)

51.      Dhíbh an Chúirt Ghinearálta caingean Deutsche Telekom chun cúiteamh a fháil as an gcaillteanas a líomhnaítear a bhain dó toisc úsáid an airgid arna íoc go sealadach aige a cheilt air. Níl aon chros-achomharc i gcoinne an chinnidh sin. Níl aon cheist ann le plé maidir le cúiteamh faoin dara mír d’Airteagal 266 CFAE, arna léamh i gcomhar leis an dara fomhír d’Airteagal 340 ar an gcúis sin agus ar na cúiseanna ag míreanna 47 agus 48 den Tuairim seo, murar sháraigh an Coimisiún an chéad mhír d’Airteagal 266 CFAE sular tugadh breithiúnas 2018.

52.      Níl fuascailt na ceiste againn go fóill an gceanglaítear leis an gcéad mhír d’Airteagal 266 CFAE ar an gCoimisiún ús mainneachtana a íoc ar mhéid arna íoc go míchuí ón íocaíocht sin go dtí go dtabharfar breithiúnas a bhfuil sé d’éifeacht aige deireadh a chur leis an údar dlí ba bhun leis an tsuim sin a íoc.

53.      Ní luaitear ús mainneachtana sna Conarthaí. Sa mhéid a thagraítear le reachtaíocht an Aontais don choincheap i dteideal Airteagal 83 de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012, is iad a chuirtear ar an téarma ‘default interest’ sa téacs Béarla ná ‘Intérêts moratoires’ sa leagan Fraincise, ‘Intereses moratorios’ san aistriúchán go Spáinnis, ‘Juros de mora’ sa leagan Portaingéilise agus ‘Interessi di mora’ sa leagan Iodáilise. Tagann na nathanna sin as an bhfocal Laidine mora, rud a chiallaíonn ‘moill’. Faoi dhlí na Róimhe, bhíodh feidhm ag an mora debitoris i gcás nach gcomhlíonadh féichiúnaí oibleagáid arna bunú go soiléir laistigh de thréimhse ama shainithe: is é sin le rá, beartaíodh é le bheith ina spreagadh oibleagáidí a chomhlíonadh maidir le ham agus mar phionós as mainneachtain éileamh ar shuim airgid a íoc a chomhlíonadh mar sin, ar suim í a bhí inchinnte tráth a rinneadh an t‑éileamh sin.

54.      Is léir an bunús sin in Airteagal 83 de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012. Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 83(1) ‘… aon mhéid is infhaighte nach bhfuil aisíoctha ar an teorainn ama dá dtagraítear in Airteagal 80(3)(b), beidh ús ag dul leis de réir mhíreanna 2 agus 3 den Airteagal seo’. De réir Airteagal 80(3) de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012, cuirfear in iúl d’fhéichiúnaí le nóta dochair gur shocraigh an tAontas méid is infhaighte agus nach mbeidh aon ús mainneachtana dlite i gcás go n‑íocfar an fiach sin roimh theorainn ama sonraithe’. Ina theannta sin, cuirtear in iúl don fhéichiúnaí sa nóta dochair go mbeidh ús ag gabháil leis an bhfiach de réir an ráta dá dtagraítear in Airteagal 83 de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012 mura n‑aisíocfar é faoin teorainn a leagtar síos, eadhon an ráta a chuireann BCE i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, móide 3.5 pointe céatadáin. Fágann sin go bhfuil ús mainneachtana iníoctha i gcás inar thug institiúid de chuid an Aontais spriocdháta d’fhéichiúnaí chun méid atá dlite di a íoc agus nach n‑íocann an féichiúnaí sin faoin teorainn ama sin. Ní thabhaítear ús mainneachtana ar íocaíocht suime a léirítear i nóta dochair roimh dhul in éag na teorann ama sin.

55.      Tá na forálacha sin ar aon dul le léiriú litriúil ar an téarma ‘ús mainneachtana’, ar dá réir a bhfuil a leithéid d’ús dlite i gcás ina mainníonn féichiúnaí in oibleagáid suim a íoc roimh theorainn ama shonraithe. Ós rud é nár mhainnigh an Coimisiún san oibleagáid an tsuim arna híoc go míchuí a aisíoc le Deutsche Telekom, ní dhealraíonn sé gur beart riachtanach atá in íocaíocht a leithéide d’ús chun breithiúnas ó Chúirteanna an Aontais a chomhlíonadh chun críocha na chéad mhíre d’Airteagal 266 CFAE.

56.      Tugadh faoi deara go húdarásach nach n‑aithnítear i gcórais dlí na mBallstát aon phrionsabal ginearálta ar dá réir a ríomhtar ús mainneachtana ó dháta an chaillteanais. (26) An gceanglaítear le dlíthe na mBallstát ús mainneachtana a íoc i gcúinsí ina gcinntear, mar thoradh ar ordú cúirte, gur íocadh cuid den tsuim nó iomlán na suime go míchuí leis na húdaráis náisiúnta? Is é an tuiscint atá agam, i gcúinsí atá ar aon dul leo siúd atá i gceist san achomharc seo, nach dtagann an cheist sin chun cinn faoi dhlí na Gearmáine, na hÉireann, na hOstaire agus na Fionlainne ós rud é nach bhfuil feidhm ag sáruithe ar dhlí na hiomaíochta go dtí go mbeidh gach leigheas dlí ídithe. Tá an chuma ar an scéal nach bhforchuireann 11 Bhallstát (27) oibleagáid ar na húdaráis ús a íoc, ó dháta an bhailithe, ar airgead arna bhailiú go dleathach agus a chinntear gur íocadh é go míchuí ina dhiaidh sin. Féachtar leis an oibleagáid sin do-fhaighteacht na gcistí sin a chúiteamh agus/nó cosc a chur le saibhriú éagórach. Ní thagraítear d’aon mhoill maidir le haisíocaíocht a dhéanamh. (28) Dá bhrí sin, ní ús mainneachtana a leithéid d’ús de réir na gnáththuisceana ar an téarma sin. I gcás ina ndéanann údarás poiblí moill le haisíocaíocht suimeanna arna n‑íoc go míchuí, is cosúil go bhforchuireann ceithre Bhallstát oibleagáid ar leith ús mainneachtana a íoc. (29)

57.      Déanfaidh mé scrúdú anois ar chásdlí na Cúirte maidir leis an tsaincheist seo.

58.      Dhéantaí idirdhealú le cásdlí luath idir ús a bhaineann le moill ar ghlanadh féich, ar tugadh ús mainneachtana air níos deireanaí, rud lenar ceanglaíodh fógra a thabhairt ar an dáta a bhí fiach dlite, agus ús cúiteach le híoc de dheasca damáiste de thoradh ar ghníomh neamhdhleathach, rud nár ceanglaíodh leis fógra a thabhairt ina leith. (30) Deimhníodh le cásdlí ina dhiaidh sin nach raibh ús mainneachtana le híoc ach mar gheall ar mhoill ar chomhlíonadh oibleagáide chun méid airgid a íoc nó a aisíoc. (31) Dá bhrí sin, bhí ús mainneachtana ann ó dháta breithiúnais lenar suíodh go raibh fiach dlite d’institiúid de chuid an Aontais. (32) I gcás inar aisíocadh leis an gCoimisiún airgead ina dhiaidh sin ar cinneadh gur íocadh go míchuí iad, chinn an Chúirt Chéadchéime gur saothraíodh cuspóir difriúil ón gcuspóir an úis mainneachtana leis an ráta úis arna chur i bhfeidhm ag an gCoimisiún, ar cuspóirí iad arbh é b’aidhm leis an gcéad cheann acu cosc a chur le saibhriú éagórach an Chomhphobail, fad a d’fhéachtaí leis an dara ceann acu teorainn a chur le moill mhíchuí ar thabhairt ar ais na méideanna sin. (33)

59.      Athrú ar an gcásdlí sin a bhí sa bhreithiúnas in Corus, ach níor athrú ó thaobh na substainte é, mar a áitítear. Dhiúltaigh an Coimisiún aon ús a íoc ar shuim a d’aisíoc sé le Corus mar gheall ar neamhniú páirteach fíneála as sárú ar dhlí na hiomaíochta. (34) Thug Corus caingean os comhair na Cúirte Céadchéime chun ús cúitimh a ghnóthú, inter alia, as úsáid an airgid a d’íoc sé go sealadach leis an gCoimisiún a chailleadh. (35) Agus éileamh ar ‘ús mainneachtana’ á thabhairt aici ar an éileamh sin, cheadaigh an Chúirt Chéadchéime é mar gheall ar an ngá le dímheas ar luach an airgid a chúiteamh agus le saibhriú éagórach a sheachaint. (36)      Dheonaigh an Chúirt Chéadchéime suim ba chomhionann leis an ús a mheas an Coimisiún go mbeadh tuillte ar mhéid na fíneála a íocadh go míchuí idir dáta a bailithe shealadaigh agus dáta a haisíocaíochta. (37) Rinneadh é a cheilt le úsáid an téarma ‘ús mainneachtana’ gur dheonaigh an Chúirt Chéadchéime ús agus í ag brath ar choincheapa an aisig agus an tsaibhrithe éagóraigh, atá ábhartha maidir le bearta arna nglacadh chun déanamh de réir bhreithiúnas Chúirteanna an Aontais. Faoi chuntar éilimh eile, bhronn an Chúirt Chéadchéime ús arb ús mainneachtana a bhí ann iarbhír arna ríomh ón dáta a bhí príomhshuim na fíneála aisíoctha ag an gCoimisiún go dtí dáta thabhairt a bhreithiúnais in Corus. (38)

