Language of document :

Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Naoú Dlísheomra) an 8 Aibreán 2024 (iarraidh ar réamhrialú ó Rayonen sad Lukovit, an Bhulgáir) – imeachtaí coiriúla i gcoinne IC

(Cás C-558/23, 1 Dramanova) 2

(Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 53(2) agus Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais – Do-ghlacthacht fhollasach – Freagra atá intuigthe go soiléir as an gcásdlí – Maoin intleachtúil – Gníomh lena ndéantar difear do chearta maoine intleachtúla – Pionóis choiriúla agus riaracháin – Prionsabal na dlíthiúlachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Rayonen sad Lukovit

Páirtithe

IC

Tríú páirtithe: Rayonna prokuratura Lovech, TO Lukovit

An chuid oibríochtúil

Is do-ghlactha go follasach an chéad cheist agus an dara ceist den iarraidh ar réamhrialú arna taisceadh ag Rayonen sad Lukovit (Cúirt Dúiche Lukovit, an Bhulgáir), trí chinneadh an 6 Meán Fómhair 2023.

Maidir le hAirteagal 49(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuirtear cosc le prionsabal na dlíthiúlachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear dó, i gcás trádmharc a úsáid i gcúrsa trádála gan toil dhílseánach cheart eisiach an trádmhairc sin, go bhfuil an t-aon iompar amháin in-aicmithe mar chion riaracháin agus mar chion coiriúil, gan critéir a chur san áireamh le cion riaracháin a dhealú ó chion coiriúil, ó chuirtear a gcomhionann d’fhocail ar a bhfuil ann agus cur síos á dhéanamh air sa dlí coiriúil agus sa dlí trádmharcanna.

____________

1 IO C, C/2023/644.

1 Úsáidtear ainm bréige sa chás seo nach bhfreagraíonn d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.