Language of document :

Caingean arna tabhairt an 12 Feabhra 2023 – Puma v EUIPO (puma acoustics)

(Cás T-69/24)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Puma SE (Herzogenaurach, an Ghearmáin) (ionadaithe: M. Schunke agus P. Trieb, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Puma Srl (Settimo Milanese, an Iodáil)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘puma acoustics’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 165 412

Nós imeachta os comhair EUIPO: imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bord Achomhairc de EUIPO an 1 Nollaig 2023 i gCás R 1400/2021-1

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO na costais a íoc, lena n-áirítear na costais arna dtabhú os comhair an Bhoird Achomhairc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________