60.      Ba bhun le IPK International agóid rathúil i gcoinne cinneadh de chuid an Choimisiúin cúnamh airgeadais a chur ar neamhní a tugadh do IPK ar dtús. Ar neamhniú an chinnidh sin, d’íoc an Coimisiún leis an iarratasóir idir na suimeanna arna n‑aisghabháil aige uaidh agus na méideanna nár eisíoc sé leis, mar aon le hús cúiteach. (39) Thug IPK caingean nua chun cinneadh an Choimisiúin diúltú ús mainneachtana a íoc a chur ar neamhní. Chinn an Chúirt Ghinearálta an méid seo a leanas, ‘beag beann ar an ainm beacht a úsáidtear chun cur síos ar an ús sin,’ ba cheart ús a ríomh amhail is dá mba ús mainneachtana é, eadhon trí thagairt don ráta a chuir BCE i bhfeidhm ar a phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, móide dhá phointe céatadáin. (40) D’ordaigh an Chúirt Ghinearálta don Choimisiún ús mainneachtana a íoc ó dháta an bhreithiúnais lenar cuireadh ar neamhní an diúltú an t‑ús sin a íoc. (41) Mar a tharla sa breithiúnas in Corus, ar ordú go n‑íocfaí ús maidir leis na suimeanna a deonaíodh ina breithiúnas, rinne an Chúirt Ghinearálta idirdhealú idir an t‑ús nár thug sí a ainm air agus ús mainneachtana a thugtaí ar an téarma sin go dtí sin i gcásdlí na Cúirte.

61.      Rinne an Coimisiún achomharc i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta. Ina Thuairim, rinne an tAbhcóide Ginearálta Bot idirdhealú idir ús cúiteach agus ús mainneachtana i gcomhthéacs caingne le haghaidh damáistí agus ghlac sé leis nach bhféadfadh oibleagáid a bheith ann ús mainneachtana a íoc sula dtabharfaí breithiúnas lenar bunaíodh an oibleagáid an damáiste a shlánú. Níor chuir sé an cur chuige sin i bhfeidhm maidir le héilimh ar aisíocaíocht airgid a íocadh go míchuí. (42) Dá bharr sin, léigh sé an breithiúnas in Corus (43) amhail is gur ordaigh an Chúirt Chéadchéime ús mainneachtana bíodh, mar a mhínítear i mír 59 den Tuairim seo, gurb amhlaidh i ndáiríre gurbh é a d’ordaigh sí go n‑íocfaí, ar aon mheasúnú oibiachtúil a dhéanamh, ús chun críche aiseag a dhéanamh agus saibhriú éagórach a sheachaint. Chinn an tAbhcóide Ginearálta Bot, faoin gceannteideal ‘Ciall cheannaithe ón gcásdlí’ go bhfuil ag ús cúiteach agus ús mainneachtana ‘an t‑aon ról amháin go feidhmiúil, is é sin le rá, cúiteamh a dhéanamh as an gcaillteanas arna fhulaingt ag an gcreidiúnaí, a ceileadh úsáid an mhéid dhlite air’. (44) Dúirt sé chomh maith ‘go ndéantar le hús cúiteach … cúiteamh as caitheamh an ama go ndéantar measúnú breithiúnach ar mhéid an damáiste gan beann ar aon mhoill is inchurtha i leith an fhéichiúnaí, agus go gcuirtear cúiteamh ar chothromráta ar fáil le hús mainneachtana as iarmhairtí na moille íocaíochta an mhéid is infhaighte trína cheadú don chreidiúnaí an méid a fháil, go neasach, a gheobhadh sé dá n‑infheisteodh sé na cistí.’ (45) Mheas an tAbhcóide Ginearálta Bot gur bhun Airteagal 266 CFAE leis an gceart chun a leithéide d’ús mainneachtana. (46) Mar sin féin, bhain sé de thátal as an gcásdlí nach mór, i gcás neamhniú, gurb é an príomhchúram atá ar Chúirteanna an Aontais ‘an prionsabal restitutio in integrum a chur i bhfeidhm chomh dian agus is féidir, rud atá i gceist leis ná go n-athbhunaítear an status quo ante agus a áirithiú go gcuirtear gach páirtí ar ais sa staid ina raibh sé ar dtús gan chaillteanas ná gnóthachan’. (47) Is leis an mbarúil dheireanach sin a bhunaítear na hoibleagáidí sa chéad mhír d’Airteagal 266 CFAE ar choincheap an aisig, seachas ar an ngá le déanamh de réir oibleagáidí airgeadais go tapa. Chuaigh an tAbhcóide Ginearálta chomh fada agus an breithiúnas faoi achomharc a cháineadh as idirdhealú a dhéanamh idir ús cúiteach agus ús mainneachtana. (48)

62.      Ghlac an Chúirt Bhreithiúnais réasúnaíocht ní ba ghonta ina breithiúnas in IPK International. (49) Rialaigh sí ‘gur beart í íocaíocht úis mainneachtana lena dtugtar éifeacht do bhreithiúnas lena gcuirtear beart ar neamhní a bheartaítear chun cúiteamh a dhéanamh ar chothromráta as úsáid an airgid atá dlite a chailleadh agus chun an féichiúnaí a spreagadh an breithiúnas sin a chomhlíonadh a luaithe is féidir’. (50) Chinn sí go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí dá bhrí sin trína chinneadh go raibh ús cúiteach dlite den Choimisiún i gcás inar ceanglaíodh chun déanamh de réir breithiúnas de réir na chéad mhíre d’Airteagal 266 CFAE go ndámhfaí ús mainneachtana. (51)

63.      Go bhfios dom, ba é breithiúnas na Cúirte in IPK International an chéad uair a chinn an Chúirt go mbeartaítear le hús mainneachtana caillteanas úsáide airgid atá dlite ar chothromráta a chúiteamh. Níl údar leis, ná míniú ar, an gcinneadh sin sa bhreithiúnas. Is cosúil gurb í mír 77 de Thuairim an Abhcóide Ghinearálta Bot is bun leis, ar mír í nach ndéantar tagairt léi d’aon údarás agus nach dtugtar údar chun tacú leis an gconclúid sin. Cé go ndúirt an Chúirt chomh maith go bhféachtar le hús mainneachtana an féichiúnaí a spreagadh chun déanamh de réir breithiúnas neamhnithe a luaithe is féidir, rialaigh sí den chéad uair gur féidir le hús a bheith le híoc i ndáil le tréimhse roimh thabhairt breithiúnais atá le forghníomhú. Ní follasach go díreach faoi mar a bhaintear amach an cuspóir, lena bhfuil cúis mhaith, maidir le déanamh de réir éilimh ar íocaíocht trí chruthú oibleagáide ús mainneachtana a íoc le haghaidh tréimhse roimh thabhairt breithiúnais, murab ionann agus oibleagáid ús mainneachtana a íoc ón dáta breithiúnais ar aghaidh. (52) Mar a thugtar faoi deara i míreanna 48 agus 49 den Tuairim seo, níl aon tacaíocht leis an gconclúid sin in Airteagal 266 CFAE.

64.      Sa bhreithiúnas in Wortmann, staon an Chúirt ó thacú le hargóint, tar éis do Chúirteanna an Aontais Rialachán a chur ar neamhní, go bhfuil na húdaráis náisiúnta faoi dhliteanas ús mainneachtana a íoc ar dhleachtanna frithdhumpála arna mbailiú go míchuí acu faoin Rialachán sin. (53) Ina ionad sin, chinn sí ‘nach mór an t‑ús comhfhreagrach a chur le méid na ndleachtanna sin a d’aisíoc an t‑údarás náisiúnta inniúil leis an ngnóthas lena mbaineann’. (54) Chuir an tAbhcóide Ginearálta Campos Sánchez-Bordona in iúl chomh maith go bhfuil an mbreithiúnas in IPK International le léamh i bhfianaise ghnéithe sonracha na díospóide sin, rud a fhágann nach bhfuil sé intuigthe gur mhian leis an gCúirt a cásdlí a fhreaschur maidir leis an sainmhíniú ar ús mainneachtana. (55) Ansin, luaigh sé, bíodh is gur bunaíodh le cásdlí prionsabal dhlí an Aontais ar dá réir nach mór suimeanna arna n‑íoc go míchuí de shárú ar dhlí an Aontais a aisíoc ó dháta na híocaíochta míchuí, ní fhágann sin go bhfuil ús mainneachtana dlite ón dáta sin. (56)

