Language of document :

Caingean arna tabhairt an 9 Feabhra 2024 – Société générale v BCE

(Cás T-70/24)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Société générale (Páras, an Fhrainc) (ionadaithe: A. Gosset-Grainville, M. Trabucchi agus C. Duriez, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Banc Ceannais Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

go gcuirfí Roinn 8 de Chinneadh BCE Uimh. ECB-SSM-2023-FRSOG-44 an 30 Samhain 2023 (arna ghlacadh in éineacht lena Iarscríbhinní) ar neamhní, a mhéid a fhorordaítear leis na bearta atá le glacadh maidir le gealltanais íocaíochta neamh-inchúlghairthe i ndáil leis na scéimeanna ráthaithe taiscí nó cistí réitigh;

a ordú don chosantóir na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí atá comhionann nó comhchosúil leo siúd a ardaíodh i gCás T-186/22, BNP Paribas v BCE.

____________