Language of document :

Caingean arna tabhairt an 9 Feabhra 2024 – Banque postal v BCE

(Cás T-71/24)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: La Banque postale (Páras, an Fhrainc) (ionadaithe: A. Gosset-Grainville, M. Trabucchi agus C. Duriez, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Banc Ceannais Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

go gcuirfí ar neamhní Roinn 3 de Chinneadh BCE Uimh. ECB-SSM-2023-FRBPL-8 arna ghlacadh in éineacht lena Iarscríbhinní) an 30 Samhain 2023, a mhéid a fhorordaítear leis na bearta atá le glacadh maidir le gealltanais íocaíochta neamh-inchúlghairthe i ndáil le scéimeanna ráthaithe taisce nó le cistí réitigh;

a ordú don chosantóir iomlán na gcostas a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí arb ionann nó ar cosúil iad leis na saincheisteanna dlí arna n-agairt mar chuid de Chás T-186/22, BNP Paribas v BCE.

____________