65.      Tagraítear leis an mbreithiúnas atá faoi achomharc do bhreithiúnas na Cúirte in Guardian Europe chomh maith. I mí na Samhna 2014, d’éirigh le Guardian Europe ina chaingean chun go ndéanfaí laghdú ar fhíneáil arna forchur air ag an gCoimisiún in 2007. (57) I mí na Nollag 2014, d’aisíoc an Coimisiún an chuid sin den fhíneáil a chuir sé ar neamhní, mar aon leis an ús ar an tsuim sin ar méid EUR 988 620 de réir chur i bhfeidhm Airteagal 90(4) de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012. (58) Ansin, thionscain Guardian Europe imeachtaí i gcoinne an Aontais Eorpaigh ag lorg cúiteamh as damáistí a líomhnaíodh gur bhain dó mar gheall ar fhad na n‑imeachtaí dlíthiúla. Cinneadh gurbh inghlactha an chaingean chun cúiteamh a ghnóthú toisc nár cuireadh cinneadh Nollaig 2014 faoi chonspóid leis, a bhí tagtha chun bheith críochnaitheach. (59) Dheonaigh an Chúirt Ghinearálta suim EUR 654 523.43 mar chúiteamh i leith damáiste ábhartha, móide ‘ús cúiteach’, mar a thug sé air, ag ráta bliantúil boilscithe i mBallstát bunaíochta Guardian Europe, go dáta thabhairt a bhreithiúnais. Dheonaigh sí ús mainneachtana ar an tsuim sin chomh maith ó dháta thabhairt an bhreithiúnas sin go fáil na híocaíochta. (60)

66.      Ar achomharc, d’áitigh an tAontas Eorpach go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí leis an bpléadáil a dhíbhe gur dho-ghlactha an chaingean. Cé gur sheas sí le cinneadh na Cúirte Ginearálta faoi sin, (61) is cosúil go ndearna an Chúirt Bhreithiúnais míléamh ar bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta a mhéid a luaigh sí gurbh ‘ús mainneachtana’ a bhí i suim EUR 988 620 (62) cé gurbh amhlaidh gurbh ionann í agus an ‘t‑ús arna shaothrú’ a d’íoc an Coimisiún de réir Airteagal 90(4) de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012. (63) I ndeireadh na dála, chinn an Chúirt Bhreithiúnais go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus cúiteamh á dheonú aici do Guardian Europe agus dhíbh sí an chaingean chun cúiteamh a ghnóthú. (64)

67.      Is cosúil gurb an breithiúnas in Printeos an píosa is déanaí den chásdlí atá suntasach, ar a mbraitear sa bhreithiúnas faoi achomharc. D’fhorchuir an Coimisiún fíneáil ar Printeos as sárú ar na rialacha iomaíochta, a d’íoc an gnóthas sin go sealadach. (65) I ndiaidh neamhniú an chinnidh sin, d’aisíoc an Coimisiún méid iomlán na fíneála gan ús toisc go raibh toradh diúltach ar an gciste inar infheistigh sé an fhíneáil. (66) (67) Rinne Printeos caingean le haghaidh damáistí de réir an dara mír d’Airteagal 266 CFAE i gcomhar leis an dara mír d’Airteagal 340 CFAE. (68) Ag an éisteacht, chuir Printeos in iúl go raibh sé le tuiscint gur iarratas ar ús mainneachtana a bhí san iarratas ar íocaíocht úis chúitigh. In ainneoin gur tugadh le fios ina dhiaidh sin nár mhian leis a áitiú gur sárú ar an gcéad mhír d’Airteagal 266 CFAE ab ea príomhbhunús dlí a éilimh ar chúiteamh, (69) bhunaigh an Chúirt Ghinearálta a hanailís ar an bhforáil sin. (70) Agus í ag brath ar bhreithiúnas na Cúirte Breithiúnais agus ar Thuairim an Abhcóide Ghinearálta Bot in IPK International, (71) chinn an Chúirt Ghinearálta gur cuireadh d’oibleagáid ar an gCoimisiún leis an gcéad mhír d’Airteagal 266 CFAE príomhshuim na fíneála a aisíoc, mar aon le hús mainneachtana mar chúiteamh ar chothromráta i leith chaillteanas an mhéid sin ó dháta bailithe shealadaigh na fíneála go dáta aisíocaíocht na príomhshuime. (72)

68.      Cinneadh sa bhreithiúnas in Printeos, de réir an phrionsabail iura novit curia, go raibh an Chúirt Ghinearálta i dteideal ús mainneachtana a thabhairt ar an ús, seachas ús cúiteach de réir éileamh tosaigh an iarratasóra. (73) Ó thaobh na substainte de, rinne an Chúirt Bhreithiúnais idirdhealú idir ús mainneachtana agus ús cúiteach. Beartaítear ús mainneachtana chun caillteanas úsáide airgid atá dlite a chúiteamh ar chothromráta agus chun féichiúnaí a spreagadh chun íocaíocht a dhéanamh a luaithe is féidir, (74) agus beartaítear ús cúiteach chun an t‑am idir an measúnú dlíthiúil ar mhéid an chaillteanais arna fhulaingt a chúiteamh, gan beann ar aon mhoill is inchurtha i leith an fhéichiúnaí. (75) Mar sin, chinn an Chúirt nach ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a d’ordaigh sí don Choimisiún ús mainneachtana a íoc. (76) Ós rud é gur bhain an cás le haisíoc méid shocraithe, eadhon an fhíneáil a gearradh ar Printeos a cuireadh ar neamhní, ní raibh ceist ann maidir le hús cúiteach. (77)

69.      Tá na ceithre bharúil a leanas le tabhairt agam i dtaobh an bhreithiúnais in Printeos.

70.      Ar an gcéad dul síos, is róchúng faoi mar a choincheapann an Chúirt ús cúiteach faoi threoir an dara mír d’Airteagal 266 CFAE i gcomhar leis an dara mír d’Airteagal 340 CFAE, amhail nach mbaineann sé ach le cúiteamh i leith caillteanas airgid de dheasca caitheamh ama. D’fhéadfadh cúiseanna éagsúla a bheith ina n‑údar maith le cúiteamh a dheonú i ndail le híocaíocht neamhdhlite airgid, lena n‑áirítear deis ghnó shonrach a chailleadh toisc nach raibh na cistí sin ar fáil, agus níor éirigh le Deutsche Telekom an argóint sin a chruthú maidir leis na fíorais arna gcur faoi bhráid na Cúirte Ginearálta. (78)

71.      Ar an dara dul síos, rinne an Chúirt tagairt sa bhreithiúnas in IPK International (79) chun tacú lena moladh go mbeartaítear ús mainneachtana chun caillteanas úsáide airgid atá dlite a chúiteamh ar chothromráta. Mar a thugtar faoi deara i mír 63 den Tuairim seo, is cosúil gur bhun leis an ráiteas sin Tuairim an Abhcóide Ghinearálta sa chás sin, (80) ar tuairim í nár tagraíodh léi d’aon údarás agus nár tugadh míniú léi chun tacú leis. Tá sé cáinte ag tráchtairí go bhfágtar doiléir leis an gcásdlí an t‑idirdhealú atá ann idir ús mainneachtana agus ús cúiteach trí athrú a dhéanamh ar shainmhíniú an úis mainneachtana. (81) A dhála sin, tá sé tugtha de thuairim chomh maith go gcuirtear an t‑idirdhealú idir ús mainneachtana agus ús cúiteach ar strae leis an gcásdlí. (82) Trí ús mainneachtana, tugtar spreagadh chun fiach a ghlanadh go tapa agus ríomhtar é ó dháta an bhreithiúnais lena socraítear méid an chúitimh go dtí go ndéantar an íocaíocht, fad a chuirtear san áireamh le hús cúiteach an tréimhse idir dáta an bhreithiúnais ós é is cuspóir leis caillteanas a chúiteamh ba chúis le húsáid airgid a cheilt. (83) I mo thuairim, tugtar míniú áititheach leis na barúlacha sin ar idirdhealú a bheith ann idir ús mainneachtana agus ús cúiteach, rud nach bhfuil sa chásdlí is aidhm leis an ábhar cáinte seo, ná baol air.

72.      Ar an tríú dul síos, mar fhreagra ar an ngearán nach spreagtar leis an oibleagáid maidir le hús mainneachtana a íoc breithiúnas a chomhlíonadh ós rud é go ndéantar an t‑ús sin a ríomh ó dháta íocaíocht shealadach na fíneála, luaigh an Chúirt nach bhfuil sa spreagadh sin ach ceann amháin den dá chuspóir a shaothraítear le hús mainneachtana a íoc, arb é an ceann eile ná caillteanas úsáide cistí a chúiteamh ar chothromráta. (84) Ní dhéantar leis an bhfreagra sin ach coincheapa an úis chúitigh agus an úis mainneachtana a chumasc chomh maith gan aon údarás ná míniú a thabhairt leis sin. (85) Is é is cuspóir d’ús cúiteach cúiteamh a sholáthar. Is é is cuspóir d’ús mainneachtana a áirithiú go n‑íocfar go tapa fiacha atá dlite. Ní féidir fáil réidh leis an difríocht atá ann idir an dá choincheap seo.

73.      Ar an gceathrú dul síos, dúirt an Chúirt chomh maith gurb é atá san oibleagáid ús mainneachtana a íoc ó dháta íocaíocht shealadach na fíneála ná ‘spreagadh don institiúid lena mbaineann aird ar leith a thabhairt agus a leithéid de chinntí á nglacadh’. (86) Tugtar neamhaird leis an bhfreagra sin ar an gcáineadh nach féidir gur spreagadh déanamh de réir breithiúnais a luaithe is féidir atá san oibleagáid ús mainneachtana a íoc ar feadh tréimhse roimh thabhairt an bhreithiúnais, rud atá ina bhunghné d’ús mainneachtana. Tugann an Chúirt le tuiscint gur cheart go dtabharfaí ar an gCoimisiún aird ar leith a thabhairt ionas nach ngníomhódh sé go neamhdhleathach agus fíneálacha á ngearradh mar gheall ar an riosca go gceanglófaí air ús mainneachtana a íoc. Tá institiúidí an Aontais, lena n‑áirítear an Chúirt, faoi dhualgas ginearálta gan bearta neamhdhleathacha a dhéanamh. Ar titim amach a leithéide, foráiltear dó leis na Conarthaí gurb iad na leigheasanna iomchuí ná aiseag, de bhun chur i bhfeidhm na chéad mhíre d’Airteagal 266 CFAE agus cúiteamh i leith aon damáiste arna fhulaingt de réir an dara mír d’Airteagal 266 CFAE i gcomhar leis an dara mír d’Airteagal 340 CFAE.

74.      Faoi threoir chásdlí na Cúirte mar atá sé i ndiaidh an bhreithiúnais in Printeos, is cosúil go mbeartaítear ar aon uain lenarb é a thugtar ‘ús mainneachtana’ air, a ghearrtar idir dáta íocaíochta míchuí go dtí go n‑aisíoctar í, (a) caillteanas úsáide airgid atá dlite a chúiteamh ar chothromráta; (b) déanamh de réir breithiúnais a spreagadh; agus (c) go spreagfaí leis go dtabharfadh institiúidí an Aontais aird ar leith agus a leithéid sin de chinntí á nglacadh. Léirítear sa Tuairim seo nach ionann ‘ús mainneachtana’ agus an t‑ús aisig is iníoctha faoin gcéad mhír d’Airteagal 266 CFAE, agus nach é an t‑ús cúiteach é dá bhforáiltear leis an dara mír d’Airteagal 266 CFAE ach an oiread. (87) Níl bunús dlí sna Conarthaí le cur de cheangal go n‑íocfaí ús mar is cosúil go samhlaítear leis an mbreithiúnas in Printeos. Cé is moite den chás ina ngearrtar é i leith tréimhse tar éis breithiúnas a sheachadadh, ní féidir lena leithéid ‘d’ús mainneachtana’ a bheith ina spreagadh chun breithiúnas a chomhlíonadh roimh thabhairt an bhreithiúnais sin, rud atá ina choinníoll, ina theannta sin, le cur i bhfeidhm na chéad mhíre d’Airteagal 266 CFAE. Tugtar isteach leis an dearbhú go spreagtar lena leithéid ‘d’ús mainneachtana’ go ndéanfaí de réir an dlí ní hamháin coincheap saoithiúil faoina bhfuil feidhm araíonachta éigin ag an gCúirt cur i gcuimhne d’institiúidí an Aontais go gcomhlíonfaidís a gcuid dualgas, ach gné phionósach chomh maith nach dtugtar aon bhunús dlí di leis an gcéad mhír d’Airteagal 266 CFAE. Ar deireadh, níl sna Conarthaí aon oibleagáid chun ús a íoc ar chothromráta. Ní mór measúnú a dhéanamh ar aon cheanglas maidir le hús a íoc trí thagairt a dhéanamh do cheann amháin nó níos mó de cheithre oibleagáid dhlíthiúla, de réir na n‑imthosca, atá inagartha ag páirtí chun na críche sin: aiseag a dhéanamh, cúiteamh a íoc, aon saibhriú éagórach a shlánú agus aon mhéideanna den sórt sin a íoc go pras.

75.      I mbreithiúnas a tugadh le déanaí in Gräfendorfer, chinn an Chúirt go bhfuil sé de cheart, faoi dhlí an Aontais, ag aon duine a chuireann údarás náisiúnta de cheangal air cáin, muirear nó tobhach eile a íoc de shárú ar dhlí an Aontais Eorpaigh, aisíocaíocht na suime comhfhreagraí airgid a fháil ón mBallstát lena mbaineann, mar aon le hús chun do-fhaighteacht na suime sin a chúiteamh. (88) Fágann an breithiúnas sin go bhféadfar caillteanais a eascraíonn as do-fhaighteacht na suimeanna arna n‑íoc go míchuí a fháil ar ais trí thagairt a dhéanamh don riachtanas aisig agus/nó cúiteamh a íoc. Ní thacaíonn aon ní sa bhreithiúnas sin leis an smaoineamh go gceanglaítear le dlí an Aontais ar údaráis náisiúnta ús mainneachtana a íoc ar airgead arna íoc de shárú ar dhlí an Aontais arna ríomh faoi threoir an dáta a íocadh é. Mar thoradh ar chur chuige na Cúirte i gcás Gräfendorfer, is cosúil go bhfuil staid neamhghnách ann, ar dá réir a bhfuil ús mainneachtana le híoc ag institiúid an Aontais ar cinneadh gur íocadh airgead go míchuí léi, ar ús é arna ríomh ó dháta a fháil go dáta a thabhairt ar ais, bíodh is nach gceanglaítear ar údarás náisiúnta a fuair airgead i gcúinsí comhchosúla ach do-fhaighteacht na suimeanna arna n‑íoc go míchuí a chúiteamh. Níl aon bhunús leis an gcóir neamh-chomhionann seo agus níl sé pioc soiléir conas is féidir údar a thabhairt leis.

76.      Is gné choiteann den nós imeachta achomhairc os comhair na Cúirte é difríochtaí dlisteanacha tuairime a bheith ann maidir le léiriú agus cur i bhfeidhm dhlí an Aontais. (89) Dealraíonn sé go bhfuil sé thar a bheith mí-oiriúnach oibleagáid a fhorchur ar an gCoimisiún ús mainneachtana a íoc in éagmais aon mhoill ar chomhlíonadh breithiúnais aige i gcás ina mbíonn fad suntasach leis an dlíthíocht os comhair Chúirteanna an Aontais, rud nach bhfuil aon neart ag an gCoimisiún air. (90) Ar mhaithe le hiomláine, ba mhaith liom a rá, murab ionann agus an méid a áitíonn Deutsche Telekom, faoin dlí atá ann faoi láthair, nach féidir leis an gCoimisiún bailiú na fíneála a chur siar go dtí go dtabharfar aon dlíthíocht i gcrích os comhair Chúirteanna an Aontais. (91) Faoi Airteagal 78(2) den Rialachán Airgeadais, ‘bunófar’ le hordú aisghabhála na hacmhainní dílse arna gcur ar fáil don Choimisiún agus aon mhéid is infhaighte. Foráiltear dó le hAirteagal 90(1) de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012 chomh maith, i gcás ina dtugtar caingean os comhair na Cúirte i gcoinne cinneadh ón gCoimisiún lena ngearrtar fíneáil, nach mór don fhéichiúnaí an méid lena mbaineann a íoc go sealadach nó ráthaíocht bainc a sholáthar. Níl aon údar sna forálacha seo le bailiú fíneála a chur siar ag an gCoimisiún nuair atáthar ag feitheamh ar thoradh dlíthíochta.

77.      Mar achoimre, i gcás ina gcinntear go ndearna gnóthas íocaíocht mhíchuí le hinstitiúid an Aontais sin, tá na ceithre cheanglas seo a leanas le cur san áireamh sa mhéid atá le haisíoc de réir dlí ag an institiúid sin:

–        a áirithiú go bhfaighidh an gnóthas a chomhluach beacht d’airgead agus an tsuim a d’íoc sé (restitutio in integrum), i gcomhréir leis an gcéad mhír d’Airteagal 266 CFAE;

–        aon chúiteamh a íoc leis an ngnóthas as caillteanais a bhain dó toisc nach bhfuil a chuid airgid ar fáil, de réir an dara mír d’Airteagal 266 CFAE, i gcomhar leis an dara mír d’Airteagal 340 CFAE;

–        aon saibhriú éagórach arna fháil ag institiúid an Aontais a shlánú, de réir Airteagal 90(4) de Rialachán Tarmligthe Uimh.1268/2012;

–        a luaithe a chinnfear na suimeanna sin, iad a aisíoc gan mhoill ionas nach mbeidh mainneachtain oibleagáidí ann faoin gcéad mhír d’Airteagal 266 CFAE.

78.      Déanfaidh mé measúnú ar an gcéad saincheist dlí i bhfianaise na mbreithnithe sin.

–       Measúnú ar an achomharc

79.      Is é is cuspóir le hús mainneachtana go spreagfaí an féichiúnaí le déanamh de réir bhreithiúnas Chúirteanna an Aontais go pras. I mí Feabhra 2019, rinne an Coimisiún de réir bhreithiúnas 2018 tríd an gcuid sin den fhíneáil a cuireadh ar neamhní a aisíoc. Fágann é sin gurb é an t‑aon ús mainneachtana a bhféadfadh an Coimisiún a bheith faoi dhliteanas é a íoc ná an t‑ús a bhaineann leis an tréimhse idir an dá dháta sin. Ó thaobh na Cúirte Ginearálta de, sa mhéid gur bhunaigh sí oibleagáid leis an mbreithiúnas faoi achomharc ús mainneachtana a íoc i leith tréimhse roimh dháta seachadta bhreithiúnas 2018, rinne sí earráid dlí. Tá an chonclúid sin gan dochar d’oibleagáid an Choimisiúin an prionsabal restitutio in integrum a chomhlíonadh, lena n‑áirítear oibleagáid suim a aisíoc a gcuirtear laghdú ar luach airgid san áireamh ann, (92) do theidlíocht Deutsche Telekom chun cúiteamh a lorg i leith aon díobháil a d’fhéadfadh a bheith déanta di mar thoradh ar bhailiú sealadach na fíneála (ceart a d’fheidhmigh sí) nó d’aon argóint a d’fhéadfaí a bhunú ar shaibhriú éagórach an Choimisiúin. Dá bhrí sin, molaim don Chúirt go bhfuil bunús maith leis an gcéad chuid den chéad saincheist dlí.

80.      A mhéid a bhaineann leis an argóint go bhfuil an breithiúnas atá faoi achomharc contrártha leis an gcásdlí a tugadh roimh an mbreithiúnas in Printeos, tugaim faoi deara go ndearnadh idirdhealú soiléir sa chásdlí luath idir ús mainneachtana agus ús cúiteach. Cuireadh tús tríd an mbreithiúnas in Corus le próiseas ar dá réir a úsáideadh an téarma ‘ús mainneachtana’ ar dtús le cur síos a dhéanamh ar rud éigin nár ús mainneachtana a bhí ann, sular fágadh a dhoiléire sin leis an mbreithiúnas in IPK International an t‑idirdhealú atá ann idir ús mainneachtana agus ús cúiteach go bhfuarthas réidh leis. D’fhéadfaí a rá chomh maith, mar a thugann an Coimisiún faoi deara, nach dtacaítear tríd an mbreithiúnas in Guardian Europe leis an argóint go gceanglaítear ar an gCoimisiún ús mainneachtana a íoc toisc gur íoc sé ús sa chás sin de réir Airteagal 90(4) de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012, rud nár cháin an Chúirt an Coimisiún as. Dá bhrí sin, molaim don Chúirt go bhfuil bunús maith leis an dara cuid den chéad saincheist dlí.

81.      Áitíonn an Coimisiún gur cheart scrúdú a dhéanamh leis an mbreithiúnas faoi achomharc ar an agóid arna déanamh ag Deutsche Telekom i gcoinne neamhdhleathacht Airteagal 90(4) de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012 ó bheartaítear leis an bhforáil sin cloí le himthosca an cháis seo. (93) Ní dhéantar difear le hAirteagal 90(4) de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012 do na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar an gCoimisiún leis an gcéad mhír d’Airteagal 266 CFAE ós rud é nach mbeartaítear an fhoráil sin chun an fhoráil sin den Chonradh a chomhlíonadh agus nárbh fhéidir leis, i ndáiríre, déanamh amhlaidh. Dá bhrí sin, molaim don Chúirt diúltú don tríú cuid den chéad saincheist dlí.

82.      Ar na cúiseanna a leagtar amach i míreanna 47 go 50 agus 69 go 74 den Tuairim seo, níl fáil na híocaíochta sealadaí ag an gCoimisiún ina shárú ar an dlí, cibé acu tromchúiseach go leor de chineál nó a mhalairt, a bhí inchinnte sular tugadh breithiúnas 2018. Dá bhrí sin, níor cuireadh é faoi dhliteanas ús mainneachtana a íoc le Deutsche Telekom i leith na tréimhse roimh an teagmhas sin. Ar an mbonn sin amháin, agus gan é a bheith riachtanach scrúdú a dhéanamh ar na hargóintí eile a chuir an Coimisiún ar aghaidh, molaim don Chúirt go bhfuil bunús maith leis an gceathrú cuid den chéad saincheist dlí.

83.      Éilítear leis an gcúigiú cuid den chéad saincheist dlí nach gceanglaítear ar an gCoimisiún ús mainneachtana a íoc ó dháta bailithe shealadaigh na fíneála mar gheall ar éifeachtaí ex tunc bhreithiúnas 2018. Faoi Airteagal 299 CFAE, is infhorfheidhmithe láithreach cinntí ón gCoimisiún oibleagáid airgeadais a fhorchur ar ghnóthais. Le héifeachtaí ex tunc bhreithiúnas 2018 lena laghdaítear méid na fíneála ar an gCoimisiún, ceanglaíodh an méid a aisíoc le Deutsche Telekom a cinneadh gur bhailigh an Coimisiún é go neamhdhleathach ó Deutsche Telekom. Agus an aisíocaíocht sin á déanamh aige, ceanglaíodh ar an gCoimisiún leis an gcéad mhír d’Airteagal 266 CFAE go gcuirfeadh sé san áireamh aon dímheas ar luach an airgid de dheasca caitheamh ama idir dáta an bhailithe shealadaigh agus dáta seachadta bhreithiúnas 2018. Ní raibh i gceist leis an oibleagáid sin oibleagáid ar an gCoimisiún ús mainneachtana a íoc le Deutsche Telekom arna ríomh ó dháta na híocaíochta sealadaí go dáta thabhairt bhreithiúnas 2018. Dá bhrí sin, molaim don Chúirt an cúigiú cuid den chéad saincheist dlí a cheadú.

84.      Tá sé bunaithe le cásdlí gur féidir leis an gCoimisiún bearta a ghlacadh chun a áirithiú go bhfuil éifeacht choisctheach ag na pionóis arna ngearradh aige as sáruithe ar dhlí iomaíochta an Aontais. (94) Níl tionchar inimeartha ag a leithéid de bheartas ar aon oibleagáid ar an gCoimisiún ús mainneachtana a íoc i gcás ina mainníonn sé i mbreithiúnas a chomhlíonadh go pras. Dá bhrí sin, molaim don Chúirt diúltú don séú cuid den chéad saincheist dlí.

85.      Molaim don Chúirt an chéad chuid, an dara cuid, an ceathrú cuid agus an cúigiú cuid den chéad saincheist dlí a cheadú agus an chuid eile den chéad saincheist dlí a dhíbhe.

 2.      Earráid dlí agus ráta an úis mainneachtana le híoc á shocrú

–       Argóintí na bpáirtithe

86.      Cuireann an Coimisiún ceithre argóint chun tosaigh mar thaca leis an dara saincheist dlí dá chuid ar dá réir a bhfuil an breithiúnas faoi achomharc ó bhail ag earráid dlí a mhéid a chuir an Chúirt Ghinearálta Airteagal 83(2)(b) de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012 i bhfeidhm de réir analaí nuair a rialaigh sí go bhfuil an t‑ús mainneachtana atá dlite le ríomh de réir ráta BCE arna chur i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, móide 3.5 pointe céatadáin.

87.      Ar an gcéad dul síos, rialaítear le hAirteagal 83(2)(b) de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012, íocaíocht úis mainneachtana ag féichiúnaithe i gcás ina bhfuil moill orthu íocaíocht a dhéanamh leis an gCoimisiún de bhun nóta dochair nach mór faisnéis áirithe a bheith ann. Faoi mar is dual d’ús mainneachtana, níl sé inghearrtha go dtí go bhfuil oibleagáid ann an phríomhshuim a íoc.

88.      Ar an dara dul síos, ba mhícheart an tagairt d’ús mainneachtana sa bhreithiúnas in Guardian Europe (95) ós ‘ús arna shaothrú’ a bhí i gceist leis an gcás sin, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 90 de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012, ar nós imeachta é a bhailíochtaigh an Chúirt.

89.      Ar an tríú dul síos, baintear míbhrí leis an mbreithiúnas faoi achomharc as an mbreithiúnas in Printeos, ar dá réir ar dheonaigh an Chúirt ús ar an ráta arna chur i bhfeidhm ag BCE maidir lena phríomhoibleagáidí athmhaoiniúcháin ar iarraidh, móide dhá phointe céatadáin. Níor dheonaigh ceachtar den Chúirt Ghinearálta ná den Chúirt Bhreithiúnais ús mainneachtana ar an ráta arna bhunú le hAirteagal 83(2)(b) de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012 ó dháta bailithe shealadaigh na fíneála.

90.      Ar an gceathrú dul síos, rinneadh earráid dlí le mír 135 den bhreithiúnas faoi achomharc trí chomparáid a dhéanamh idir an staid ina mbeadh Deutsche Telekom i gcás nár íoc sé an fhíneáil agus an staid ina raibh an Coimisiún i ndiaidh breithiúnas 2018 a thabhairt. Níl na cásanna sin inchomparáide lena chéile. Cé gur ceanglaíodh ar Deutsche Telekom fíneáil a íoc de réir chinneadh 2014, ar cinneadh é a measadh a bheith bailí go dtí gur cuireadh é ar neamhní go páirteach le breithiúnas 2018, ní raibh aon oibleagáid ar an gCoimisiún cuid den fhíneáil arna bailiú go sealadach a aisíoc sular tugadh an breithiúnas sin.

91.      I gcás ina ndiúltaíonn an Chúirt do na hargóintí sin, áitíonn an Coimisiún go bhfuil an t‑ús mainneachtana sin le ríomh de réir an ráta arna chur i bhfeidhm ag BCE maidir lena phríomhoibleagáidí athmhaoiniúcháin, móide 1.5 pointe céatadáin, de bhun Airteagal 83(4) de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012, rud a bhfuil feidhm aige i gcás ina dteipeann ar fhéichiúnaí i ráthaíocht bainc a chur ar fáil faoin spriocdháta ábhartha. Mar mhalairt air sin fós, iarrann an Coimisiún ar an gCúirt an ráta úis iomchuí a chinneadh, a bheidh le socrú faoi bhun an ráta úis mainneachtana, ós pionósach an ráta é.

92.      Áitíonn Deutsche Telekom gur cheart an dara saincheist dlí a dhíbhe a mhéid a shuitear leis an mbreithiúnas in Printeos go soiléir nach mór don Choimisiún ús mainneachtana a íoc de réir an ráta a chuirtear i bhfeidhm ar a phríomhoibleagáidí athmhaoiniúcháin, móide 3.5 pointe céatadáin, i gcomhréir le hAirteagal 83(2)(b) de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012. Ní raibh aon saoirse le haghaidh lánrogha ag an gCúirt Ghinearálta ar thabhairt an bhreithiúnais atá faoi achomharc. Tagraítear leis an mbreithiúnas in Guardian Europe ‘d’ús mainneachtana’ agus ní do ‘ús arna shaothrú’ agus Airteagal 90 de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012 á chur i bhfeidhm.

93.      Áitíonn Deutsche Telekom chomh maith nach féidir go bhfuil feidhm de réir analaí ag an ráta úis mainneachtana dá bhforáiltear le hAirteagal 83(4) de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012, ós rud é nach bhfuil teip i ráthaíocht bainc a sholáthar inchomparáide le dliteanas ús mainneachtana a íoc ar airgead arna íoc go míchuí. Is é an chúis leis sin ná go mbíonn costais shuntasacha lena mbaineann á dtabhú ag gnóthas a sholáthraíonn ráthaíocht bainc seachas an fhíneáil a íoc go sealadach, ar costais iad nach féidir a aisghabháil ón gCoimisiún, fiú i gcás ina gcuireann Cúirteanna an Aontais fíneáil ar neamhní nó ina ndéanann siad laghdú uirthi.

–       Measúnú

94.      Má cheadaíonn an Chúirt an chéad saincheist dlí, molaim nach mór a dhearbhú go bhfuil bunús maith leis an dara saincheist dlí chomh maith toisc nach féidir ús mainneachtana a chur i bhfeidhm sa chás seo ar na cúiseanna a leagtar amach i míreanna 47 go 50 agus 69 go 74 den Tuairim seo. In aon chás, bíodh is go bhforáiltear le hAirteagal 83(2)(b) de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012 do ráta úis mainneachtana, beartaítear é chun feidhm a bheith aige maidir le sraith imthosca nach bhfuil ann sa chás seo. Is léir ó Airteagal 83(1) de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 80(3)(b) agus (c) den Rialachán sin, nach bhfuil ús mainneachtana le híoc ach ar dhul in éag don teorainn ama arna socrú ag an gCoimisiún chun fiach a íoc. Ní féidir feidhm a bheith aige sin de réir analaí maidir le ríomh an úis ar mhéideanna atá dlite roimh bhreithiúnas ó Chúirteanna an Aontais lenar bunaíodh gurb ann d’fhiach agus méid an fhéich araon. Níl baint ag ráta an úis mainneachtana a leagtar amach in Airteagal 83(2)(b) de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012 maidir leis an ráta úis a d’fhéadfaí a ghearradh ar a leithéid de mhéid.

95.      Molaim don Chúirt an dara saincheist dlí a cheadú agus, dá bhrí sin, an breithiúnas faoi achomharc a chur ar ceal.

 IV. An chaingean os comhair na Cúirte Ginearálta

96.      I gcomhréir leis an dara habairt d’Airteagal 61(1) de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais, i gcás ina gcuirfear breith na Cúirte Ginearálta ar ceal, breithiúnas críochnaitheach a thabhairt ar an díospóid má cheadaíonn staid na n‑imeachtaí a leithéid.

97.      I bhfianaise na mbreithnithe a leagtar amach i míreanna 79 go 85 agus 94 agus 95 den Tuairim seo, molaim don Chúirt an t‑iarratas a dhíbhe atá sa bhreithiúnas faoi achomharc ar neamhniú an chinnidh atá faoi chonspóid agus ar dhamáistí a dheonú i bhfoirm ús mainneachtana ar mhéid na fíneála arna cur ar neamhní ina dhiaidh sin, arna ríomh ó dháta an bhailithe shealadaigh.

 V.      Costais

98.      Faoi Airteagal 184(2) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais, i gcás ina bhfuil bunús maith leis an achomharc agus go dtugann an Chúirt breithiúnas críochnaitheach sa chás, tabharfaidh an Chúirt breith i dtaobh na gcostas.

99.      De réir Airteagal 138(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte, atá infheidhme maidir le himeachtaí achomhairc de réir Airteagal 184(1) díobh, ordófar don pháirtí caillteach na costais a íoc, má iarrtar iad i bpléadálacha an pháirtí a n‑éireoidh leis.

100. I gcomhréir le hAirteagal 138(3) de na Rialacha Nós Imeachta, i gcás go n‑éiríonn le gach páirtí i roinnt de na cuntair achomhairc agus go dteipfidh orthu i roinnt eile, íocfaidh gach páirtí a chostais féin. Más dealraitheach údar maith a bheith leis de réir imthosca an cháis, áfach, féadfaidh an Chúirt a ordú go n‑íocfaidh páirtí amháin, chomh maith lena chostais féin, sciar de chostais an pháirtí eile.

101. Baineann na saincheisteanna arna dtarraingt ag an gCoimisiún san achomharc seo le roinnt caingne atá ar feitheamh os comhair na Cúirte Ginearálta (96) augs na Cúirte Breithiúnais (97) araon agus is dócha go mbeidh breithiúnas na Cúirte san achomharc seo cinntitheach ina leith. Is ámharach mar sin gur tháinig Deutsche Telekom chun bheith ina legitimus contradictor, ar cúram é a rinne a ionadaithe go maith. Sna himthosca sin, measaim go mbeadh sé díréireach iomlán na gcostas a thabhaítear a fhorchur ar ghnóthas aonair, i gcás a d’fhéadfadh gur de chineál tástála é faoi dheireadh. Ós casta gan gá na ceisteanna a tharraingítear le socrú sna himeachtaí coimhdeachta seo ag an dlí faoi mar atá sé, táim den tuairim go raibh réasúntacht in Deutsche Telekom le tús a chur le himeachtaí chun an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus sa Choimisiún achomharc a dhéanamh i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta chun an t‑iarratas os comhair na Cúirte a cheadú. Molaim dá réir sin go n‑ordóidh an Chúirt do gach páirtí a chostais féin a íoc sna himeachtaí go léir.

 VI.      Conclúid

102. I bhfianaise na mbarúlacha roimhe seo, molaim don Chúirt Bhreithiúnais:

(1) breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 19 Eanáir 2022, Deutsche Telekom v an Coimisiún (T‑610/19 EU:T:2022:15) a chur ar ceal;

(2) Cás T‑610/19, Deutsche Telekom v an Coimisiún a dhíbhe;

(3) a ordú do Deutsche Telekom AG agus don Choimisiún Eorpach a gcostais féin a íoc i gCás T‑610/19, Deutsche Telekom v an Coimisiún agus i gCás C‑221/22 P, an Coimisiún v Deutsche Telekom.


1      Bunteanga: an Béarla.


2      Filimín Failimín: ‘Nuair a bhainimse úsáid as focal, is ionann a bhrí agus an bhrí is mian liom thabhairt dó – gan dul os a chionn sin ná faoina bhun’; Eilís: ‘Is í an cheist atá ann, an féidir leat an oiread sin ciall éagsúla a thabhairt do na focail’: L. Carroll, Through the Looking-Glass and What Alice Found There, Oxford Companions, 1986. Oxford Companion to English Literature (5ú hEag.), Caib. VI., aistriúchán le N. Williams, Lastall den Scáthán agus a bhFuair Eilís ann roimpi, Cló Iar-Chonnacht, 2009.


3      IO 2012 L 362, lch. 1.


4      Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 90(4)(a) de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012 ‘nuair a bheidh na leigheasanna dlíthiúla uile ídithe agus i gcás inar cealaíodh nó inar laghdaíodh an fhíneáil nó an pionós eile […] aisíocfar leis an tríú páirtí lena mbaineann na méideanna arna mbailiú go míchuí mar aon leis an ús arna shaothrú. I gcásanna inar dhiúltach an toradh iomlán arna shaothrú le haghaidh na tréimhse ábhartha, aisíocfar luach ainmniúil na méideanna arna mbailiú go míchuí.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil]


5      Thug an Coimisiún faoi deara gur thug dlísheomra cúigear breithiúna an breithiúnas gan éisteacht ná Tuairim ó Abhcóide Ginearálta a bheith ann.


6      Breithiúnas an 22 Meitheamh 2023, Gmina Miasto Gdynia agus Port Lotniczy Gdynia-Kosakowo v an Coimisiún (C‑163/22 P, EU:C:2023:515, mír 77 agus an cásdlí dá dtagraítear).


7      Breithiúnas an 15 Iúil 2021, DK v SEGS (C‑851/19 P, EU:C:2021:607, mír 33 agus an cásdlí dá dtagraítear).


8      Breithiúnas an 4 Márta 2021, an Coimisiún v Fútbol Club Barcelona (C‑362/19 P, EU:C:2021:169, mír 47 agus an cásdlí dá dtagraítear). Déanann Deutsche Telekom an pointe céanna sin ina agóid i gcoinne inghlacthacht an dara cuid go dtí an séú cuid den chéad saincheist dlí.


9      Breithiúnas an 26 Feabhra 2020, SEGS v Alba Aguilera agus páirtithe eile (C‑427/18 P, EU:C:2020:109, mír 54 agus an cásdlí dá dtagraítear).


10      Breithiúnas an 27 Meán Fómhair 2012, Zuckerfabrik Jülich agus páirtithe eile (C‑113/10, C‑147/10 agus C‑234/10, EU:C:2012:591).


11      Breithiúnais an 5 Márta 2019, Eesti Pagar (C‑349/17, EU:C:2019:172) agus an 8 Meitheamh 1995, Siemens v an Coimisiún (T‑459/93, EU:T:1995:100).


12      Breithiúnas an 18 Eanáir 2017, Wortmann (C‑365/15, EU:C:2017:19).


13       Breithiúnas an 10 Deireadh Fómhair 2001, Corus UK v an Coimisiún (T‑171/99, EU:T:2001:249, ‘an breithiúnas in Corus’).


14      Breithiúnas an 5 Meán Fómhair 2019, an tAontas Eorpach v Guardian Europe agus Guardian Europe v an tAontas Eorpach (C‑447/17 P agus C‑479/17 P, EU:C:2019:672, ‘Breithiúnas na Cúirte in Guardian Europe’).


15      Breithiúnas an 12 Feabhra 2015, an Coimisiún v IPK International (C‑336/13 P, EU:C:2015:83, ‘an breithiúnas in IPK International’).


16      Breithiúnas an 27 Márta 2019, an Coimisiún v an Ghearmáin (C‑620/16, EU:C:2019:256, mír 85 agus an cásdlí dá dtagraítear).


17      IO 2012 L 298, lch. 1.


18      Féach, mar shampla, dlíthíocht Intel (breithiúnas an 12 Meitheamh 2014, Intel v an Coimisiún, T‑286/09, EU:T:2014:547; ar achomharc, breithiúnas an 6 Meán Fómhair 2017, Intel v an Coimisiún, C‑413/14 P, EU:C:2017:632; tar éis tharchur na Cúirte, breithiúnas an 26 Eanáir 2022, Intel Corporation v an Coimisiún, T‑286/09 RENV, EU:T:2022:19).


19      De réir an Choimisiúin, ba mhó an t‑ús mainneachtana iníoctha in Intel ná leathchuid de mhéid na fíneála tosaigh.


20      Féach breithiúnas an 26 Aibreán 1988, Asteris agus páirtithe eile v an Coimisiún (97/86, 99/86, 193/86 agus 215/86, EU:C:1988:199, mír 30).


21      Breithiúnas an 14 Meitheamh 2016, an Coimisiún v McBride agus páirtithe eile (C‑361/14 P, EU:C:2016:434, míreanna 52 agus 53).


22      Ceanglaítear ar insitiúid an íocaíocht nó an aisíocaíocht lena mbaineann a dhéanamh i gcás inarb é atá sa bheart neamhnithe ná diúltú méid airgid a íoc le duine éigin (mar shampla, fóirdheontas) nó i gcás inarb é atá ann ná oibleagáid a fhorchur ar dhuine éigin méid airgid a íoc (mar shampla, fíneáil, cáin nó muirear).


23      Breithiúnas an 10 Deireadh Fómhair 2001, Corus UK v an Coimisiún (T‑171/99, EU:T:2001:249, mír 50 agus an cásdlí dá dtagraítear).


24      I gcás ina bhfuil luach an airgid seasta agus nach gá méid sa bhreis a chur leis ar a aisíoc dá bhrí sin, d’fhéadfaí sealbhóir an airgid sin a shaibhriú go míchuí trí sheilbh na suime sin mar sin féin.


25      Breithiúnais 10 Meán Fómhair 2019, HTTS v an Chomhairle (C‑123/18 P, EU:C:2019:694, mír 32) agus an 28 Deireadh Fómhair 2021, Vialto Consulting v an Coimisiún (C‑650/19 P, EU:C:2021:879, mír 138 agus an cásdlí dá dtagraítear).


26      Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Mancini in Pauls Agriculture v an Chomhairle agus an Coimisiún (256/81, EU:C:1983:91, mír 8).


27      An Bheilg, an Bhulgáir, Éire (i gcúrsaí seachas fíneálacha iomaíochta), an Spáinn, an Fhrainc, an Ghréig, an Iodáil, an Ungáir, an Ísiltír, an Rómáin agus an Spáinn.


28      Is í an Ungáir an eisceacht, tír ina n‑íocann an riarachán a chóimhéid d’ús ar an tsuim arna híoc go míchuí gan beann ar aisíocaíocht a bheith déanta in am.


29      An Bheilg, an Spáinn, an Iodáil agus an Ostair (i réimsí eile seachas dlí na hiomaíochta).


30      Féach, chuige sin, breithiúnas an 15 Iúil 1960, Campolongo v an tArd-Údarás (27/59 agus 39/59, EU:C:1960:35, lch. 407).


31      Féach breithiúnas an 8 Meitheamh 1995, Siemens v an Coimisiún (T‑459/93, EU:T:1995:100, mír 101), inar chinn an Chúirt go n‑áirítear san oibleagáid cabhair neamh-chomhoiriúnach a aisghabháil ús cúiteach mar is comhionann leis an mbuntáiste airgeadais arna fháil ag gnóthas de bharr dho-fhaighteacht na gcistí, nár áiríodh ann ús mainneachtana, a bhí de thoradh ar an oibleagáid cabhair neamhdhleathach a aisíoc gan mhoill.


32      Féach, chuige sin, breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 1979, Dumortier agus páirtithe eile v an Chomhairle (64/76, 113/76, 167/78, 239/78, 27/79, 28/79 agus 45/79, EU:C:1979:223, mír 25) agus Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Mancini in Pauls Agriculture v an Chomhairle agus an Coimisiún (256/81, EU:C:1983:91, mír 8), rud ar cloíodh leis i mbreithiúnas an 18 Bealtaine 1983, Pauls Agriculture v an Chomhairle agus an Coimisiún (256/81, EU:C:1983:138, mír 17). Féach, chuige sin, breithiúnas an 26 Meitheamh 1990, Sofrimport v an Coimisiún (C‑152/88, EU:C:1990:259, mír 32).


33      Féach, chuige sin, breithiúnais an 15 Iúil 1960, Campolongo v an tArd-Údarás (27/59 agus 39/59, EU:C:1960:35, lch. 407), an 15 Meitheamh 2005, Tokai Carbon agus páirtithe eile v an Coimisiún (T‑71/03, T‑74/03, T‑87/03 agus T‑91/03, EU:T:2005:220, mír 414) agus an 8 Deireadh Fómhair 2008, SGL Carbon v an Coimisiún (T‑68/04, EU:T:2008:414, mír 152). Sna breithiúnais sin, dhiúltaigh an Chúirt Chéadchéime iarrachtaí na n‑iarratasóirí brath ar choincheap an úis chúitigh ar mhaithe le gearradh úis mainneachtana de dheasca íocaíocht dhéanach fíneálacha a chur faoi chonspóid.


34      Ina breithiúnas an 11 Márta 1999, British Steel v an Coimisiún (T‑151/94, EU:T:1999:52).


35      Breithiúnas an 10 Deireadh Fómhair 2001, Corus UK v an Coimisiún (T‑171/99, EU:T:2001:249, míreanna 16 go 18).


36      Ibid., míreanna 53 go 55.


37      Ibid., míreanna 60 go 62.


38      Ibid., mír 64. Shocraigh an Chúirt Chéadchéime an t‑ús ag an ráta 5.75 % in aghaidh na bliana, a fhreagraíonn don ráta úis arna chur i bhfeidhm ag BCE maidir le hoibríochtaí athmhaoiniúcháin caipitil, móide dhá phointe.


39      Breithiúnas an 10 Aibreán 2013, IPK International v an Coimisiún (T‑671/11, EU:T:2013:163, míreanna 3 agus 10). Chuir ús cúiteach i bhfeidhm ar an bpríomhshuim atá dlite ón dáta nach raibh na cistí ar fáil do IPK go dtí an dáta a d’íoc an Coimisiún an phríomhshuim le hús.


40      Ibid, míreanna 36 agus 37.


41      Ibid., mír 41. Maidir leis an tsaincheist sin, is cosúil go bhfuil breithiúnas na Cúirte Ginearálta ceart.


42      Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Bot in an Coimisiún v IPK International (C‑336/13 P, EU:C:2014:2170, míreanna 42 go 77).


43      Breithiúnas an 10 Deireadh Fómhair 2001, Corus UK v an Coimisiún (T‑171/99, EU:T:2001:249).


44       Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Bot in an Coimisiún v IPK International (C‑336/13 P, EU:C:2014:2170, mír 77).


45      Ibid.


46      Ibid., mír 78.


47      Ibid., mír 79.


48      Ibid., mír 90.


49      Breithiúnas an 12 Feabhra 2015, an Coimisiún v IPK International (C‑336/13 P, EU:C:2015:83).


50      Ibid., mír 30.


51      Ibid., mír 38. Luadh go foirmiúil sa bhreithiúnas atá faoi achomharc go raibh ar an gCoimisiún ús cúiteach a íoc ó dháta an bhreithiúnais neamhnithe go dtí an dáta aisíocaíochta, cé gur chuir sé ráta i bhfeidhm arb ionann é agus ús mainneachtana:       féach mír 61 den Tuairim seo.


52      Ar mhaithe le hiomláine, déarfainn chomh maith go mbeadh feidhm ag an méid sin maidir le caingean chun damáistí a ghnóthú. Bíodh nach mbeadh aon loighic ag baint le bunú oibleagáide ús mainneachtana a íoc sular chinn Cúirteanna an Aontais gurbh ann do dhochar, b’fhéidir gur réasúnta oibleagáid a fhorchur i gcás ina gcinntear a leithéid trí bhreithiúnas agus ina mainníonn ar institiúid an Aontais cúiteamh a íoc go pras ina dhiaidh sin.


53      Breithiúnas an 18 Eanáir 2017, Wortmann (C‑365/15, EU:C:2017:19, míreanna 14, 15 agus 35).


54      Ibid., mír 38.


55      Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Campos Sánchez-Bordona in Wortmann (C‑365/15, EU:C:2016:663, míreanna 71 agus 72).


56      Ibid, míreanna 59 agus 74.


57      Breithiúnas an 12 Samhain 2014, Guardian Industries agus Guardian Europe v an Coimisiún (C‑580/12 P, EU:C:2014:2363).


58      Breithiúnas an 7 Meitheamh 2017, Guardian Europe v an tAontas Eorpach (T‑673/15, EU:T:2017:377, míreanna 51, 54 agus 55).


59      Ibid, míreanna 64 agus 65.


60      Ibid., míreanna 168 go 172.


61      Breithiúnas an 5 Meán Fómhair 2019, an tAontas Eorpach v Guardian Europe agus Guardian Europe v an tAontas Eorpach (C‑447/17 P agus C‑479/17 P, EU:C:2019:672, mír 65).


62      Ibid., mír 57.


63      Féach breithiúnas an 7 Meitheamh 2017, Guardian Europe v an tAontas Eorpach (T‑673/15, EU:T:2017:377, míreanna 51, 54 agus 55).


64      Breithiúnas an 5 Meán Fómhair 2019, an tAontas Eorpach v Guardian Europe agus Guardian Europe v an tAontas Eorpach (C‑447/17 P agus C‑479/17 P, EU:C:2019:672, mír 149).


65      Breithiúnas an 12 Feabhra 2019, Printeos v an Coimisiún (T‑201/17, EU:T:2019:81, míreanna 1 agus 15).


66       De réir Airteagal 90(4) de Rialachán Tarmligthe Uimh.1268/2012.


67      Breithiúnas an 12 Feabhra 2019, Printeos v an Coimisiún (T‑201/17, EU:T:2019:81, míreanna 18, 23 agus 26). Le linn na tréimhse tagartha, ba é 0 % an ráta boilscithe i mBallstát bunaíochta Printeos (ibid., mír 44).


68      Ibid., míreanna 36 agus 37.


69      Ibid., mír 32.


70      Ibid, mír 53 et seq.


71      Breithiúnas an 12 Feabhra 2015, an Coimisiún v IPK International (C‑336/13 P, EU:C:2015:83) agus Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Bot in an Coimisiún v IPK International (C‑336/13 P, EU:C:2014:2170).


72      Breithiúnas an 12 Feabhra 2019, Printeos v an Coimisiún (T‑201/17, EU:T:2019:81, míreanna 33, 56 agus 67). Ba cheart a thabhairt faoi deara gur shocraigh Printeos an tréimhse thagartha sin.


73      Breithiúnas an 20 Eanáir 2021, an Coimisiún v Printeos (C‑301/19 P, EU:C:2021:39, mír 54).


74      Ibid., mír 55.


75      Ibid., mír 56.


76      Ibid, míreanna 68, 69 agus 104.


77      Ibid, míreanna 78 agus 79.


78      Breithiúnas an 19 Eanáir 2022, Deutsche Telekom v an Coimisiún (T‑610/19, EU:T:2022:15, míreanna 39 go 52).


79      Breithiúnas an 12 Feabhra 2015, an Coimisiún v IPK International (C‑336/13 P, EU:C:2015:83).


80       Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Bot in an Coimisiún v IPK International (C‑336/13 P, EU:C:2014:2170, mír 77).


81      Cano Gámiz, P., ‘The EC’s obligation to pay default interest following Printeos and Deutsche Telekom’, European Competition Law Review, 2022, Iml. 43(10), lgh. 480-484. T. Buytaert, ‘Obligation for EU Institutions to pay default interest on repaid fines: Cás C‑301/19 P Printeos’, Journal of European Competition Law & Practice, 2022, Iml. 13(5), lch. 353.


82      Banha Coelho, G., ‘Printeos: Obligation to pay default interest when repaying a fine after annulment’, Journal of European Competition Law & Practice, 2019, Iml. 10(9), lgh. 552-554.


83      Ibid. A dhála sin, de réir Miguet, tá nasc riachtanach idir íocaíocht úis mainneachtana agus moill an fhéichiúnaí a chuid fiacha a ghlanadh (féach Miguet, J. ‘Intérêts moratoires’, JurisClasseur Procédure civile, 2022, Fasc. 800-90). Tá a gcomhchineál de bharúlacha in van Casteren, A. ‘Article 215(2) EC and the Question of Interest’, in Heukels, T. agus McDonnell, A., The Action for Damages in Community Law, Kluwer Law International, 1997, lch. 207.


84      Breithiúnas an 20 Eanáir 2021, an Coimisiún v Printeos (C‑301/19 P, EU:C:2021:39, míreanna 84 agus 85).


85      Féach míreanna 60 go 63 den Tuairim seo.


86      Breithiúnas an 20 Eanáir 2021, an Coimisiún v Printeos (C‑301/19 P, EU:C:2021:39, mír 86).


87      Féach míreanna 47 go 50 agus 77 den Tuairim seo.


88      Breithiúnas an 28 Aibreán 2022, Gräfendorfer Geflügel- und Tiefkühlfeinkost Produktions agus páirtithe eile (C‑415/20, C‑419/20 agus C‑427/20, EU:C:2022:306, míreanna 51 agus 52).


89      Ní hannamh don Chúirt Ghinearálta a mheas go gcuirtear beart arna ghlacadh ag institiúidí an Aontais ó bhail toisc é a bheith neamhdhleathach agus don Chúirt a mhalairt de thátal a bhaint amach.


90      Is treise fós an argóint sin i gcás ina gcinneann an Chúirt Bhreithiúnais cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta, a d’fheadfadh fad suntasach a chur le himeachtaí.


91      Féach Airteagal 78 et seq. den Rialachán Airgeadais agus Airteagal 90 de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012.


92      Cé gur gnách don ráta boilscithe a bheith deimhneach, d’fhéadfadh sé a bheith nialasach uaireanta (amhail i gcás na tréimhse tagartha i mbreithiúnas an 20 Eanáir 2021, an Coimisiún v Printeos, C‑301/19 P, EU:C:2021:39) agus, go heisceachtúil, diúltach.


93      Féach mír 105 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.


94      Féach, chuige sin, breithiúnas an 7 Meitheamh 1983, Musique diffusion française agus páirtithe eile v an Coimisiún (100/80 go 103/80, EU:C:1983:158, mír 106).


95      Breithiúnas an 5 Meán Fómhair 2019, an tAontas Eorpach v Guardian Europe agus Guardian Europe v an tAontas Eorpach (C‑447/17 P agus C‑479/17 P, EU:C:2019:672, mír 56)


96      Tuigim go bhfuil ocht n‑iarratas ar a laghad maidir leis na saincheisteanna dlíthiúla céanna a thagann chun cinn san achomharc seo ar feitheamh os comhair na Cúirte Ginearálta.


97       Tuigim go bhfuil achomharc amháin ar a laghad maidir leis na saincheisteanna dlíthiúla céanna a thagann chun cinn san achomharc seo ar feitheamh os comhair na Cúirte Breithiúnais.